Focail gan choinne

B’í Muire an fhadhb. An fhadhb ba mhó.

Bhí an tráth sin bliana tagtha i saol na scoile. An cheolchoirm, an dráma Nollag, na bronntanais bhliantúla ó na daltaí, is é sin, ó na tuismitheoirí. B’é ba mheasa ná gur leagadh cúram an dráma Nollag uirthi féin an t-am seo. Ba mhinice í ag plé leis na carúil, le cúram Aifreann na Nollag, le heagrú na searmanas. Ach ba dhúshlán nua é seo, agus cá bhfios ná go mbeadh sé suimiúil?

B’éigean di na daltaí a roghnú i dtosach. Scéal na Nollag ar stáitse ba bhun lena cuardach. Cúpla Seosamh aici, níorbh aon fhadhb iad. Buachaill ard a raibh teacht i láthair aige a bhí uaithi agus a bhí in ann cúpla focal a rá. Maidir leis na haoirí caorach, bhí go leor díobh sin aici chomh maith. Bhí caoire furasta le fáil.

Maidir leis an triúr rí anoir nó na saoithe, bhí sin éasca chomh maith. Bhí beirt anoir aici sa rang, duine ón Afganastáin agus duine eile ón Úcráin a dhéanfadh an cúram go binn. Ceart go leor, Eorpaigh ba ea na hÚcránaigh, ach níorbh eol do dhaoine an méid sin go dtí le déanaí. Ba chuma faoin tríú duine, bheadh sé feistithe agus clúdaithe go maith.

B’í Muire an fhadhb. An fhadhb ba mhó.

READ MORE

Rogha idir beirt a bhí ina hintinn aici. Duine amháin díobh, Amara, a bhí ina peata naoimh aici. Níor dhein sí aon rud riamh as bealach. Gean an gháire ar a béal i gcónaí. Thar aon rud eile, thar barr amach, ba theifeach í ón tSiria. Cá bhfios, b’fhéidir gur labhair sí Aramais, an teanga a bhí ag Íosa agus ag a mháthair? Nó sin a dúirt Google léi. Agus léireodh sé don scoil nárbh ionann Muire agus an crot a bhí uirthi sna dealbha a raibh cead fós acu a bheith ar dhorchlaí na scoile.

An duine eile, b’í Zara í. Iníon le polaiteoir agus fear saibhir. Dháil sé airgead ar an scoil. Thug síntiús mór don ghiomnáisiam nua, agus b’é a d’oscail. B’í mian an phríomhoide go mbeadh Zara ina Muire, agus cúis mhaith aici.

Tar éis mórán iomrascála ina hintinn, agus oícheanta gan chodladh, agus siúlóidí fada cois farraige, dhein sí an rogha. Is í Amara a bheadh ann. Thabharfadh sí páirt fhear an tí ósta do Zara. Tar éis an tsaoil, níor ghá gur fear a bheadh ann agus ba dhóichí gur bean a bheadh i mbun iostais agus bheith istigh ar aon nós. Cé go raibh pus ar Zara i dtosach, d’fhoghlaim sí a cuid línte go maith agus go héifeachtach.

Bhí slua breá ann oíche an dráma. Tuismitheoirí a bhformhór, ach cairde agus muintir an pharóiste chomh maith. An príomhoide breá sásta léi féin. An sagart paróiste ina shuí chun tosaigh bíodh gur bheag an tsuim a chuir sé sa scoil.

Athair agus máthair Zara in aice leis an sagart paróiste. Iad ag cogarnaíl le chéile go bog. Gáire ann is as agus idir eatarthu.

Bhí an stábla ar thaobh na láimhe clé den stáitse, bó agus caoire ansin chomh maith, ach dúradh leo gan bhogadh go dtiocfadh an t-am.

An teach ósta i lár an stáitse, beagán ar dheis. Slua taobh amuigh, daltaí nach bhféadfaí a chur i bpáirt ar bith eile.

Chnag Seosamh ar an doras. D’fhreagair Zara agus straois uirthi.

‘Mé féin agus mo bhean,’ ar seisean, ag comharthú Muire a raibh a ceann cromtha aici, ‘is amhlaidh go bhfuil bheith istigh na hoíche uainn. Tá sí trom le leanbh agus ní fada óna haimsir í.’

Leathnaigh an straois ar bhéal Zara.

‘Ó, nach iontach sin!’ ar sise, ‘tá fuílleach spáis againn, seomraí den scoth, oiriúnach do rí, agus tá míle fáilte romhaibh.’

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar