Cúrsa Manainnise trí Ghaeilge ag Scoil Samhraidh Mhanann

Na Ceithre hAirde: Cúrsa Manainnise trí Ghaeilge; Seachtar ceaptha ar an gComhairle Stáit agus clár ETIM trí Ghaeilge do dhaltaí meánscoile

Reáchtálfar an scoil samhraidh (Scoill Souree) in Peel i mbliana. Grianghraf: iStock/Getty
Reáchtálfar an scoil samhraidh (Scoill Souree) in Peel i mbliana. Grianghraf: iStock/Getty

Beidh deis ar leith ag Gaeilgeoirí tabhairt faoi chúrsa Manainnise trí mheán na Gaeilge ag Scoill Souree Culture Vannin i mbliana. Bíonn an scoil samhraidh seo do dhaoine fásta ar siúl i Manainn gach bliain, agus is é seo an dara bliain as a chéile ina mbeidh cúrsa trí Ghaeilge mar chuid de.

Is í an Dr Natalie Nic Shim a bheidh ag tabhairt an chúrsa agus tá neart taithí aici mar aistritheoir Gaeilge agus Manainnise. D’aistrigh sí an leabhar mór le rá do pháistí, The Gruffalo, go Gaeilge Mhanann sa bhliain 2012.

Díreofar sa chúrsa seo ar an Mhanainnis labhartha agus ar na difríochtaí idir Gaeilge na hÉireann agus Gaeilge Mhanann. Beidh deis ann gach lá a bheith ag comhrá, cluichí a imirt, agus gníomhaíochtaí rólimeartha a dhéanamh ionas go mbeidh na rannpháirtithe in ann an Mhanainnis atá foghlamtha acu a chleachtadh agus a úsáid.

Costas £150 atá ar an gcúrsa, a bheidh ar siúl idir 28-31 Iúil 2026, agus san áireamh sa táille sin beidh ranganna gach lá, ábhar foghlama, agus sólaistí i rith an lae. Bronnfar teastas ar gach foghlaimeoir a chríochnaíonn an cúrsa. Is féidir d’áit a chur in áirithe ar learnmanx.com/summerschool.

Linda Ervine.  Grianghraf: Enda O'Dowd
Linda Ervine. Grianghraf: Enda O'Dowd

Seachtar ball ceaptha ar an gComhairle Stáit

D’ainmnigh Uachtarán na hÉireann, Catherine Connolly, an seachtar ball nuacheaptha den Chomhairle Stáit an tseachtain seo caite. Is iad sin Linda Ervine, Fionnuala Ní Aoláin, Colin Harvey, Kathleen Lynch, Donncha O’Connell, Conor O’Mahony agus Ciarán Ó hÓgartaigh.

Dar leis an Uachtarán í féin, tá “saineolas ar leith chomh maith le réimse taithí ag an seachtar ball seo, rud a chuirfidh go mór le hábhar a d’fhéadfadh teacht chun cinn le linn mo thréimhse oibre. Tá mé ag tnúth go mór lena gcomhairle agus a gcuid tacaíochta ar feadh na seacht mbliana amach romham.”

Faoi Airteagal 31 de Bhunreacht na hÉireann, is ar an gComhairle Stáit “cabhair agus comhairle a thabhairt don Uachtarán i dtaobh gach ní dá gcuirfidh an tUachtarán ina gcomhairle”. Cé gur ról deasghnách atá ag an Uachtarán Catherine Connolly den chuid is mó, bíonn cumhachtaí ar leith aici an tOireachtas a thionól, dul i gcomhairle le hoifigigh thofa agus billí a chur ar aghaidh faoi bhráid na Cúirte Uachtaraí má tá aon amhras uirthi faoina mbunreachtúlacht. Dá dtiocfadh ceist bhunreachtúil dá leithéid chun cinn, bheadh dualgas ar an Uachtarán dul i gcomhairle leis an gComhairle Stáit sula ndéanfaí bille a chur faoi bhráid na Cúirte Uachtaraí.

Tá ceathrar cainteoirí Gaeilge ceaptha ag an Uachtarán ar an gComhairle Stáit: Linda Ervine, duine de na gníomhaithe is mó a bhíonn ag cur chun cinn na Gaeilge i measc Phrotastúnaigh Bhéal Feirste; Ciarán Ó hÓgartaigh, Iar-Uachtarán Ollscoil na Gaillimhe; Fionnuala Ní Aoláin, saineolaí dlí idirnáisiúnta agus cearta daonna; agus Donncha O’Connell, Ollamh Bunaithe le Dlí in Ollscoil na Gaillimhe a chaith dhá thréimhse mar Choimisinéir ar an gCoimisiún um Athchóiriú an Dlí.

Thug daltaí ó Choláiste Mhuire an Spidéal, Coláiste Choilm An Tulach Mhór, Coláiste Ráithín, Bré, Scoil Chaitríona, Glas Naíon agus Manor House School, Ráth Éanna cuairt ionad spóirt uisce nua HQ20 i mBaile Átha Cliath.
Thug daltaí ó Choláiste Mhuire an Spidéal, Coláiste Choilm An Tulach Mhór, Coláiste Ráithín, Bré, Scoil Chaitríona, Glas Naíon agus Manor House School, Ráth Éanna cuairt ionad spóirt uisce nua HQ20 i mBaile Átha Cliath.

‘Treoraigh do Thodhchaí’: clár ETIM trí Ghaeilge do dhaltaí meánscoile

Seachtain “thar a bheith rathúil” de cheardlanna ETIM do dhaltaí iar-bhunscoile a bhí ar siúl i mBaile Átha Cliath ag deireadh na míosa seo caite. Tháinig daltaí idir 15 agus 17 mbliana d’aois le chéile an 23-27 Márta chun páirt ghníomhach a ghlacadh i gceardlanna dírithe ar cheisteanna móra i sochaí ár linne, agus phléigh siad cén dóigh le dul i ngleic leis na fadhbanna sin trí réitigh ETIM-bhunaithe.

Chomhoibriú idir ‘Academy of the Near Future’ (comhfhiontar de chuid Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath agus Coláiste na Tríonóide) agus Gaelbhratach, Gael Linn, a bhí i gceist leis an gclár Treoraigh do Thodhchaí.

Fuair na daltaí deis cuairt a thabhairt ar Google sa Monarcha, Muilte Boland, chomh maith le HQ20, ionad nua Cheantar Dugaí Bhaile Átha Cliath nach bhfuil oscailte don phobal go fóill.

Dúirt Grace D’Arcy, Bainisteoir Cláir Rannpháirtíochta ‘Academy of the Near Future’, go raibh lucht eagraithe an chláir ag súil go “dtabharfadh ár gclár ‘Treoraigh do Thodhchaí’ lionsa nua do dhaltaí le húsáid agus iad ag scrúdú na ndúshlán ina bpobail. Bhí rud éigin speisialta againn go cinnte, mar bhí na smaointe a mhol na daltaí an tseachtain seo thar a bheith nuálach agus difriúil ó aon smaoineamh eile a chuala muid trí na ceardlanna Béarla. Tá sé suimiúil an tionchar a bhíonn ag an teanga ar an gcaoi a dtéimid i ngleic le réiteach fadhbanna.”

Dúirt Edel Ní Bhraonáin, Bainisteoir Gaelbhratach: “Is é an aidhm atá againn ná taithí dhearfach i leith na Gaeilge a éascú do dhaltaí, agus iad a chumhachtú chun a gcuid Gaeilge a thabhairt leo pé áit a dtreoraíonn a gcuid fiosrachta iad. Ba mhaith linn a chinntiú nach bhfágtar a gcuid Gaeilge ag geataí na scoile agus iad ag dul amach sa saol, agus na deiseanna breise is féidir leis an teanga a thabhairt isteach ina saol a thaispeáint dóibh.”

Ag deireadh an chláir, chuir na daltaí a gcuid smaointe i láthair os comhair lucht féachana de shaineolaithe STEM, Gaeilge agus Oideachais. Fuair na daltaí aiseolas ar a gcuid réiteach chun inbhuanaitheacht agus teicneolaíocht a úsáid chun todhchaí níos fearr a thógáil.