Tá brú ag teacht ar an Aire Comhshaoil Darragh O’Brien seasamh le bainteoirí traidisiúnta feamainne i gcomhthéacs na n-iarratas atá déanta ar fheamainn a bhaint ar scála tionsclaíoch in iarthar na tíre.
Tá sraith iarratas déanta ag an gcomhlacht próiseála feamainne Arramara Teoranta ar chead a fháil feamainn a bhaint i gCuan Chasla, Cuan Chill Chiaráin, Ceann Mhása agus Cuan na Beirtrí Buí i gContae na Gaillimhe.
Tá iarratas eile déanta ar fheamainn a bhaint ó chladach idirthaoideach i gConamara ach níor tugadh le fios cén ceantar a bhí i gceist go díreach leis an iarratas sin.
Tá imní ann go gcuirfidh na pleananna seo leis an gcreimeadh cósta agus go bhfágfaidh siad nach mbeidh feirmeoirí in ann feamainn a bhaint lena húsáid mar leasú talún.
READ MORE
Is tábhachtach an ról atá ag an bhfeamainn san éiceachóras muirí agus cuireann sé go mór le forbairt iasclann, gliomach agus leapacha oisrí.
Tugadh le fios Déardaoin seo caite gur baineadh siar sraith mhór iarratas a rinne Arramara Teoranta ar fheamainn a bhaint ó cheantair éagsúla ar chósta Mhaigh Eo.
Tá Arramara Teoranta faoi úinéireacht Acadian Seaplants, comhlacht mór idirnáisiúnta as Ceanada.
De réir tuairisce ag an deireadh seachtaine dúradh nach bhfuil an comhlacht, a bhfuil 20 duine ag obair ina ionad i gCill Chiaráin, in ann brabús a dhéanamh bunaithe ar an méid feamainne atá á meilt agus á próiseáil ann faoi láthair.
Tuairiscíodh an tseachtain seo caite freisin gur dheimhnigh Arramara gur in 2014 a rinne siad an t-iarratas a bhain le Maigh Eo, tamall gairid sular cheannaigh Acadian Seaplants an comhlacht.
Cé go raibh an t-iarratas seo le feiceáil ar shuíomh gréasáin an Údaráis Rialála Limistéir Mhuirí (MARA) an tseachtain seo caite, dar leis an gcomhlacht gur cuireadh ar ceal é in 2015 de bharr gur chuir an rialtas an próiseas ceadúnais ar fionraí le deimhniú a fháil ón Ard-Aighne faoi cheisteanna dleathacha.
Deir Arramara gur chuir siad iarratas isteach a bhain le cúig láthair i gConamara i mí Dheireadh Fómhair 2024, os cionn bliain tar éis do MARA teacht ar an bhfód i mí Iúil 2023.
D’éirigh le hachainí ar an suíomh Uplift os cionn 15,450 síniú a mhealladh i gcoinne iarratas Arramara agus chuir eagarthóirí na hachainí fáilte roimh an bhfógra gur baineadh siar an t-iarratas a rinne an comhlacht i gContae Mhaigh Eo.
Mar sin féin, léirigh lucht na hachainí go raibh imní orthu faoin iarratas i gConamara agus thug siad le fios go bhfuil iarratas déanta ag comhlacht eile, BioAtlantis Ltd, ar fheamainn a bhaint i gCuan Mó i gContae Mhaigh Eo agus i mBá Neidíneach, atá suite idir Contae Chiarraí agus Contae Chorcaigh.
Ag labhairt di le Scéal, dúirt Majella Uí Ghallachóbhair, atá ina cathaoirleach ar Chomhlacht Forbartha Áitiúil Acla, go raibh faitíos ar mhuintir na háite faoi na hiarratais seo.
Dúirt sí, “Is ceantar cósta muid agus ag dul siar na blianta, bhain daoine feamainn ó na cladaí agus bhain siad úsáid as chun leasú talún a chur ar a gcuid feirmeacha.”
“Tá daoine á dhéanamh go fóill, ag gearradh feamainne, agus ba mhór an náire é dá ligfí do chomhlacht ollmhór teacht isteach agus seasamh ar chearta na ndaoine a bhí ansin le blianta.
“Chuaigh an píosa feamainne sin leis an ngabháltas a bhí ag daoine go stairiúil. Bhí gabháltais ag na clanna a bhí ina gcónaí sa cheantar ag dul siar trí na blianta.
“Tá sé cosúil le gabháltas portaigh chomh maith, an rud céanna é. Ní rachadh aon duine isteach ag gearradh móna ar do chuid píosa talún agus níor chóir go mbeadh cead ag comhlacht teacht isteach leis an rud céanna a dhéanamh thíos ar an gcladach.”
Dúirt Uí Ghallachóbhair freisin go raibh easpa cumarsáide ann ón gcomhlacht, rud a chuir tuilleadh imní ar mhuintir Acla.
“Níor chuala mé gur eagraigh siad aon chruinniú ag iarraidh labhairt le húinéirí na talún sin. Ní raibh aon chruinniú poiblí anseo.”
Labhair an Teachta Dála Paul Lawless ó Aontú le Scéal freisin agus dúirt sé go raibh feamainn cois cladaigh ag teastáil chun an cósta a chosaint ar chreimeadh.
Luaigh sé freisin gur gné lárnach den oidhreacht áitiúil é go mbeadh feirmeoirí ag baint feamainne le húsáid mar leasú talún.
Dúirt sé, “Tá imní ar an-chuid feirmeoirí agus daoine áitiúla mar bhí feamainn á baint acu i gcaoi thar a bheith inmharthana ar feadh na nglúnta, agus tá imní orthu go ndéanfar díláithriú orthu”.
“D’iarr mise ar Arramara cruinniú a eagrú le freagraí a fháil. I ndáiríre táimid ag iarraidh go ndéanfar é seo i gcaoi atá sofheicthe agus poiblí.”
D’iarr an Teachta Lawless freisin ar an Aire O’Brien teacht go Maigh Eo agus Gaillimh le casadh le muintir na n-áiteanna sin a bhfuil imní orthu.
Rinneadh iarracht teagmháil a dhéanamh leis an Aire O’Brien ach tugadh le fios nach raibh sé ar fáil.













