Nuair a bhíos níos óige ná mar atáim anois ba mhór é mo dhúil féachaint ar atlais agus ar léarscáileanna. Bhí rud éigin draíochtúil ag baint leo, go háirithe nuair a bhíos ag bailiú stampaí ag an am céanna a raibh samplaí ó thíortha agam nach ann dóibh anois. Cá bhfuil, nó cá raibh Nyasaland, Tanganyika, Formosa, an Gold Coast?
Is mór idir na haimsirí agus tá tíortha fós ag athrú teorainneacha, ag glacadh chucu ag ligean uathu, dá ndeoin nó dá n-ainneoin. Is de thoradh dhíscaoileadh na n-impireachtaí a d’athraigh léarscáileanna mo naíondachta, agus cé déarfadh nach de dheasca athdhaingniú impireachtaí nua nach dtiocfaidh fearainn eile nach fios cén t-ainm a bhaistfear orthu?
I measc na n-ainmneacha úd a raibh draíocht ag baint leo bhí Queen Maud Land san Antartach i bprumpa an domhain.
Shamhlófá dá n-osclófaí an stopallán i gcruinncheartlár an Antartaigh go dtitfeadh bualtrach an duine amach le seoladh sa spás gan teorainn. B’ait liom riamh cérbh í an Maud seo a raibh críocha níos fairsinge riamh aici ná mar a bhí ag Meadhbh seo againn féin, agus cad ina thaobh nach raibh trácht uirthi inár gcuid leabhar staire?
READ MORE
Cé gur imigh sí i ndíchuimhne ghlan ar feadh na mblianta fada, b’éigean dom aird a thabhairt uirthi arís nuair a tuigeadh dom go bhféadfadh sí cogadh domhanda eile a thionscnamh.
Tar éis an tsaoil, nó tar éis an domhain (pé acu is oiriúnaí) ní raibh a fhios againn go raibh ábhar cogaidh i mullach maol ár bpláinéid bhig go dtí gur fhógair Trumpa na Cruinne gur róbhaol go ngabhfadh na Rúisigh is na Sínigh forlámhas ar an díseart reoite úd go luath go moch ar maidin roimh ghiolcadh an ghealbhain gan choinne gan fógra. Tuigim gur tharraing na Stáit (Aontaithe?) a gcuid amhas agus a gcuid láithreán cogaidh siar ón leac oighre le tamall de bhlianta anuas, mar a dhein na Rúisigh ó leáigh an cogadh fuar, agus nár mhór an spéis a chuir na Sínigh ann riamh ach an oiread is a ndúil in Tristan da Cunha.
Ach ní fios cathain a thiocfaidh púca as an gcoill, nó as an sneachta féin, nó as an ngaineamhlach le róthéamh na cruinne ag lorg tearmainn dá gcoirp ruadhóite.
Tá an namhaid inár n-aice, pé é féin, agus mura bhfuil a fhios agat is cuma, mar is ann dó, an namhaid, in áit éigin, bí cinnte, mar táthar á rá leat, gan bhréag, bíodh eagla ort, amuigh ansin, sa doircheacht, nó i ngile an lae, ag faire a sheans, ag breith suas ort, ná bíodh amhras ort, caithfidh bagairt a bheith ann, is ann dó, anoir de ghnáth, aneas mura n-oireann sin, níl aon adharca air, ach tá, beidh deaslabhartha le bata mór, beidh ort a dteanga a fhoghlaim, tá dingthe sna hollscoileanna, tá smacht ar na hilmheáin, níl aon ainm air, ach namhaid fós é, mar caithfear namhaid a bheith agat, ní hann duit go namhaid, tá airm ollscriostacha aige, pé é féin, cúig nóiméad déag agus is smionagar tú, faire faire, airm eile, íobairtí fola, daoine óga, cách b’fhéidir.
Sin an fáth a bhfuil bagairt ar an mBanríon Maud bhocht agus ar a tírín sneachta sa Mhol Theas. Is leis an Iorua an sneachta sin anois mar onóir di a bhí ina banríon orthu, ach ní fada go mbeidh.
Óir, tá ór fúithi, n’fheadar cad eile, nó rud éigin go cinnte, agus cabhlaigh réidh chun concais agus cogaidh i bprumpa an domhain ar bhaill nach raibh seilbh orthu fós.
Mar ní féidir linn gan chogadh a bheith againn faoi áiteanna nárbh fhiú linn smaoineamh ar chogadh a bheith againn ina dtaobh go dtí an tseachtain seo caite.











