Beatha teanga í a phlé chomh maith lena foilsiú is lena léamh. Déantar leabhair agus litríocht a mheas ó bhéal go béal, is fíor, ach déantar an chabaireacht fúthu a chur ar phár ionas gur féidir tuilleadh machnaimh a dhéanamh orthu. Chuige sin, ba chuid luachmhar lárnach iad na hirisí agus na hirisleabhair litríochta riamh chun miosúr a raibh ar siúl amuigh ansin a thabhairt, d’fhonn díospóireacht a chothú agus ar son guth a thabhairt do scríbhneoirí ag teacht ar an bhfód agus scríbhneoirí seanbhunaithe nach raibh faoin bhfód fós.
Ní hiad na foilseacháin ar nós Fáinne an Lae ná An Claidheamh Soluis a dhein cion na gcéadta bliain i dtús na haoise seo caite, ná na tréimhseacháin rialta reatha ar nós Comhar (nó Feasta nó An tUltach sular maraíodh iad) atá i gceist agam, ach irisí nó irisleabhair a cuireadh ar fáil d’aon ghnó agus d’aon úim chun na litríochta a fhoilsiú is a phlé.
Bhí an t-ádh linn le leathchéad bliain anuas go raibh scata dá leithéid ar fáil, agus sa chás go gcríonfadh ceann amháin go dtiocfadh ceann eile ina áit. Cé gur fhoilsigh Breandán Mac Aodha dhá leabhar a bhfuil Cnuasach mar theideal orthu in 60idí na haoise seo caite, de réir mar is cuimhin liom ní raibh aon aistí critice ná léirmheastóireachta iontu .
D’athraigh sin go mór le foilsiú Scríobh, smaoineamh agus leanbh agus tionscnamh Sheáin Uí Mhórdha a bhí ina aon eagarthóir air nuair a cromadh ar a fhoilsiú sna 70idí. Bhí cuma agus déanamh leabhair air agus an slacht ba dhual don Chlóchomhar. Sé imleabhar ar fad a cuireadh ar fáil idir sin agus 1984. Bhí aistí agus plé iontu ó phríomhscríbhneoirí agus scoláirí na linne, agus ba mhinic freagra tomhaiste nó fíochmhar ar aiste seachas a cheile in eagrán na bliana dar gcionn. Bhí dánta agus scéalta ó lucht pinn, agus mura bhfuil breall orm b’in é an chéad uair gur tugadh aitheantas ceart do Sheán Mac Mathúna, nó an chéad uair gur bhlaiseas féin i gceart dá ealaín, fág go mb’fhéidir go raibh cáil air roimhe sin.
READ MORE
…foilsíodh gearrscéal le Pól Mac Úistín a bhfuil ‘Peig sa Chathair’ air in uimhir a trí den iris sa bhliain 2022, scéal ar bhaineas níos mó taitnimh, spraoi, grinn agus ardú meanman as ná scéal ar bith eile le fada.
Mar sholaoid ar sin, agus ní féidir ach an chuimilt chleite is éadroime a dhéanamh anseo, in Scríobh 4 a foilsíodh in 1979, tá dánta le Michael Davitt, Liam Ó Muirthile, Mícheál Ó Gaoithín agus Máirtín Ó Direáin, prós le Seán Ó Ríordáin, aistí ar litríocht an Bhlascaoid le Seán Ó Coileáin, ar Synge le Declan Kiberd, ar Ghearóid Iarla le Dáithí Ó hÓgáin, ar Mhícheál Mac Liammóir le Mícheál Ó hAodha, ar litríocht na Gaeilge san ardchathair le hEoghan Ó hAnluain, ar dhá scéal de chuid an Chadhnaigh le Máire Ní Annracháin, leagan Nua-Ghaeilge de sheanscéal a chóirigh Tomás de Bhaldraithe, sleachta as Corraghliocas na mBan Léirmhínithe a chuir Breandán Ó Conchúir in eagar, trácht ar Seanachas Amhlaoibh Í Luínse ag Donncha Ó Cróinín agus gearrscéal le Breandán Ó hEithir. Tá an leabhar ar fad tiomnaithe ‘In Ómós Do Dhónall Ó Corcora’ agus tá cúig cinn d’aistí ann ina thaobh, iad ar fad áititheach, spreagúil, inléite agus conspóideach. Ar éigean go bhféadfaí a rá go raibh Breandán Ó Buachalla, Seán Ó Tuama, Gearóid Ó Tuathaigh, Declan Kiberd agus Colbert Kearney, cúigear ollamh láncháile ar aon fhocal mar gheall ar ghné ar bith dá shaothar. Teist ar an gCorcorach, gan amhras, ach léiriú follasach ar an saibhreas a bhí ar fáil laistigh de chlúdaigh aon imleabhair amháin de Scríobh – mar a bhí iontu go léir.
Is dócha gurbh é Oghma 1989-98 a léiroidhre, bíodh nár ghá gurbh é sin a chuir na heagarthóirí, Seosamh Ó Murchú, Micheál Ó Cearúil agus Antain Mag Shamhráin rompu. Deich n-eagrán ar fad a foilsíodh. Cé gur scríbhneoireacht chruthaitheach agus aistí litríochta a phríomhchúram, nuair a léimid go bhfuil agallamh le Basil Chubb faoin daonlathas, aiste ag Matt Hussey ar chúrsaí núicléacha, agus plé ar Bhille Oideachais Thuaisceart Éireann le Risteard Mac Gabhann sa chéad eagrán is gearr go dtuigimid go bhfuil níos fairsinge ná sin, agus go mbeidh freastal ann, leis, ar “aistí ginearálta anailíse, taighde agus tuairimíochta”.
Is de shuimiúlacht nár déanadh aon fhreastal ar an bhfilíocht ann, toisc is dócha, go raibh an cúram sin á chomhlíonadh ag Innti.
Go hiomlán randamach neamhthuairimeach de réir mar a thagann siad aníos chugam ón urlár agus mé ag baint bloscadh as na leathanaigh ag gabháil tríothu, feicim Máirín Nic Eoin ar Dhónall Mac Amhlaigh, Kevin Whelan ar Chaitlín Ní Uallacháin, Tadhg Ó Dúshláine ar Cholm Breathnach mar Bhruce Springsteen, sleachta as An Dochtúir Áthas le Liam Mac Cóil, agallamh le Ciarán Carson, amhráin le Máire á bplé ag Lillis Ó Laoire, díolamaíocht filíochta idir chamána ag Gréagóir Ó Dúill, gearrscéal le hAngela Bourke, cinn eile le Dara Ó Conaola, Colm Ó Snodaigh, Siobhán Ní Fhoghlú, Deirdre Ní Ghrianna, Biddy Jenkinson, Seán Mac Mathúna, Micheál Ó Conghaile, Pádraic Breathnach (agus eile), píosa ag Muireann Ní Bhriain in 1991 dar teideal ‘Iarmhairt an Chogaidh i Murascaill na Peirse’ nár chuaigh as dáta fós, machnamh criticiúil ag Antain Mag Shamhráin ‘Ní Mise Robert Schumann’ ar ghnéithe den úrscéal Kinderszenen, fara aistriúcháin agus sleachta as úrscéalta agus scríbhneoireacht thrialach. Tuirse ort fós? Is dona liom an liostáil bhacach bhearnach seo ach is ag iarraidh an leathantais agus na fairsinge agus an chaitliceachais smaointe a bhí ann riamh a nochtadh atáim.
Den bhranar céanna é An Aimsir Óg a bhunaigh duine d’eagarthóirí Oghma, Micheál Ó Cearúil, agus bíodh a theist ar sin, go raibh breis agus trí scór údar i gceann den dá eagrán a foilsíodh sa bhliain 2000. Lán 428 leathanach a bhfuil nach mór a dhá oiread méid is airde is doimhne ann ná an gnáthleabhar ar an tseilf. Is cuma nó turas mágcuaird na nithe a bhfuil an dúspéis ag léitheoirí na Gaeilge iontu an t-eagrán céanna. Ní bhíonn gach tosnú lag! Dhein an cúram céanna den litríocht is a dhein Oghma ach ba dhóigh leat go raibh breis tuairimíochta ann ar chúrsaí reatha. Mar shampla, sa bhliain 2002, cuireadh eagrán faoi leith amach inar déanadh plé ceart tuisceanach ar Chonradh Nice a bhí le teacht agus ar diúltaíodh dó ina dhiaidh sin, nára maith dóibh.
An bhliain chéanna sin 2000 tháinig an chéad eagrán de Bliainiris ar an bhfód in eagar ag Ruairí Ó hUiginn agus ag Liam Mac Cóil. Má saolaíodh ag an am céanna leis An Aimsir Óg níorbh ionann iad, óir bíonn a ghuth féin ag gach iris agus gabhann pearsantacht agus suim na n-eagarthóirí go mór i bhfeidhm uirthi. Sa chéad eagrán fógraítear go bhfuil “scoláireacht agus cruthaitheacht ann” agus “idé-eolaíocht agus idéalachas, scéalaíocht, cuimhní cinn, filíocht agus critic”. Mar bhreis ar sin deir siad go bhfuil áthas orthu “go bhfuil ar chumas Bliainiris suntas faoi leith a thabhairt do chúrsaí ealaíne – ní hamháin ealaín an fhocail ach ealaín an cheoil agus na hamharclannaíochta chomh maith”. Dheineadar amhlaidh go binn brothallach dána go dtí le déanaí, agus níl aon amhras ná gurbh iad an t-ardán b’uileghabhálaí agus ba chuimsithí don uile shaghas scríbhneoireachta Gaeilge lenár linn.
Tá Aneas anois againn, iris de belles lettres na Gaeilge a fhoilsíonn Ionad Litríochta an Deiscirt atá lonnaithe i gcathair Chorcaí, cé go bhfuil uile-Éireannach, uilechanúnach, uile-oileánda féin, ina gabháil. Cé gur mó den fhilíocht a fhoilsítear ann, rud a thuigfí toisc gurb é an file Simon Ó Faoláin an t-eagarthóir, tugtar ionad ceart don léirmheastóireacht chriticiúil agus don ghearrscéal. Go deimhin deimhnitheach féin, foilsíodh gearrscéal le Pól Mac Úistín a bhfuil ‘Peig sa Chathair’ air in uimhir a trí den iris sa bhliain 2022, scéal ar bhaineas níos mó taitnimh, spraoi, grinn agus ardú meanman as ná scéal ar bith eile le fada. Níl ann ach go gcuirtear íomhá Pheig bhoicht bunoscionn, agus gné dá beatha á hinsint in aithris ealaíonta ar a cuid focal féin “nár innseas d’éinne féin, do Joe, ná do Bo, ná do Bhláithín féin”.
Tá seoda mar sin le fáil i ngach aon cheann de na hirisleabhair litríochta seo, agus ní bhfaighfear iad go ngabhann tú á lorg. Bíonn sé deacair teacht ar chóipeanna díobh seo i gcónaí, agus is annamh athchló á chur ar irisleabhair. Mar sin féin, má táid ar sheilf nó ar chúl an gharraí agat, gabh á gcuardach arís, nó coinnigh súil ar a bhfuil ar fáil sna siopaí leabhar athláimhe a bhfuil cleachtadh ag léitheoirí na gcolún seo orthu mar is léitheoirí agus lucht leanta leabhar iad.
Foclóir:
Cabaireacht = chin-wagging
tréimhseacháin = periodicals
dúspéis = great interest
uile-oileánda = all island
léirmheastóireacht = (act of) criticism
solaoid = example
annamh = rare
pearsantacht = personality
siopaí leabhar athláimhe = second hand bookshops











