An fear sneachta

Dhéanfaí an bhreith an mhaidin dár gcionn ionas go bhfeicfí an mairfeadh an neach sneachta i gcaitheamh na hoíche.

Tháinig an fuacht arís, agus lean an sneachta.

Bhí áthas ar bhuachaillí is ar chailíní na sráide. Ní fhaca siad a leithéid riamh, nó ar a laghad le blianta. Eagla a bhí ar dhaoine críonna go dtitfeadh siad agus go mbrisfí cnámha leo, ach b’é ba mhian leis an óige sleamhnú ar an leac oighear agus liathróidí a chaitheamh lena chéile. Nó le haon duine a ghabhfadh an tslí.

‘Déanaimis fear sneachta,’ arsa Cormac, an duine ba spórtúla sa tsráid.

‘Ní hea,’ arsa Taidhgín Tréan, ‘déanadh gach duine fear sneachta. Bíodh comórtas againn. An duine is fearr a dhéanfaidh fear sneachta, beidh cead aige na cinn eile a leagadh.’

READ MORE

Maistín na sráide ba ea Taidhgín, b’é an rí é. Dhéantaí a thoil go pras.

Cuireadh iontas orthu nuair a dúirt Sorcha go dána: ‘Ní aontaím leis sin!’ Lean ciúnas ar feadh cúpla soicind. D’fhéach Taidhgín go géar uirthi, ag cur a shúile tríthi. ‘Is mian liomsa bean sneachta a dhéanamh!’

‘Is cuma liom fear nó bean fad is go mbeidh an comórtas againn,’ liúigh Taidhgín, ‘déanaimis é!’

‘Abraimis tógáil neach sneachta, mar sin,’ arsa Yusuf a bhí tagtha ón Meán Oirthear agus a thuig rud éigin mar gheall ar chothú na síochána. Ní raibh aon chleachtadh ar shneachta aige, ach chonaic sé na scannáin.

‘Cé a dhéanfaidh an bhreith?’ d’fhiafraigh Saidhbhín, a chonaic fadhbanna gach áit go fiú is muna raibh siad ann.

‘SeanMhaitias, gan amhras,’ arsa Eoinín, ‘bíonn sé le hais an dorais gach lá ag faire ar a bhfuil ar siúl.’ D’aontaíodar leis sin, mar bhaitsiléir aosta a bhí ann a raibh meas ag gach n-aon air.

Chromadar ag obair. Neacha sneachta aonair a bhí le bheith ann de réir na rialacha a cumadh ar an toirt, ní raibh cead dul i bpáirtíocht le chéile. Maidin iomlán a tugadh dóibh go dtí gur tháinig am lóin. Dhéanfaí an bhreith an mhaidin dár gcionn ionas go bhfeicfí an mairfeadh an neach sneachta i gcaitheamh na hoíche.

Níorbh aon dua do sheanMhaitias an ceann ab fhearr a roghnú. Bhí chomh soiléir leis an sneachta féin go raibh ceann Thaidhgín níos láidre, níos mó, níos gile, níos airde, níos raimhre, níos ealaíonta, níos dea-ghléasta ná aon neach sneachta eile.

‘Ach sciob sé an scairf óm cheannsa,’ arsa Saidhbhín, agus buile uirthi.

‘Liomsa an píopa,’ scairt Niall, a bhí ciúin go dtí sin.

‘Lem dhaid mór an cóta sin!’ d’éigh Cormac, ‘gadaí atá ann!’

‘Is lem mháthair na seoda sin atá ina shúile,’ ó Yusuf, a bhí nach mór ag gol.

Ach bhí an breitheamh, seanMhaitias, imithe faoi seo, a ghnó déanta aige.

Chuaigh Taidhgín Tréan timpeall ag plancadh is ag leagadh na neacha sneachta idir mhná agus fhir is cibé inscne eile a bhí nó nach raibh ann. Bhain sé an cloigeann díobh mar a dhéanfadh rí, agus chuaigh de chosa iontu mar a dhéanfadh rugarbugar. Fós féin, bhí sé róphostúil leis an ngnó a chríochnú go slachtmhar. Fágadh carnáin de shneachta sna baill ina raibh na dealbha tamall gairid roimhe sin.

D’imíodar leo go bristechroíach agus fágadh Taidhgín ina thiarna ar an sneachta, ina laoch na sráide gan freasúra.

Tháinig an ghrian agus d’imigh an fuacht. Leádh an sneachta agus déanadh locháin bheaga uisce de na carnáin bhána. Chuir sé iontas ar mhuintir an bhaile, áfach, óir níor chuaigh aon leá ar fhear sneachta Thaidhgín. Bhí sé fós ina sheasamh ansin chomh maorga fuar slán i lár an Mheithimh is a bhí i mí an Mhárta.

‘Cad é seo?’ d’fhiafraigh maithe na háite. ‘Cad is brí leis? Cén fáth nár leáigh sé?’

‘Tá’s agamsa,’ arsa Sorcha go gaoismhear, ‘má ghoid sé go leor uainne, is é a chroí féin a chuir sé ann.’

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar