Tá díospóireacht mhór ar na bacáin agus plean nochta ag an rialtas go bhfuil sé i gceist acu deireadh a chur leis an ghlas triarach mar atá sé faoi láthair. Is é atá sa ghlas na critéir atá le comhlíonadh sular féidir na Fórsaí Cosanta a chur i mbun dualgais thar sáile.
Tá sé beartaithe ag an Aire Gnóthaí Eachtracha agus Cosanta Helen McEntee leasú a dhéanamh ar an Bhille Cosanta (Leasú) 2026 agus deireadh a chur leis na critéir reatha a bhaineann le faomhadh a fháil ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, sa bhreis ar fhaomhadh ón Rialtas agus ón Dáil.
Fós féin, faoi na pleananna úra, beidh an dá chritéar náisiúnta - rialtais agus Dála - le comhlíonadh maidir le misean ar bith, agus deirtear go mbeidh ar aon chinneadh a dhéanfar amach anseo faoin chreatlach úr a bheith ag teacht le Cairt an Náisiún Aontaithe chomh maith. Ní leor sin áfach chun iad siúd atá i gcoinne na n-athruithe seo a chur ar a suaimhneas
Ábhar aighnis a bhíonn ann i gcónaí nuair a mholtar aon leasú ar an ghlas triarach. Creideann go leor de pháirtithe an Fhreasúra go bhfuil an glas triarach riachtanach chun neodracht na hÉireann a chosaint. Tá imní mhór léirithe acu go ndéanfar damáiste don seasamh seo mura bhfuil an chosaint a thagann leis an ghlas triarach fós i bhfeidhm agus go bhféadfaí Éire a tharraingt isteach i gcoimhlintí domhanda sa todhchaí gan é.
READ MORE
Cé nach ionann tarraingt siar an ghlais thriaraigh agus deireadh a chur le seasamh neodrach na hÉireann ar cheisteanna míleata, tá an dá cheist fite fuaite ina chéile agus é ráite go minic acu siúd a thacaíonn leis an ghlas triarach gur bunchloch thábhachtach na neodrachta atá i gceist leis.
Is é seasamh an rialtais go gcruthaíonn an cur chuige reatha deacracht don Rialtas faoi láthair mar gheall go dtiocfadh le cinntí i dtíortha eile srian a chur ar Éirinn cinneadh dá cuid féin a dhéanamh maidir le bheith páirteach i bhfeachtais síochánaíochta.
Dar le páirtithe an Fhreasúra, is féidir aon deacracht maidir le beannacht a fháil ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe a shárú trí bheannacht a fháil ó Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe, cé nár tharla a leithéid ó bhí na 1950idí ann.
Beidh deis anois ag páirtithe an Fhreasúra feachtas a bhunú ar aon ghuth i gcoinne aon athrú ar an socrú reatha.
Go praiticiúil, ciallaíonn an glas reatha gur féidir cinneadh rialtais a chrosadh ag leibhéal na Náisiún Aontaithe, rud atá fíor-dheacair don rialtas tráth a bhfuil sáinn sa Chomhairle Slándála i dtaca le go leor ceisteanna idirnáisiúnta. Mar gheall ar na hathruithe móra geopholaitíochta atá feicthe le roinnt blianta anuas, ba mhaith leis an rialtas tuilleadh neamhspleáchais a bheith acu, agus gan bheith ag fanacht ar fhaomhadh teacht ó thíortha amhail an tSín, an Rúis agus na Stáit Aontaithe.
Bhí impleachtaí an ghlas thriaraigh le brath le déanaí agus an tAire McEntee ag roinnt eolas leis an rialtas faoi na Fórsa Cosanta a bhí i mbun oibre mar chuid d’Oibríocht Irini. Bhain an oibríocht sin le trádbhac airm ar an Libia, ach tháinig deireadh leis an rún faoinar faomhadh é ar an 24 Bealtaine. Mar sin, ní raibh an dara rogha ag Fórsa Cosanta na hÉireann ach tarraingt siar ón oibríocht dá réir.
Rinneadh go leor plé ar an cheist seo le linn fheachtas Uachtaránachta na bliana seo caite agus an t-iarrthóir rathúil, an tUachtarán Catherine Connolly, ag tacú go láidir le cosaint an ghlas thriaraigh, agus iarrthóir Fhine Gael Heather Humphreys ag léiriú tacaíochta do na leasuithe atá molta anois. Léiríodh an uair sin an méid díospóireachta agus suime atá i measc an phobail sa cheist, rud a bheidh le feiceáil arís sna seachtainí atá romhainn.
Beidh deis anois ag páirtithe an Fhreasúra feachtas a bhunú ar aon ghuth i gcoinne aon athrú ar an socrú reatha. Bainfidh na páirtithe ar an eite chlé leas as an deis seo an rialtas a cháineadh ach, níos tábhachtaí arís dóibh, an mbeidh siad in ann a léiriú gur féidir leo comhghuaillíocht a chur lena chéile ar cheist thábhachtach?
I bpobalbhreith The Irish Times-IPSOS i mí Feabhra na bliana seo, dúirt 45% d’fhreagróirí gur chóir an glas triarach a choinneáil, dúirt 35% gur chóir deireadh a chur leis agus ní raibh a fhios ag 21% d’fhreagróirí. Ar a bharr sin, d’aontaigh 71% d’fhreagróirí gur cheart neodracht na hÉireann a chur san áireamh sa bhunreacht.
Toradh suntasach a tháinig chun solais sa phobalbhreith sin ná gur aontaigh 85% d’fhreagróirí gur chóir d’Éirinn a bheith níos freagraí as cúrsaí cosanta.
Mar sin de, is léir go bhfuil an pobal oscailte d’athruithe de shaghas éigin maidir le cúrsaí cosanta agus slándála ach go bhfuil mothúcháin láidre ann mar gheall ar an ghlas triarach agus an polasaí neodrachta.
Beidh dúshlán mór roimh an Aire McEntee agus an rialtas an t-athrú seo a dhíol leis an phobal, go háirithe mura féidir leo a léiriú cén dóigh a ndéanfar cosaint ar pholasaí neodrachta na tíre gan an glas triarach a bheith i bhfeidhm.
Foclóir
faomhadh = approval/authorisation
creatlach = framework/structure
aighneas = dispute/conflict
neodracht = neutrality
bunchloch = cornerstone/foundation stone
feachtais = campaigns/missions
sáinn = impasse/stalemate
geopholaitíochta = geopolitical
freagróirí = respondents














