Scéalta na Laochra

Tá sraith nua de Laochra Gael á craoladh ar TG4 i láthair na huaire

Conor McManus as Muineachán ag ceiliúradh ag an bhfeadóg dheiridh le Sean Jones tar éis bua a fháil ar Ard Mhacha i gCraobhchomórtas Peile na hÉireann 2023, Cluiche Ceathairsraithe i bPáirc an Chrócaigh.
Conor McManus as Muineachán ag ceiliúradh ag an bhfeadóg dheiridh le Sean Jones tar éis bua a fháil ar Ard Mhacha i gCraobhchomórtas Peile na hÉireann 2023, Cluiche Ceathairsraithe i bPáirc an Chrócaigh.

Tá sé 24 bliana ó a cuireadh tús le Laochra Gael, an clár faisnéise spóirt a chraoltar ar TG4 agus ina n-insítear scéalta laochra na gCluichí Gaelacha. Ó thosaigh an clár, tá sé mar chuid lárnach de sholáthar TG4. Thosaigh sé ar an 28 Bealtaine 2001 leis an gcéad eipeasóid faoi Ger Loughnane, príomhchúntóir agus bainisteoir a d’éascaigh glúin rathúil iománaíochta i gContae an Chláir. Ó shin i leith, tá níos mó ná 190 eipeasóid léirithe mar chuid den tsraith agus an craoladh fós ag dul ó neart go neart.

Tá Laochra Gael bunaithe ar struchtúr simplí ach thar a bheith éifeachtach: eipeasóid dírithe ar phearsa amháin, ag baint leas as agallaimh leis an imreoir é nó í féin, imreoirí, iriseoirí, tráchtairí agus fiú gaolta an imreora. Níl aon insint ar an tairbhe a bhaintear as ábhar cartlainne spóirt a bhíonn fite fuaite trí na cláracha chomh maith le gaiscí agus na cluichí is mó a bhaineann leis an laoch atá faoi chaibidil sa chlár.

Deiseal  ón taobh clé, Grace Walsh as Cill Chainnigh, Marty Clarke as an Dún, Louise Ní Mhuircheartaigh as Ciarraí, Cyril Farrell as Gaillimh, Neil McManus as Aontroim, Kevin McManamon as Baile Átha Cliath agus Pádraig Horan as Uíbh Fhailí ag seoladh shraith chlúiteach Laochra Gael TG4 i mBaile Átha Cliath le gairid. Grianghraf: Tyler Miller/Sportsfile
Deiseal ón taobh clé, Grace Walsh as Cill Chainnigh, Marty Clarke as an Dún, Louise Ní Mhuircheartaigh as Ciarraí, Cyril Farrell as Gaillimh, Neil McManus as Aontroim, Kevin McManamon as Baile Átha Cliath agus Pádraig Horan as Uíbh Fhailí ag seoladh shraith chlúiteach Laochra Gael TG4 i mBaile Átha Cliath le gairid. Grianghraf: Tyler Miller/Sportsfile

Ba é Conor McManus, iar-imreoir le Muineachán, a bhí sa chéad chlár den séasúr nua coicís ó shin. Fear a d’aimsíodh scóranna móra agus é faoi bhrú, scóranna dochreidte, ach fear a d’fhulaing de bharr gortuithe agus é ag imirt. An tseachtain seo caite, tugadh cuntas ar shaol Cyril Farrell. Aithnítear Cyril go mór mór óna thréimhse rathúil le foireann iománaíochta na Gaillimhe sna hochtóidí. Ardaíodh croíthe an iarthair in 1980 nuair a tháinig Corn Liam Mhic Cárthaigh ar ais go Gaillimh, seacht mbliana is caoga i ndiaidh dóibh Craobh na hÉireann a bhuachan den chéad uair. Ní raibh Cyril ach tríocha bliain d’aois ag an am agus é ina bhainisteoir.

Níl aon amhras ach go gcuireann na cláracha le tuiscint leathan agus le spiorad na gCluichí Gaelacha

I measc na n-imreoirí eile a bheidh le feiceáil sna seachtainí amach romhainn, tá Grace Walsh. Imreoir camógaíochta is ea í a bhuaigh trí chraobh Uile-Éireann sna ceithre bliana déag a chaith sí ag imirt le Cill Chainnigh. Ainmníodh í d’Imreoir na Bliana sa bhliain 2020.

An chéad imreoir eile ná Marty Clarke as Co. an Dúin. Bhuaigh sé Craobh Mionúr na hÉireann in 2005 sular bhog sé go dtí an taobh eile den domhan. Rinne sé an turas fada go Melbourne le himirt le Collingwood nuair nach raibh sé ach seacht mbliana d’éag d’aois. D’fhill sé ar Éirinn in 2009.

Le linn na sraithe, tabharfar léargas ar Phádraig Horan, fear a bhí ina chaptaen ar Uíbh Fhailí nuair a bhuadar Craobh na hÉireann den chéad uair sa bhliain 1981. Tá dúshlán nua le sárú aige na laethanta seo, toisc go bhfuil galar Parkinson air.

An chéad laoch eile ná Neil McManus, iar-iománaí le Contae Aontroma agus fear a bhí ina réalta lena chlub Ruairí Óg Bhun Abhann Dalla. I gcluiche leathcheannais Uladh 2024 in aghaidh Shléacht Néill, chríochnaigh sé le 3-9 agus gach scór seachas trí phointe faighte ón imirt.

Níl aon amhras ach go gcuireann na cláracha le tuiscint leathan agus le spiorad na gCluichí Gaelacha. Ní hamháin go ndírítear ar na scileanna ar an bpáirc, ach tugtar léargas ar na dúshláin phearsanta, ar na buaicphointí i saol na n-imreoirí agus ar an tionchar a bhí ag na cluichí ar a saol. Clár leathuair an chloig a bhíodh i gceist ag an tús ach, le roinnt blianta anuas, insítear scéal an imreora thar chaoga nóiméad.

Cé gur cláir faoi CLG iad go príomha, ní bhíonn Laochra Gael teoranta d’fhíor-imeachtaí spóirt amháin. Tugtar léargas ar shaol pearsanta na n-imreoirí freisin, ina measc, tá scéalta faoi chluichí mór le rá agus iarracht mhór mhacánta déanta i gcónaí radharc níos doimhne a thabhairt ar na himreoirí mar dhaoine, ní mar laochra amháin.

Is é Nemeton TV, comhlacht léiriúcháin neamhspleách atá lonnaithe sa Rinn i nGaeltacht Phort Láirge, a léiríonn an tsraith. Tá an comhlacht ag léiriú ábhar spóirt do TG4 ó bunaíodh an stáisiún agus tá sé ar cheann de na príomhsholáthraithe spóirt atá ag an stáisiún. Cuireann Nemeton an-bhéim ar na gnéithe lárnacha a bhaineann leis an léiriúchán agus meallann Laochra Gael lucht féachana ar chúiseanna éagsúla. Cruthaíonn an clár caidreamh idir lucht féachana agus a laochra. Feictear cartlann físe iomlán de shaol CLG mar chuid den chlár. Sílim go spreagann an clár daoine áirithe an Ghaeilge a labhairt agus a fhoghlaim. Tugann Laochra léargas iomlán ar thallann, díograis agus spiorad na gCluichí Gaelacha, rud a mheallann lucht leanúna CLG ar fud an domhain.

Táim ag súil go mór le clár Louise Ní Mhuircheartaigh, Banríon na Ríochta. Aithnítear Louise mar dhuine de na peileadóirí ban is fearr riamh. Is iomaí gradam atá buaite aici, ina measc cúig Ghradam Réalta chomh maith le himreoir sinsir na bliana in 2023. D’éirigh sí as an bpeil idirchontae anuraidh. Críochnóidh an tsraith le clár Kevin McManamon, fear a bhfuil ocht gCraobh Uile-Éireann buaite aige. Sa bhliain 2011, d’aimsigh sé cúl cinniúnach d’Áth Cliath i gCluiche Ceannais na hÉireann nuair a tháinig sé isteach mar ionadaí.

Is clár ceannródaíoch é Laochra Gael. Ón gcéad eipeasóid in 2001 go dtí an lá inniu, tá nasc cruthaithe aige idir cultúr, oidhreacht agus spórt, ag tabhairt scéalta pearsanta agus spreagúla laochra CLG chuig an scáileán beag. Maireann cláracha den chineál seo i bhfad na haimsire mar fhoinse inspioráide agus oidhreachta don chéad ghlúin eile.