Cad é an chéad phíosa ealaíne is mó a d’imir tionchar ort mar dhéagóir?
Betty Blue – spreag sé mé agus chuaigh sé i bhfeidhm go mór orm agus mé im dhéagóir ar thóir na saoirse.
Cén t-ealaíontóir atá beo is mó a bhfuil meas agat air?
Philip Glass, as an misneach atá léirithe aige dúinn maidir le cathain nach ceart páirt a ghlacadh.
READ MORE
Cad iad na straitéisí a úsáideann tú chun tréimhsí lagtrá cruthaitheachta a shárú?
Mo bhuataisí a tharraingt orm, siúlóid fhada agus codladh domhain.

Mura mbeifeá ag gabháil do do chuid oibre faoi láthair, cén tallann chruthaitheach ba bhreá leat a bheith agat/a fhiosrú?
Bheinn ag déanamh an rud a dhéanaim ach gan cheamara: ag lorg eachtraí, ag ceiliúradh na cruthaitheachta agus ag cur aithne mhaith ar daoine ó go leor cultúir éagsúla ar fud an domhain.
Cén t-éacht gairmiúil is mó a bhfuil tú bródúil as?
Nuair a bhíos ag fás aníos i gCiarraí thiar, is cuimhin liom go maith a bheith faoi dhraíocht ag an gcaoi a bhféadfadh seanchaí slua a choinneáil faoi gheasa lena chuid scéalaíochta agus an mheabhair aigne a bhí aige. Níos déanaí, agus mé fós faoi bhun deich mbliana d’aois, chuaigh scannáin agus cláir faisnéise ar an BBC i bhfeidhm go mór orm. Agus níos déanaí fós, ag éisteacht le duine a bhí comhdeisbhéalach go mbeadh sí in ann slua a mhealladh agus a n-aird a choimeád lena scéal, bhíos ana-thógtha leis sin chomh maith. Ó shin i leith, tá mo shaol caite agam ag iarraidh a fháil amach conas an draíocht sin a chruthú, daoine a chur ag gáire, daoine a chur ag caoineadh, daoine a mhealladh isteach sa scéal agus anois agus arís b’fhéidir iad a spreagadh.

Cad é an rud is deise a dúirt ealaíontóir eile leat riamh?
Blianta fada ó shin, chuir Christy Moore nóta chugainn le rá go raibh sé buíoch as Lifers, clár faisnéise a rinneamar faoi mhisinéirí ag obair sna háiteanna is foircní ar domhan. Tá sé deacair a chur in iúl cé chomh tábhachtach is a bhí a nóta cineálta dúinn uile. Tá an spreagadh a fhaigheann tú ó ealaíontóirí eile, go háirithe nuair atá tú ag iarraidh do bhealach a aimsiú, thar a bheith luachmhar. Go raibh míle maith agat a Christy!
Cad í an chomhairle is measa a fuair tú riamh?
“Ná cuir muinín in aon duine.” Ní fhéadfadh duine scannáin a dhéanamh gan comhoibriú le daoine eile agus muinín dhomhain a bheith againn astu. Deir na teidil chreidiúna ag deireadh scannáin gach a bhfuil le rá faoi seo. Tógann sé sráidbhaile chun scannán a dhéanamh.
Caithfidh tú cónaí i mbuncar faoi thalamh, agus is féidir leat scannán amháin, sraith theilifíse amháin, agus leabhar amháin a thabhairt leat: cad iad?
Antichrist le Lars Von Trier, Twin Peaks le David Lynch, Austerlitz le W.G. Sebald
An raibh aon mhúinteoirí inspioráideacha agat?
B’inspioráid mhór é ár múinteoir ceoil ar scoil, Gerry Murphy. Go raibh maith agat, a Gerry, as an gceol, an mhatamaitic, na ceoldrámaí craiceáilte, an spraoi, an torann, an spreagadh ar fad agus as áilleacht dhraíochtúil rúndiamhair tharchéimniúil an counterpoint a chur in aithne dúinn!
Ramallah le linn an dara intifada sa bhliain 2000, ag féachaint ar arm Iosrael ag lámhach leanaí neamharmtha agus gan a bheith in ann iad a stopadh.
Conas a bhí do shaol cultúrtha mar pháiste?
Bhíomar i gcónaí ag labhairt na Gaeilge sa tig nuair a bhíomar óg. Ach seachas Báidín Fheilimí, bhí an ceol, an teilifís agus na scannáin go léir as Béarla. Mar sin bhí an crosbhóthar casta idir dhá chultúr ann i gcónaí. Braithim go bhfuilim suite sa chrosbhóthar sin fós agus is áit álainn, dhúshlánach í.

Cad iad na rudaí is fearr ar éist tú leo, a léigh tú, nó a chonaic tú le déanaí?
Take A Breath (2024), scannán ealaíne le Clare Langan. An cheolchoirm rince, MAAM le Teach Damhsa agus Michael Keegan Dolan. Grania le Caitríona McLaughlin, Amharclann na Mainistreach. Ceolchoirm le Nick Cave and the Bad Seeds.
Cad é an mhíthuiscint is mó atá ag daoine faoi do shaol mar stiúrthóir?
Go bhfuil muinín agam féin as mo chuid oibre. Ní mar sin a bhíonn sé riamh. Bíonn imní ag cur as dom beagnach gach aon lá go dteipfidh ar na scannáin.

Cén cineál áite a spreagann thú?
Foraois atá tiubh le crainn san fhómhar, í beo le feithidí agus éin, macallaí, sióga, beacáin agus braonta beaga de cheo mín.
Cad é an comhthéacs is aistí ina raibh tú de bharr do chuid oibre?
A bheith faoi ghlas i gcillín príosúin i bPeiriú le mo dheartháir Manchán. Ramallah le linn an dara intifada sa bhliain 2000, ag féachaint ar arm Iosrael ag lámhach leanaí neamharmtha agus gan a bheith in ann iad a stopadh. Ag snámh le pioránaí agus muintir dhúchasach na foraoise san abhainn Xingu i bhfad thuas an Amasóin. Ag breathnú ar an Aurora Borealis lenár bhfoireann iontach agus muid ag ceiliúradh ar an gcé sa Spidéal an oíche a chríochnaíomar ag scannánú Báite.
Cad é do thuairim faoi fhorbairt na Gaeilge sna healaíona in Éirinn?
Le 40 bliain anuas, trí fheachtasaíocht agus fís gníomhaithe cultúrtha ar fud na hÉireann, tá an teanga sábháilte ó mheath agus ó dhíothú. Bhí tionchar mór ag institiúidí ar nós Raidió na Gaeltachta, TG4, An Chultúrlann i mBéal Feirste agus gluaiseacht na Gaelscolaíochta ar an athbheochan seo. Tá sé thar a bheith spreagúil go bhfuil spásanna oscailte anois inar féidir le scríbhneoirí, ceoltóirí, lucht déanta scannán, ealaíontóirí agus filí oibriú agus maireachtáil as Gaeilge. Nuair a bhíos i mo pháiste, bhí ealaín na Gaeilge i bhfad amach ar an imeall. Inniu, is inspioráid é fórsaí cruthaitheacha cosúil le Kneecap, An Cailín Ciúin, Liam Ó Maonlaí agus Amhrán na Mara a fheiceáil agus is mór an rud é go bhfuil muid in ann lucht féachana leathan a tharraingt le scannáin Ghaeilge a fheiceáil.
Cad é do mhana?
Bíonn siúlach scéalach.













