Éacht Ollscoil Luimnigh i gCorn Mhic Shigiúir

Tá an comórtas peile tríú leibhéal 115 bliana ar an bhfód i mbliana

Foireann peile Ollscoil Luimnigh ag ceiliúradh tar éis dóibh éacht a bhaint amach i bPáirc an Chrócaigh nuair a thug siad Corn Mhic Shigiúir leo den chéad uair riamh. Grianghraf: ©INPHO/Nick Elliott
Foireann peile Ollscoil Luimnigh ag ceiliúradh tar éis dóibh éacht a bhaint amach i bPáirc an Chrócaigh nuair a thug siad Corn Mhic Shigiúir leo den chéad uair riamh. Grianghraf: ©INPHO/Nick Elliott

Coicís ó shin bhain foireann peile Ollscoil Luimnigh éacht amach i bPáirc an Chrócaigh nuair a thug siad Corn Mhic Shigiúir leo den chéad uair riamh. 0-17 in aghaidh 1-11 an scór deireanach a bhí ann sa chluiche ceannais agus bua stairiúil speisialta ag foireann Luimnigh ar Choláiste na hOllscoile, Corcaigh.

Ar ndóigh, bhí blaiseadh beag den bhua acu níos túisce i mbliana nuair a bhuaigh Ollscoil Luimnigh Roinn 1 na sraithe le linn an gheimhridh, den chéad uair riamh chomh maith. Chruthaigh siad go láidir le linn an fheachtais. Ní raibh ach dhá nóiméad d’am cúitimh gortuithe fágtha i gcluiche leathcheannais Chorn Mhic Shigiúir agus bhí Ollscoil na Banríona cúig chúilín chun cinn ar Ollscoil Luimnigh. B’fhéidir gur cheap an slua a bhí i láthair an oíche sin go raibh deireadh tagtha le feachtas Luimnigh ach bhí teacht aniar dochreidte iontu. D’éirigh leo an lámh in uachtar a fháil ar fhoireann Bhéal Feirste i ndiaidh am breise.

Bunaíodh comórtas Corn Mhic Shigiúir in 1911 faoi scáth CLG mar an príomhchomórtas peile tríú leibhéal in Éirinn.

Is dócha go raibh fonn díoltais ar pheileadóirí Ollscoil Luimnigh i ndiaidh chluiche ceannais Chorn Mhic Shigiúir 2023 nuair a bhuail Coláiste na hOllscoile, Corcaigh iad. Léirigh siad neart agus cumas i bPáirc an Chrócaigh chun an bua stairiúil a fháil. Bhí sár-thaispeántas ag imreoir óg Mhaigh Eo, Cian McHale, a d’aimsigh 0-5. Bhí Ciarán Collins agus Brian McNamara an-láidir agus b’iomaí sábháil an-tábhachtach a rinne an cúl báire, Tristan O’Callaghan. Léiríodh an tionchar a bhí ag na hionadaithe le linn an fheachtais agus ba léir gur chuir bainisteoir na foirne an-bhéim ar an ngné sin sa chluiche ceannais chomh maith. Bhí ról lárnach ag Daithí Hogan nuair a tháinig sé chun páirce agus d’aimsigh sé dhá chúilín chinniúnacha dheireanacha. Níl aon amhras ach go raibh foireann an-láidir ag Ollscoil Luimnigh sa séasúr seo, foireann a bhí faoi stiúir David Power, fear Thiobraid Árann, a ghlac le post an bhainisteora ag tús an tséasúir. Ba é Power a bhí i gceannas ar fhoireann mionúr Thiobraid Árann nuair a bhuaigh siad Craobh na hÉireann i bPáirc an Chrócaigh in 2011, agus arís in 2020 nuair a bhí an bua ag an bhfoireann sinsear i gCraobh Peile na Mumhan. Mar aon lena dhualgas le foireann peile Ollscoil Luimnigh, tá David ina bhainisteoir ar fhoireann sinsear ban a chontae dúchais.

Bunaíodh comórtas Corn Mhic Shigiúir in 1911 faoi scáth CLG mar an príomhchomórtas peile tríú leibhéal in Éirinn. Ba é an Dochtúir George Sigerson - saineolaí, file, agus polaiteoir - a cheannaigh an corn. Chaith sé a thuarastal bliantúil air! Bhí sé ina Ollamh i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath agus bhí an-spéis aige sna cluichí Gaelacha. Ba é an aidhm a bhí leis an gcomórtas ná cluichí peile ar ardchaighdeán a chothú i measc na mac léinn ollscoile, agus deis a thabhairt do choláistí agus ollscoileanna ar fud na tíre. Go dtí seo tá an Corn buaite 34 huaire ag Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath. Is 24 theideal atá ag Coláiste na hOllscoile, Corcaigh agus 23 cinn ag Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

Tá Comórtas Chorn Mhic Shigiúir ag druidim le 115 bliana ó bunaíodh é. Le linn na tréimhse sin, tá scoth na n-imreoirí agus traenálaithe tar éis bláthú a bhuí leis. Tá an comórtas tar éis leathnú amach ó na hollscoileanna náisiúnta ag an am - Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh agus Ollscoil na hÉireann, Gaillimh - go dtí foirne ó institiúidí teicneolaíochta agus coláistí tríú leibhéal eile, rud a rinne é níos suimiúla le himeacht ama agus féith na hiomaíochta ann. Tréimhse dhúshlánach atá ann don imreoir a bhíonn ag imirt i gcomórtas Chorn Mhic Shigiúir agus na comórtais réamhshéasúir idirchontae ar siúl ag an am céanna. Ach tugtar deis mhaith d’imreoirí óga atá ag iarraidh a gcuid peile a fhorbairt agus dul i gcion ar bhainisteoirí idirchontae.

Is iomaí imreoir eile a chuaigh tríd an gcomórtas agus a bhain rath amach ar an leibhéal idirchontae. Bhuaigh Darragh Canavan as Tír Eoghain Corn Mhic Shigiúir le hOllscoil Uladh in 2024. Tá sé anois ina chuid lárnach d’fhoireann Thír Eoghain. Aistear éagsúil a bhí aige le hais Sheáin Uí Mhaolchiaráin. Tar éis dó a bheith ina chaptaen ar fhoirne mionúr agus faoi 20 na Gaillimhe, ba é Mulkerrin an chéad fhear ó Oileáin Árann a d’imir d’fhoireann sinsear na Gaillimhe ach ar an drochuair, cuireadh stop tobann leis an dul chun cinn a bhí á dhéanamh aige i mí Eanáir 2022. Agus é ag imirt d’Ollscoil na Gaillimhe oíche fhuar gheimhridh i mBaile Átha Cliath, rinneadh dochar uafásach do chaipín glúine Uí Mhaolchiaráin. Thóg sé chomh fada sin ar otharcharr an pháirc a bhaint amach gur cuireadh an chuid eile den chluiche ar ceal agus an Gaillmheach leonta fágtha sínte, é clúdaithe le cótaí agus geansaithe chun faoiseamh a thabhairt dó ón bhfuacht. Is mór a chaill Ó Maolchiaráin agus é gortaithe. Ar an taobhlíne ar mhaidí croise a bhí sé nuair a bhuaigh OÉ Gaillimh Corn Mhic Shigiúir an t-earrach sin agus níor ghlac sé aon pháirt ach an oiread in aistear na Gaillimhe chomh fada le cluiche ceannais na hÉireann an bhliain chéanna.

Is cuid lárnach é Corn Mhic Shigiúir den chultúr spóirt ag an tríú leibhéal agus bíonn an-spéis ag lucht leanúna Chumann Lúthchleas Gael sa chomórtas. Ó bunaíodh an comórtas, tá sé mar aidhm aige spéis i gcluichí peile tríú leibhéal a spreagadh. Is féidir breathnú siar anois ar 115 bliana d’oidhreacht shaibhir agus scil na n-imreoirí a fheiceáil ag fás agus ag forbairt. Níl aon amhras ach gur comórtas tábhachtach é i saol na gcluichí Gaelacha.

Foclóir:

éacht = feat

blaiseadh beag = small taste

am cúitimh gortuithe = injury time

feachtas = campaign

stop tobann = sudden stop

caipín glúine = kneecap