Ceiliúradh Náisiúnta na Teanga le linn Sheachtain na Gaeilge 2026

Seacht lá déag lán spraoi agus spóirt atá geallta mar chuid de Sheachtain na Gaeilge 2026, agus tá clubanna, eagraíochtaí, foirne deonacha agus grúpaí pobail ar fud na tíre ag ullmhú don tseachtain is faide (agus is craiceáilte!) sa bhliain idir 1-17 Márta.

An grúpa Kíla
An grúpa Kíla

Tá Seachtain na Gaeilge ar an fhód ón bhliain 1902 agus ba é an eagraíocht náisiúnta Conradh na Gaeilge a bhunaigh ar dtús é. Tá sé anois ar an fhéile Ghaeilge is mó ar domhan leis na milliúin daoine páirteach i ngach cineál imeachta gach bliain: ceolchoirmeacha, ranganna aclaíochta, ceardlanna idirghníomhacha agus seónna beo, le cois go leor eile. Is í an aidhm atá taobh thiar den fhéile ná an teanga a cheiliúradh i measc foghlaimeoirí agus cainteoirí dúchasacha araon, feiceálacht na Gaeilge a ardú go hidirnáisiúnta, agus úsáid na Gaeilge a normalú trí imeachtaí agus feachtais den scoth.

Níl sa liosta seo ach spléachadh ar chuid de na himeachtaí a bheidh ag titim amach ó cheann ceann na tíre ag tús na míosa seo chugainn. Is féidir teacht ar tuilleadh imeachtaí SnaG ag sceal.ie/imeachtai.

Teach allais
Teach allais

Pop-Up Gaeltacht le Snámh agus Seomra Allais

Lakeside Sauna, Rinn na mBan, Cill Dalua, Co. an Chláir

Dáta: 1 Márta 2026, 11am

Costas: Saor in aisce

Teacht le chéile le haghaidh snámha agus seomra allais, agus deis den scoth do chúpla focal a úsáid mura mbíonn tú rófhuar!

Ticéid: Déan teagmháil le Nadine 085 133 2226

Déan do Shraith Pictiúr Féin le Sí-bín agus Carmen Quigley
Déan do Shraith Pictiúr Féin le Sí-bín agus Carmen Quigley

Déan do Shraith Pictiúr Féin le Sí-bín agus Carmen Quigley

Bewley’s Cafe, 78-79 Sráid Grafton, Baile Átha Cliath

Dáta: 5 Márta 2026, 6.30pm

Costas: €15

Deis a bheidh sa cheardlann seo a bheith cruthaitheach agus do Shraith Pictiúr féin a chruthú bunaithe ar chultúr pobail na hÉireann. Idir an dá linn, beidh tae, caife agus taosráin ar fáil i seomra álainn James Joyce i gCaifé Bewley’s.

Ticéid: ticketsource.com ‘Déan do Shraith Pictiúr Féin’

Ciara Ní É
Ciara Ní É

Ceardlann Filíochta le Ciara Ní É

Tigh Uí Bhruaidí, 97 Sráid Mhaoilbhríde, Baile Átha Cliath

Dáta: 5 Márta 2026, 7pm

Costas: Saor in aisce

Ceardlann scríbhneoireachta ina bhfiosraítear dhá theicníc chruthaitheacha: Dánta Dubha (blackout poems) agus Gearrthóga (cut-ups). Cuirfear na hábhair uilig ar fáil ar an oíche.

Ticéid: eventbrite.com ‘Dánta Dubha agus Gearrthóga’

Comórtas Púil trí Ghaeilge
Comórtas Púil trí Ghaeilge

Comórtas Púil trí Ghaeilge

The Whitefort, 67 Bóthar Bhaile Andarsan, Béal Feirste

Dáta: 5 Márta 2026, 7.30pm

Costas: £5

Comórtas iomaíoch púil do Ghaeilgeoirí ag gach leibhéal. Beidh duais £200 don bhuaiteoir ar an oíche.

Ticéid: eventbrite.com ‘Craobh Uí Thuama’

Siamsa Márta agus Comórtas Jiveála

Tigh Terry An Chéibh, Ros a Mhíl, Co. na Gaillimhe

Dáta: 6 Márta 2026, 8.30pm

Costas: €10

Oíche shiamsaíochta eagraithe ag BÁNÚ, an brúghrúpa tithíochta. Beidh ceol beo le Glór na dTonn agus le Colm Seoighe agus na hEasógaí, agus duais €200 do bhuaiteoirí an chomórtais jiveála. Tabharfar brabús na hoíche uilig do BÁNÚ.

Ticéid: Níl aon ghá clárú roimh ré, buail isteach ar an oíche!

Lá Spraoi do Theaghlaigh

Leabharlann Cheannais Mhic Sheáin, Baile an Chabháin

Dáta: 7 Márta 2026, 10am

Costas: Saor in aisce

Ócáid saor in aisce do theaghlaigh le sorcas idirghníomhach, scéalaíocht le Leabhar Power Peadar, agus ceardlann drumadóireachta dhátheangach.

Ticéid: Leathanach Instagram @gaelphobalcn

Rang Cothabhála Rothair trí Ghaeilge
Rang Cothabhála Rothair trí Ghaeilge

Rang Cothabhála Rothair trí Ghaeilge

The Rediscovery Centre, Bóthar Baile Munna, Baile Átha Cliath

Dáta: 7 Márta 2026, 10am

Costas: €50

Foghlaim scileanna deisiúcháin rothair agus cuir ceisteanna ar na saineolaithe mar chuid den chúrsa ar leith seo. Mura bhfuil tú in ann do rothar féin a thabhairt leat ar an lá, seol ríomhphost chuig bikes@rediscoverycentre.ie agus cuirfear rothar ar fáil duit. 16+

Ticéid: eventbrite.ie ‘The Rediscovery Centre’

Vicipéid, An Chiclipéid Shaor
Vicipéid, An Chiclipéid Shaor

Ceardlann Eagarthóireachta Vicipéid

Arts at Civic Trust House, 50 Cé Pope, An Seandún, Cathair Chorcaí

Dáta: 7 Márta 2026, 11am

Costas: Saor in aisce

Seo do sheans foghlaim faoin eagarthóireacht ar Vicipéid, an leagan Gaeilge de Wikipedia. Díreofar sa cheardlann seo ar an bhearna inscne ar Vicipéid agus conas é sin a laghdú agus muid ag druidim le Lá Idirnáisiúnta na mBan. Is cuma cén taithí eagarthóireachta atá agat, cuirfear fáilte roimh chách.

Ticéid: Leathanach Instagram @wikimediaie

Ó Ráth Cruachan go Reilig na Rí
Ó Ráth Cruachan go Reilig na Rí

Ó Ráth Cruachan go Reilig na Rí

Ionad Cuairteoirí Ráth Cruachan, Tuilsce, Co. Ros Comáin

Dáta: 7 Márta 2026, 12pm

Costas: Saor in aisce

Turas treoraithe as Gaeilge ar Shlí Seandálaíochta Ráth Cruachan, an bealach ar fad ó Ráth Cruachan go Reilig na Rí. Beidh sólaistí ar fáil do shiúlóirí ina dhiaidh.

Ticéid: Déan teagmháil le info@rathcroghan.ie

Píotsa
Píotsa

Poirt agus Píotsa

Lighthouse Tavern, Earra Thíre na Binne, Port an tSalainn, Co. Dhún na nGall

Dáta: 7 Márta 2026, 8pm

Costas: Saor in aisce

Oíche bheo bhríomhar le ceol ó Chomhaltas Chraobh Fhánada agus píotsa blasta ó Napoli Pizza. Beidh fáilte roimh cheoltóirí nua ar an oíche fosta.

Ticéid: Buail isteach ar an oíche!

An grúpa Kíla
An grúpa Kíla

Ceolchoirm Kíla

Áras Chrónáin, Cluain Dolcáin, Baile Átha Cliath

Dáta: 7 Márta 2026, 8pm

Costas: €17

Tá Kíla ar cheann de na bannaí ceoil dhomhanda agus thraidisiúnta is mó le rá in Éirinn ó bunaíodh an grúpa sna 1980idí. Craic mhaith agus ceol den scoth a bheidh ar an ardán an oíche seo. 18+ amháin

Ticéid: araschronain.ie

Comórtas Rince Seite

Tigh Chualáin, Coill Rua Thoir, Indreabhán, Co. na Gaillimhe

Dáta: 9 Márta 2026, 7.30pm

Costas: Saor in aisce

Comórtas atá eagraithe ag an Chumann Rince Seite, Ollscoil na Gaillimhe. Beidh ar fhoirne 3 fhigiúr a léiriú: figiúr amháin de rogha na foirne féin, figiúr amháin de rogha na moltóirí de sheit seanbhunaithe, chomh maith le figiúr amháin de sheit nuachumtha de chuid na foirne. Beidh seisiún ceoil agus damhsa i ndiaidh an chomórtais agus cuirfear sólaistí ar fáil.

Ticéid: Fáilte roimh chách ar an oíche

Rang Zumba
Rang Zumba

Rang Zumba trí Ghaeilge

Embody Fitness, Caladh an Treoigh, Co. Luimnigh

Dáta: 11 Márta 2026, 6pm

Costas: Saor in aisce

Rang aclaíochta trí Ghaeilge, eagraithe ag Coiste na dTuismitheoirí, Gaelscoil Chaladh an Treoigh. Beidh an rang seo oscailte do dhaoine fásta agus do pháistí 8 mbliana d’aois agus níos sine.

Ticéid: Déan teagmháil le hÁine 085 724 5563

Oíche Scannáin

The Ballymac Bar, 85 Bothar Buí, Trá Lí, Co. Chiarraí

Dáta: 12 Márta 2026, 7pm

Costas: €7

Oíche scannáin trí Ghaeilge i gcroílár Thrá Lí, arna heagrú ag Craobh Thrá Lí de chuid Chonradh na Gaeilge.

Ticéid: Fáilte roimh chách!

GaelGáirí

The Social, Bóthar na Trá, Dóirí Beaga, Co. Dhún na nGall

Dáta: 12 Márta 2026, 8pm

Costas: €10

Oíche ghrinn trí Ghaeilge lán le craic agus spraoi leis na fuirseoirí aitheanta Seán T Ó Meallaigh, Bláithín de Búrca, Cúán de Búrca agus Justin Cassidy ina measc. 18+ amháin

Ticéid: eventbrite.com ‘GaelGáirí’

Aqua Céilí
Aqua Céilí

Aqua Céilí

Linn Snámha Shráid Sheáin Mhic Dhiarmada, Muinseo, Baile Átha Cliath

Dáta: 13 Márta 2026, 6.30pm

Costas: €5

Foghlaimeoidh rannpháirtithe damhsaí céilí san uisce, in atmaisféar dearfach, taitneamhach agus beomhar. Cuirfear tae, caife agus cístí ar fáil i ndiaidh an imeachta ionas go mbeidh deis ag na rannpháirtithe labhairt lena chéile. Fáilte roimh chách.

Ticéid: Leathanach Instagram @gael_linn (nasc sa bio)

Tráthnóna Tapas agus Trad

An Nead, 19/20 Sráid na Páirce, Baile Mhuineacháin

Dáta: 13 Márta 2026, 7pm

Costas: Saor in aisce

Cuirtear fáilte roimh dhaoine sna 20idí agus sna 30idí teacht isteach chuig An Nead, cluichí boird a imirt, sult a bhaint as ceol traidisiúnta, bia blasta a ithe agus an Ghaeilge a labhairt.

Ticéid: Buail isteach ar an oíche!

Ceolchoirm Grooveline agus Jack Houston Trio
Ceolchoirm Grooveline agus Jack Houston Trio

Ceolchoirm Grooveline agus Jack Houston Trio

Cultúrlann Uí Chanáin, 37 Mórshráid Shéamais, Cathair Dhoire

Dáta: 17 Márta 2026, 6pm

Costas: £20

Beidh oíche lán le fuinneamh ag tarlú i nDoire Lá Fhéile Pádraig, le ceol a chuirfidh ag damhsa thú ón ghrúpa Grooveline agus tacaíocht den scoth ón Jack Houston Trio. Moltar ticéid a cheannach go luath.

Ticéid: ticketsource.co.uk ‘Cultúrlann Uí Chanáin’