Dánfhocail: súil siar ar aigne na nGael

Saothar nua foilsithe ina bhfuil teacht ar shamplaí filíochta ó ré na mbard

Tá Dánfhocail: Irish Epigrams in Verse, in eagar ag Aidan Doyle agus Ken Ó Donnchú, ar fáil ó Chló Ollscoil Chorcaí.
Tá Dánfhocail: Irish Epigrams in Verse, in eagar ag Aidan Doyle agus Ken Ó Donnchú, ar fáil ó Chló Ollscoil Chorcaí.

‘Is dócha gur rud é atá le fáil i ngach cultúr agus i ngach traidisiún litríochta nó béil, píosa gearr comhairle nó gaoise de shaghas éigin - agus seachas é a bheith i bhfoirm an tseanfhocail mar a bhíonn go minic, é a bheith i bhfoirm véarsaíochta nó i bhfoirm filíochta.”

Sin a dúirt Ken Ó Donnchú agus é ag déanamh cur síos ar na rainn ceithre líne atá in Dánfhocail: Irish Epigrams in Verse, leagan úrnua de chnuasach iomráiteach Thomáis Uí Rathile (T.F. O’Rahilly) atá curtha i gcló le déanaí ag Cló Ollscoile Chorcaí.

Bhí an Rathileach (1882 – 1953) ar dhuine de ghlúin cheannródaíoch i scoláireacht na Gaeilge a raibh leithéidí Osborn Joseph Bergin, Kuno Meyer agus Eleanor Knott ina measc.

Foilsíodh an chéad eagrán den saothar uathúil seo in 1921, nuair a chuir Ó Rathile na céadta rann i gcló, iad in eagar de réir ábhair agus téama - ó chúrsaí grá, saibhris agus bochtaineachta go hóige, bás, cráifeacht, deoch agus oirchill, maille le mórán eile.

Leanann na rainn stíl an Dáin Dhírigh, modh filíochta Meánaoiseach a chleacht filí gairmiúla suas go dtí 1650, nó mar sin.

Mar a mhínigh Ó Donnchú do Thuarascáil, d’foilsigh an Rathileach a leabhar tar éis dó teacht ar na rainn agus iad scríofa ar imill seanlámhscríbhinní Gaeilge.

“Bhí an nós sin go láidir ag scríobhaithe na Gaeilge - dá mbeadh leathanach lámhscríofa os a gcomhair amach, níor mhaith leo go mbeadh aon chuid den leathanach bán,” a dúirt sé.

“Agus dá réir sin, nuair a bheadh deireadh le téacs amháin agus b’fhéidir spás fágtha ag bun an leathanaigh, dhéanfaí an spás sin a líonadh le rann filíochta.”

D’aistrigh Ó Donnchú, léachtóir i gColáiste na hOllscoile Corcaigh, agus a chomhghleacaí Aidan Doyle rogha rann ó bhunleagan Uí Rathile go Béarla don leagan nua den leabhar.

Chuireadar atheagar ar an rangú agus ar an leagan amach freisin, rud a thugann deis don léitheoir an dá leagan a fheiceáil taobh le taobh. “Bheartaíomar gurb é an rud ba chirte dúinn a dhéanamh ná tús áite a thabhairt do na dánfhocail iad féin, don fhilíocht féin,” a dúirt sé.

Míníonn Ó Donnchú go bhfuil dhá chineál dánfhocal ann: “Saghas amháin is ea rann aonair nó rann fánach nár bhain le haon dán eile riamh - b’fhéidir gur saghas rá coitianta ag na daoine ab ea é,” a dúirt sé. ”Agus an ceann eile ná rann a baineadh as dán a bhí i bhfad níos faide agus a úsáideadh chun an spás a líonadh.”

Eipeagraim

Ó Rathile féin a bhaist an focal ‘dánfhocail’ mar ainm ar na heipeagraim ar leith seo ar tháinig sé orthu sna lámhscríbhinní. “Ghlac sé féin an focal don chnuasach agus bhain sé leas as chun eipeagram a chur in iúl as Gaeilge.

“Is í an t-eipeagram an abairt ghearr ghonta sin a thugann comhairle nó gaois de shaghas éigin, ach déantar síneadh beag uirthi sa mhéid is go mbíonn ceithre líne i gceist, agus go dtagann an chomhairle nó buaic na filíochta sa cheathrú líne.”

Leanann na ceithre líne sin meadaracht an Dháin Dhírigh. Modh filíochta é an Dán Díreach a bhí ar an bpríomhfhoirm filíochta sa traidisiún Gaelach sa Mheánaois in Éirinn agus in Albain. Chleachtaí é de réir rialacha ar leith inar cuireadh béim ar mheadaracht, ar rím inmheánach, agus ar chomhfhuaim na bhfocal.

Mhair tréimhse na stíle ó thús na Meánaoise go dtí na blianta a lean Cath Chionn tSáile, nuair a cuireadh deireadh le ré na dtiarnaí Gaelacha. Mar sin, cumadh na dánfhocail atá sa leabhar thar thréimhse na céadta bliain, “agus cé nach féidir i gcónaí dáta cruinn a lua le píosa ceapadóireachta ón ré sin, de ghnáth, má bhíonn na rialacha á leanúint, tugann sé sin le fios gur bhain an píosa sin le ré áirithe,” a dúirt Ó Donnchú.

Ach téann cuid acu siar chomh fada leis an 12ú haois freisin: “Is cinnte go dtéann cuid acu siar go tús ré an Dáin Dhírigh - nó b’fhéidir tamaillín roimhe sin,” a dúirt Ó Donnchú.

“Tá sampla amháin ann, is píosa comhairle é a leagtar ar Fhionn mac Cumhaill, agus tá leagan níos sine de le fáil in Agallamh na Seanórach.”

Luaitear mór-fhilí na hÉireann le cuid de na rainn freisin - leithéidí Tadhg Dall Ó hUigínn, Gofraidh Fionn Ó Dálaigh, Dáibhí Ó Bruadair, agus Flaithrí Ó Maolchonaire. “Mar sin, clúdaítear an tír ar fad - na réigiúin éagsúla agus na canúintí éagsúla,” a dúirt Ó Donnchú.

Rud suntasach eile is ea an chaoi a ndéanann an Dán Díreach freastal ar na canúintí. “Bhí rialacha le leanúint maidir le comharda agus an maisiú, ach na foirmeacha éagsúla a bhí ceadaithe, is saghas scátháin iad sin ar na canúintí,” a dúirt Ó Donnchú.

Téamaí

Ní hamháin go dtugann na dánfhocail súil isteach ar ré eile, ré na nGael, roimh scrios Chath Chionn tSáile, ach tugtar súilfhéachaint freisin ar aigne na nGael agus a ndearcadh ar chúrsaí an tsaoil roimh thurnamh iomlán an tseanchórais.

Ag trácht ar dhá rannóg sa leabhar - An Fhéile agus an Spriúnlaitheacht agus An Bhochtaineacht agus an Saibhreas - dúirt Ó Donnchú gur thréith “thar a bheith coitianta i litríocht na Gaeilge tríd síos” é go moltar an fhéile agus an fhlaithiúlacht.

“Baintear leas as sin go han-mhinic chun taispeáint gur cheart don rí a bheith flaithiúil, ach nár cheart don duine a bheadh ag lorg rud éigin ar an rí dul thar fóir leis.”

“Tá sé sin go láidir i measc na nGael, is dóigh liom, agus tá an oiread samplaí anseo, agus an teachtaireacht bhunúsach atá taobh thiar díobh ná gan a bheith ag cuimhneamh ar an lá amárach, ach a bhfuil agat a thabhairt suas nó a roinnt le daoine eile.”

“An píosa a leanann ina dhiaidh sin - an Bhochtaineacht agus an Saibhreas - tá an saghas teachtaireachta céanna ann chomh maith: gan rudaí a chur i dtaisce ach iad a thabhairt agus a roinnt ar dhaoine eile.

“Tá sampla nó dhó spéisiúil faoi chúrsaí grá - nó níos cruinne, cúrsaí cleamhnais - agus moltar don duine gan a bheith ag cuimhneamh ar an spré agus ar an airgead a ghabhfadh lena bpáirtí nó lena gcéile, ach a bheith ag cuimhneamh ar thréithe an duine.”

Ó tharla nach mbíonn fáil ar shaíocht shaothar na bhfilí ó ré an Dáin Dhírigh ach i leabhair atá gann agus deacair le teacht orthu, d’fhiafraigh Tuarascáil de Ó Donnchú an gceapann sé go bhfuil cuid den oidhreacht á ceilt ar óige an lae inniu dá bharr.

“Is cinnte go bhféadfaí leas a bhaint as ábhar mar seo chun rudaí áirithe a mhúineadh,” a dúirt sé. “Ach chaithfí a bheith cúramach leis an roghnú chomh maith, mar, mar a deirim, tá cuid acu atá doiléir go maith.”

“Is comhairle iad, mar sin d’fhéadfaí iad a úsáid chun comhairle a chur ar dhaoine, nó chun an rud is comhairle ann a phlé, agus chomh maith leis sin chun an teanga a mhúineadh nó gnéithe de litríocht na Gaeilge a [phlé] trí mheán na litríochta.”

“Ach sin é an rud - ba cheart an t-ábhar seo a bheith ar fáil gan an oiread sin dua do dhaoine, agus nuair a phiocann tú suas é, nach mbeadh an oiread sin dua ort ag iarraidh é a thuiscint.”

Agus sin go díreach an sprioc atá bainte amach leis an leagan nua den leabhar iomráiteach seo.

Is féidir Dánfhocail: Irish Epigrams in Verse a fháil ó Chló Ollscoile Chorcaí corkuniversitypress.com

Foclóir: rainn - quatrains; rím - rhyme; meadaracht - metre; oirchill - treachery; turnamh - fall; cleamhnas - relationship by marriage; spré - dowry.

Éanna Ó Caollaí

Éanna Ó Caollaí

Iriseoir agus Eagarthóir Gaeilge An Irish Times. Éanna Ó Caollaí is Irish Language Editor at The Irish Times