Sheol Glór na nGael comórtas náisiúnta úr le gairid agus tá Bainisteoir Rannóg Pobal agus Fiontraíochta na hEagraíochta, Frainc Mac Cionnaith, ag súil go mbainfidh go leor daoine tairbhe as an gcur chuige úr a chuirfear i bhfeidhm.
Tá duaischiste de €83,000 luaite leis an chomórtas úr, Ardán 2026, a dhíríonn ar ghrúpaí pobail Gaeilge agus Gaeltachta, agus tagann sé i gcomharbacht ar chomórtas stairiúil Ghlór na nGael.
Leis an duaischiste, tá €20,000 don chéad áit agus €10,000 don dara háit san áireamh, chomh maith le duaiseanna in ocht gcatagóir agus deich nduais aitheantais speisialta.
Tógann Ardán 2026 ar an traidisiún atá ag Glór na nGael ó 1961 i leith saothar ghrúpaí pobail Gaeilge agus Gaeltachta a aithint agus a cheiliúradh.
READ MORE
Is é an t-athrú is suntasaí a thabharfaidh grúpaí pobail faoi deara ná go mbeidh an mholtóireacht agus an ócáid bhronnta ag tarlú ar an lá céanna agus san aon ionad céanna.
Dúirt Frainc Mac Cionnaith go bhfuil sé ag súil go mór leis an lá a mbronnfar na duaiseanna mar go mbeidh deis ag na heagraíochtaí atá i láthair ag an ócáid cluinstin faoin obair mhaith atá ar siúl ag eagraíochtaí eile ar fud na tíre agus, ina theannta sin, go mbeidh deis acu féin a bheith i lár stáitse.
Is mór an deis é, a dúirt sé, cluas a thabhairt do dhaoine atá ag feidhmiú ag ardleibhéal agus ag déanamh scoth na hoibre i saol na Gaeilge:“Beidh lá ar dóigh ann agus tríocha a dó duine ag caint ar na tionscadail is rathúla agus is forásaí sa tír.”
Tá foireann Ghlór na nGael ag súil go mór leis an gcur chuige úr seo agus ag súil go mbeidh go leor eagraíochtaí san iomaíocht le duais a bhaint amach.
Dúirt Frainc Mac Cionnaith go bhfuil foireann Ghlór na nGael spreagtha agus ag ar bís i dtaca leis an chomórtas nua:“Tá traidisiún fada ag Glór na nGael de bheith ag aithint dea-chleachtas agus ag bronnadh aitheantais ar ghrúpaí a shaothraíonn ar son na Gaeilge. Táimid ag súil go mór leis an chéad chaibidil eile i stair an traidisiúin sin.”
Déanann moltóirí Ghlór na nGael camchuairt ar eagraíochtaí gach bliain, agus dúirt Frainc Mac Cionnaith go bhfuil siad ag súil go mór leis an bpróiseas sin a oscailt amach le go mbainfidh pobal na Gaeilge leas as an méid atá le foghlaim ann.
“Cuirfidh sé seo clár leathan de chainteanna spéisiúla, sainiúla ar fáil don phobal agus d’earnáil dheonach na Gaeilge—cainteanna atá bunaithe ar thaithí phraiticiúil na ngrúpaí féin agus a léiríonn na cleachtais is fearr in Éirinn sna catagóirí pleanála teanga. Dar ndóigh, beidh mórócáid cheiliúrtha agus duaiseanna tarraingteacha againn, mar a bhíonn i gcónaí,” a dúirt sé.
Beidh Ardán 2026 ar siúl in Óstán Chonnacht, Gaillimh, ar an 19 Meán Fómhair 2026.

Gnólacht nua á seoladh chun beacha a mhealladh go hOileán Thoraí
Tá rún ag bean ar Oileán Thoraí go mbeidh drandán binn na mbeach le cloisteáil níos forleithne ar an oileán agus é ar intinn aici tabhairt faoi ghnó úr déanta meala.
Rugadh agus tógadh Saskia Lévy Rodgers sa Fhrainc, áit a ndearna sí staidéar ar antraipeolaíocht. Tháinig sí go hOileán Thoraí agus rún aici togra a dhéanamh ar logainmneacha na háite. Le linn a turais casadh fear uirthi ar an oileán agus tá cónaí uirthi ann anois le blianta fada agus triúr páistí acu.
Dúirt Saskia go bhfuil go leor oibre le déanamh sula mbeidh siad ábalta tabhairt faoin ghnó mar is ceart de dheasca easpa crann ar an oileán. Feictear di go mbeidh roinnt crann agus rosán le cur ar dtús sula gcuirfear tús leis an tionscadal. Níl mórán crann ar an oileán fá láthair agus beidh Saskia ag déanamh taighde ar an chineál cheart crann le cur ar an chéad dul síos.
Feictear di go bhfuil go leor féidearthachtaí ag baint lena leithéid de thionscadal ina measc siúd atá ag cuidiú le buanú agus caomhnú na mbeach.
Dúirt sí go mbeidh na beacha saor ó chuid mhaith seadán de bharr go mbeidh siad ag maireachtáil ar oileán amach ó thír mór. Beidh blás éagsúil ar an mhil chomh maith dar léi de bharr go mbeidh sé á déanamh ar oileán Thoraí.
Ina theannta sin, is cinnte go mbeidh níos mó bláthanna agus fás ar an oileán de bharr na beacha a bheith ag cur fúthu ann dar léi.

Scéim nua do thaibhealaíontóirí
Tá foireann Oireachtas na Gaeilge ag tabhairt faoi thionscnamh ceannródaíoch agus iad ag tabhairt deis do thaibhealaíontóirí tabhairt faoi scéim chónaitheach taobh amuigh den Ghaeltacht. Seo an chéad tionscnamh dá leithéid ariamh in Éirinn agus é dírithe, go sonrach, ar thaibhealaíontóirí Gaeilge atá lonnaithe taobh amuigh den Ghaeltacht dul chun cónaithe in ionaid éagsúla ar fud na tíre.
Táthar ag glacadh le hiarratais i láthair na huaire uathu seo ar mhian leo cur isteach ar an scéim úr ‘I Láthair.’ Cuirfear na hiarratasóirí a n-éireodh leo chun cónaithe in ionaid chultúrtha agus ealaíon réigiúnacha atá lonnaithe taobh amuigh den Ghaeltacht.
Tá an scéim dírithe ar thaibhealaíontóirí Gaeilge ar nós aisteoirí, drámadóirí, scéalaithe, amhránaithe agus iad siúd a bhíonn ag cleachtadh ealaíon béil.
Beidh deis ag na healaíontóirí nascadh le muintir na háite san áit a dtugann siad faoin chónaitheacht trí imeachtaí a éagrú, oíche airneáil, ceardlanna agus clár rannpháirtíochta. Tuigtear go gcuirfí seo go mór le forbairt oibre an ealaíontóra.
Mairfidh na cónaitheachtaí idir 6 agus 10 seachtaine agus beifear á reáchtáil ó mhí an Mheithimh 2026 go mí na Samhna 2027.
I measc na n-ionad a bheas rannpháirteach beidh An Civic, Tamhlacht, Amharclann an Táin, Dún Dealgan, An Carn, Carn Tóchair, Amharclann an Linen Hall, Caisleán an Bharraigh agus Ionad Ealaíona agus Cultúrtha, St John’s, Lios Tuathail.
Tá an togra á reáchtáil mar chuid de Phlean Gníomhaíochta Naisiúnta 2025-2028 an Oireachtais.
Is é an 1 Bealtaine an spriocdháta le haghaidh iarratas.













