Ar mhaith leat snas a chur ar do chuid scileanna DJ? Beidh cúrsa ar leith á reáchtáil ag Raidió Fáilte sna seachtainí amach romhainn faoi stiúir DJ Feirsteach mór le rá Cairbre Ó Cairealláin. Is go hiomlán trí mheán na Gaeilge a bheidh na ceithre sheisiún idirghníomhacha ar siúl agus foghlaimeoidh daoine bunscileanna na ceirde i dtimpeallacht spreagúil agus tacúil.
Cuirfear tús leis an chúrsa in Áras Raidió Fáilte an deireadh seachtaine seo, 28 & 29 Márta, agus leanfaidh sé ar aghaidh an deireadh seachtaine seo chugainn fosta 4 & 5 Aibreán. Beidh na ceardlanna ar siúl idir 11am-3pm gach lá.
Dúirt Pól Ó Néill, Oifigeach Traenála agus Léiriúcháin Raidió Fáilte, go síleann sé “gur áit dhochreidte é Béal Feirste don cheol agus d’imeachtaí Gaeilge agus tá an dá rud sin ag teacht le chéile níos mó agus níos minice.
“Mhothaigh muid go mbeadh sé iontach deas an oiliúint sin a thabhairt do dhaoine ina dteanga féin le go mbeadh siad ábalta a bheith páirteach go gníomhach sna himeachtaí. Is dócha go bhfeiceann muid go bhfuil ráchairt ann agus tá muid ag iarraidh na hacmhainní agus na háiseanna atá againn a úsáid leis sin a spreagadh.”
READ MORE
Eagrófar cóisir bheag ag deireadh an chúrsa le deis a thabhairt do gach duine a gcuid scileanna nua a chur ar taispeáint agus craic a bheith acu leis na cairde nua atá déanta acu!
Má tá suim agatsa páirt a ghlacadh sna ceardlanna nó má tá tuilleadh eolais uait, is féidir teagmháil a dhéanamh le Pól ag traenail@raidiofailte.com. Tá Áras Raidió Fáilte lonnaithe ar Shráid Dhubhaise, Cathair Bhéal Feirste.
Grúpaí Queercal Comhrá ag bláthú fud fad na tíre

Tá borradh nach beag tagtha ar imeachtaí LADTA+ ar fud na hÉireann thar na blianta agus ar imeachtaí Gaeilge taobh istigh den phobal sin ach go háirithe. Is é Don Ó Donnacháin a bhunaigh an ‘Queercal Comhrá’ sa bhliain 2018 agus é mar sprioc aige spás sábháilte a chruthú do Ghaeil aeracha san ardchathair. D’fhás an líonra go mór mór le linn COVID nuair a tugadh deis do dhaoine fud fad na cruinne bualadh isteach sa chomhrá ar Zoom agus níl stop ar bith leis an ghrúpa ó shin. Anois, 8 mbliana ar aghaidh, tá grúpaí Queercal Comhrá i ngach cearn den tír agus thar lear fosta – ó Bhaile Átha Cliath go Béal Feirste agus ó Chontae Lú go Londain.
Dúirt Eoin McEvoy, duine a bhfuil dlúthcheangal aige leis an ghrúpa ó bhí 2020 ann, go bhfeidhmíonn siad “chun go mbeadh spás ar fáil le haghaidh daoine LADTA+ bualadh isteach agus a gcuid Gaeilge a chleachtadh i suíomh a bheadh compordach dóibh i measc daoine eile a thuigfeadh iad. Uaireanta, nuair a bhíonn foghlaimeoir ag filleadh ar an nGaeilge nó ag tosú ar an nGaeilge bíonn faitíos orthu a bheith sáite i ngnáthspás.”
Dúirt sé fosta go dtugann an grúpa deis do dhaoine a bheith “ag caint ar a ngnáthshaol gan a bheith buartha. Bíonn sé taitneamhach go mbíonn daoine ag caint ar a saol féin freisin, ní ag caint ar ghramadach na Gaeilge amháin.”
Is féidir teacht ar an Queercal Comhrá is cóngaraí duitse ar na meáin shóisialta. Beidh Queercal Comhrá Bhaile Átha Cliath páirteach i dtráth na gceist leis na Gaeil Aeracha an Déardaoin seo ag 7pm in Street66, bí ann!

Geansaithe galánta a sheasfaidh an aimsir ó Myrne Collective
Is branda bríomhar neamhspleách é Myrne Collective atá lonnaithe in Iúr Cinn Trá i gContae an Dúin. Díríonn siad ar sheangheansaithe traidisiúnta Árann, a bhfuil stair agus siombalachas fite fuaite sna patrúin orthu, agus tugann siad saol agus beocht úr dóibh ar bhealach lán de phearsantacht.
Oibríonn siad le méid teoranta éadaí athláimhe ag aon am amháin le hinbhuanaitheacht a chinntiú agus le ham a thabhairt dóibh gach geansaí a bhróidniú de láimh. Mar sin, bíonn ort súil ghéar a choinneáil ar an suíomh más maith leat do gheansaí féin a cheannach!
Roinneann Myrne Collective an t-eolas is déanaí ar a leathanach Instagram @myrnecollective, nó is féidir do phíosa féin a fháil ag myrnecollective.com.

Spotsolas ar Ealaíontóir Éireannach – Dolores Keane
Cuireadh scamall bróin ar mhuintir na hÉireann an tseachtain seo caite nuair a bhris an scéal go raibh an t-amhránaí aitheanta Dolores Keane imithe ar shlí na fírinne. Bhí sí 72 bliain d’aois.
Bhí an-ráchairt ar cheol Dolores Keane i gcaitheamh na mblianta mar chuid de na grúpaí ceoil Dé Danann agus Planxty. Ag tús na nóchaidí, bhí sí ar dhuine de na mná a d’eisigh A Woman’s Heart, albam a thug misneach agus spreagadh do mhná na tíre seo agus atá fós ar an albam is mó díol i stair na hÉireann níos mó ná tríocha bliain níos moille. Bronnadh Gradaim Saoil uirthi ag Gradam Ceoil TG4 sa bhliain 2022.
Ar dheis Dé go raibh a hanam dílis.













