Deiseanna nua don ollscolaíocht Ghaeilge

Tá deis mhór ag eagraíochtaí Stáit agus ag an earnáil ardoideachais aghaidh a thabhairt ar an nganntanas scileanna Gaeilge

Tá dualgas reachtúil ó chianaibh ar Ollscoil na Gaillimhe maidir leis an nGaeilge.
Tá dualgas reachtúil ó chianaibh ar Ollscoil na Gaillimhe maidir leis an nGaeilge.

Tá sé beartaithe ag an Aire um Breisoideachas agus Ardoideachas, Taighde, Nuálaíocht agus Eolaíocht James Lawless grúpa oibre trasearnálach a bhunú le breathnú ar ‘bealaí praiticiúla’ le gur féidir leis an earnáil ardoideachais freastal ar riachtanais scileanna sa Ghaeilge.

Mar fhreagra ar cheist pharlaiminteach ó Theachta Dála Shinn Féin Shónagh Ní Rathallaigh an 27 Samhain anuraidh, dúirt an tAire Lawless go dtabharfaidh an grúpa faoi staidéar ar aistriú daltaí ón dara leibhéal go dtí an tríú leibhéal, ar éileamh ar chúrsaí trí Ghaeilge, ar an ngá le cúrsaí trí Ghaeilge le freastal ar riachtanais scileanna, agus ar ról na Gaeilge sa straitéis tríú leibhéal nua.

Luíonn sé le réasún go mbeadh an grúpa oibre faoi stiúir na Rann Rialtais. Tá iliomad moltaí ó ghrúpaí neamhspleácha ar an tseilf le fada. Bheadh sé go maith freisin smaointe na Roinne a fheiscint in aon mholtaí agus iad le cur i bhfeidhm. Is trua áfach go bhfuil moill arís agus an bhéim ar an scrúdú seachas ar an ngníomhú. Tá taighde ar mhianta mac léinn agus féidearthachtaí foirne, mar shampla, molta le breis is ocht mí dhéag anois agus beidh sé go maith tabhairt faoi ar deireadh.

Luaigh an tAire go háirithe conas a d’fhreagrófaí na bearnaí scileanna agus earcaíochta a bheidh ag eascairt as an reachtaíocht maidir le riachtanais Ghaeilge sa tseirbhís phoiblí agus as an straitéis ina leith. Ach tá ceist agus comhthéacs níos leithne freisin maidir le creatlach na teanga mar atá agus, bunaithe air sin, infreastruchtúr an tsoláthair agus an múnla cuí ina leith siúd sa tríú leibhéal. Tá gá ní hamháin le freastal ar riachtanais an lae inniu ach ar fhoghlaim agus taighde sa teanga amach anseo.

Is soiléir go bhfuil dhá chlaonadh anois i dtaca le húsáid agus labhairt na Gaeilge. Tá borradh agus beocht sa scolaíocht agus i measc teaghlach agus an aosa óig lasmuigh den Ghaeltacht agus, ag an am céanna tá na Gaeltachtaí i mbaol agus faoi bhrú agus líon na gcainteoirí laethúla iontu ag dul i laghad.

De réir Dhaonáireamh 2022, bhí méadú 6 faoin gcéad go náisiúnta ar an líon daoine a dúirt go raibh siad in ann Gaeilge a labhairt i gcomparáid le 2016. Tháinig laghdú áfach ó 69 faoin gcéad in 2011 go 66 gcéad in 2022 ar an sciar daoine a bhí in ann Gaeilge a labhairt sna ceantair Ghaeltachta.

Ardaíonn sé sin ceist faoin suíomh ollscolaíochta is cuí don Ghaeilge. Tá dualgas reachtúil ó chianaibh ar Ollscoil na Gaillimhe maidir leis an nGaeilge (ba bheag nár dúnadh an ollscoil sna 1920idí ach coinníodh ar oscailt í mar go raibh an Ghaeilge le fáil inti) agus tá Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge lonnaithe inti, i nGaeltachtaí Chonamara agus Thír Chonaill, agus earcaíodh foireann acadúil shuntasach sa Ghaeilge i nGaillimh le déanaí. Ag an am céanna, tá obair fhuinniúil fhiúntach á déanamh in ollscoileanna eile, sa Ghalltacht, in DCU, i Má Nuad agus i gCorcaigh mar shampla.

Ó thaobh infheistíocht straitéiseach de, cad é an rud is fearr: ionad amháin le dlús teanga préamhaithe sa Ghaeltacht nó bláthú scaipthe ar fud na tíre agus an Ghaeilge ag fás?

Tá mé buíoch den Ollamh Ciarán Seoighe in Ollscoil na Gaillimhe as sampla fiúntach den dara straitéis a chur chun cinn. Is é sin Coleg Cymraeg, a thugann tacaíocht agus maoiniú do mhic léinn agus lucht foirne sa chóras oideachais sa Bhreatain Bheag leis an Bhreatnais a chur chun cinn. Síolú ar bhláthú scaipthe.

Leagan s’againne a bheadh i gceist ná ciste lárnach infheistíochta go gcuirfí éileamh air le haghaidh tograí teanga, macasamhail Taighde Éireann don teanga. Thacódh sé sin go mór leis an bhfuinneamh atá le feiscint i measc fhoirne agus mhic léinn ár n-ollscoileanna ar fud na tíre, sa Ghaeltacht agus sa Ghalltacht. Bheadh an maoiniú ar fáil dóibh siúd go bhfuil dúil iontu seachas dualgas orthu. Síolú ní hamháin scaipthe ach ar thalamh torthúil. D’fhéadfaí a rá freisin go mbeadh an infheistíocht ag leanúint na treochta gur lasmuigh den Ghaeltacht atá an fás.

Ach má tá bláthú le teacht, nach bhfuil tobar Gaeltachta de dhíth? Mar dhuine a tógadh i dteaghlach breá lánGhaelach i gCathair na Gaillimhe, tuigim agus braithim an difríocht idir comhluadar Gaeltachta agus Galltachta. Tá difríocht mhór idir bheith ag snámh sa teanga agus a bheith ar oileán mionlaigh. Agus céard faoin bpobal gur dúil leo agus dúchas acu a saol iomlán a chaitheamh tré Ghaeilge, ní sa seomra ranga amháin?

Múnla eile mar sin ná Ollscoil Thír na mBascach i mBilbao, áit a bhfuil an teagasc sa Bhascais, sa Spáinnis agus i mBéarla ach, mar chuid shuntasach de sin, tá 90 faoin gcéad de na cúrsaí ar fáil i dteanga na mBascach agus sin i gcomhthéacs teanga atá ‘faoi bhrú’. Más féidir a leithéid thall, cén fáth nach féidir anseo?

Sampla eile ar scála níos lú agus níos radacaí ar fad ná Ollscoileanna na Maorach in Aotearoa/An Nua-Shéalainn. Roinnt blianta ó shin, thug mé cuairt ar cheann acu, Te Wānanga o Raukawa in Otaki.

Bhunaigh Whatarangi Winiata, iar-Ollamh sa Chuntasaíocht agus bunaitheoir Pháirtí na Maorach, an ollscoil in 1981 tar éis dó teacht ar an tuairim nach raibh an ghnáth-ollscolaíocht ag freastal ar riachtanais na Maorach. Agus mé ar cuairt ann, iarradh air an mbíonn foireann na hollscoile ag foilsiú ábhair sna gnáth-irisí acadúla piarmheasúnaithe, rud a bheadh dodhéanta sa Mhaorais. D’fhreagair sé, fear a raibh céim dhochtúireachta ó Ollscoil Michigan aige, go bhfuil luachanna éagsúla ag córas ollscolaíochta na Maorach. Léirigh sé an teannas a bhaineann le rangú ollscoile idirnáisiúnta atá bunaithe ar thomhais leochaileacha ar nós foilseacháin in irisí idirnáisiúnta, líon na mac léinn agus líon na mball foirne idirnáisiúnta. Is rudaí iad sin, dar le Winiata, nach de chultúr na Maorach iad agus atá bunaithe ar chaighdeán nach maireann ó ghlúin go glúin. Is cinnte gur ollscoil iomlán éagsúil í ollscoil dá leithéid.

I bhfianaise na gcoincheap sin, tá rogha romhainn. Ollscolaíocht Ghaeilge a bheadh scaipthe go fairsing ar fud na tíre, agus an Béarla – nó ar a laghad an dátheangachas – fite fuaite inti. Agus/nó suíomh ar leith don ollscolaíocht Ghaeilge nó Ghaeltachta. Is rogha é an dara ceann sin a bheadh ar leas na Gaeilge féin freisin. Tá dúshlán mór roimh an teanga agus an borradh sa Ghalltacht agus an cúlú sa Ghaeltacht, ach cad chuige teanga gan tobar Gaeltachta? An é sin atá uainn?

Leis an infheistíocht chuí, is féidir an dá thrá a fhreastal: gréasán Gaeilge sna háiteacha a bhfuil fuinneamh don teanga ach ag tarraingt ar thobair Ghaeltachta. D’fhéadfaí na riachtanais scileanna don Ghaeilge sa tseirbhís phoiblí a shárú ar ‘bhealaí praiticiúla’, ar scála agus tacú leis na daoine – agus is ann dóibh – a bhfuil fuinneamh acu don teanga.

Athchraoladh agallamh le Mícheál Ó Súilleabháin le déanaí mar chuid den chuimhneachán ar bhunú Raidió Éireann. Bhunaigh an Súilleabhánach céim sa cheol traidisiúnta in Ollscoil Luimnigh a raibh cáil agus tarraingt uirthi go hidirnáisiúnta. Dúirt sé san agallamh gur rith sé leis ina shaol go bhfuil croí na heagraíochta Stáit, ollscoileanna agus an Chomhairle Ealaíon ina measc, san áit cheart maidir le ceol agus cultúr ach nach bhféadfadh aon cheann acu oibriú amach cad go díreach ab fhearr a dhéanamh.

Tá deis chroíúil le tapú anois sa dúshlán atá roimh eagraíochtaí Stáit agus roimh an earnáil ardoideachais freastal ar riachtanais scileanna sa Ghaeilge sa lá atá inniu ann agus sa lá a bhéas ann amárach.

Is iarUachtarán ar Ollscoil na Gaillimhe agus iarOllamh sa Chuntasaíocht in UCD é Ciarán Ó hÓgartaigh

FOCLÓIR: trasearnálach – cross-sectoral; riachtanais – requirements; aistriú – transition; mianta – desires; infheistíocht – investment; tuairim – opinion; teannas – tensión; piarmheasúnaithe – peer reviewed.