“Ná cruthaigh ar son daoine eile, cruthaigh duit féin é agus beidh sé fíor.”

Is amhránaí as Árainn é Pádraig Jack Ó Flaithearta a bhfuil dhá albam eisithe aige go dtí seo, Making Sand (2020) agus These Shores (2024).

Padraig Jack Ó Flaithearta
Padraig Jack Ó Flaithearta

Cad é an chéad phíosa ealaíne is mó a d’imir tionchar ort mar dhéagóir?

Ceol Enya agus Davy Spillane a bhí á sheinnt i mbialann mo mhuintire. Tá an tionchar sin ag teacht amach i mo chuid ceoil anois, ceapaim.

Cén t-ealaíontóir atá beo is mó a bhfuil meas agat air?

An t-amhránaí Richard Thompson agus Frankie McNamara (Meditations For The Anxious Mind).

Padraig Jack Ó Flaithearta
Padraig Jack Ó Flaithearta

Cad iad na straitéisí a úsáideann tú chun tréimhsí lagtrá cruthaitheachta a shárú?

Táim sásta fanacht go dtosóidh sé as féin ach má tá brú orm is maith liom dul isteach sa stiúideo le huirlisí éigin.

Mura mbeifeá ag gabháil don ealaín atá á cleachtadh agat faoi láthair, cén tallann chruthaitheach ba bhreá leat a bheith agat/a fhiosrú?

Obair le hadhmad nó ag tógáil troscán saincheaptha.

Cén t-éacht gairmiúil is mó a bhfuil tú bródúil as?

M’amhrán ‘Déanamh Gaineamh / Making Sand’. Tá sé ráite liom ag an oiread daoine as Árainn go gciallaíonn sé go leor dóibh.

Cad é an rud is deise a dúirt ealaíontóir eile leat riamh?

Ná cruthaigh ar son daoine eile, cruthaigh duit féin é agus beidh sé fíor.

Thosaigh mé ag caint [le Brian Eno] faoin gclár Father Ted agus d’fhiafraigh mé de an bhfaca sé riamh é? Dúirt sé ‘I did, and I was in it’…

Caithfidh tú cónaí i mbuncar faoi thalamh, agus is féidir leat scannán amháin, sraith theilifíse amháin, agus leabhar amháin a thabhairt leat: cad iad?

Shawshank Redemption, The West Wing, East of Eden.

An raibh aon mhúinteoirí inspioráideacha agat?

Mo thuismitheoirí - thaispeáin siad an tábhacht a bhaineann le hobair ionraic, ómós a thabhairt do dhaoine, agus intinn oscailte a choinneáil.

Conas a bhí do shaol cultúrtha mar pháiste?

Saol saibhir le cultúr a bhí agam agus mé óg. Bhí m’athair (Barry Ronan) ar an raidió go rialta agus i gcónaí ag seinm. Bhí go leor ceirníní, dlúthdhioscaí agus leabhra timpeall orainn i gcónaí.

Cén saghas rudaí cruthaitheacha a rinne tú mar pháiste?

Ag tógáil ‘hideouts’ as adhmad nó clocha ar an gcreig taobh thiar den teach le mo chairde agus ag spraoi le báid.

Dá mbeadh sé ar do chumas taisteal siar tríd an am agus tú féin a thabhairt ar ais chuig ceolchoirm amháin ar ar fhreastail tú cheana, cén ceann a roghnófá?

AC/DC ag Baile Phúinse. Chuaigh geaing mhór as Árainn suas chuig an gceolchoirm.

An bhfuil saothar cruthaitheach amháin ar mhaith leat tabhairt faoi ach nach bhfuil tosaithe agat fós?

Albam d’amhráin nua in éineacht le m’athair.

Cad iad na rudaí is fearr ar éist tú leo, a léigh tú, nó a chonaic tú le déanaí?

Albam nua Bon Iver (Sable, Fable), cúpla albam de chuid Emmylou Harris nach raibh cloisithe agam, agus glór Sharyn Ward.

Padraig Jack Ó Flaithearta
Padraig Jack Ó Flaithearta

Cad iad na hionaid, na gailearaithe, nó na pictiúrlanna is fearr leat?

Bhí mé san ionad Solas ar an Eachléim i Maigh Eo le gairid agus bhí sé iontach suimiúil, go háirithe an t-eolas faoi na tithe solais sa cheantar.

Cad a cheapann tú faoi chaighdeán na n-ealaíon in Éirinn faoi láthair?

Tá sé sách láidir ach b’fhéidir, i saol foirfe, bheadh sé deas dá mbogfadh suim na ndaoine a théann chuig ceolchoirmeacha mór popcheoil go dtí ceolchoirmeacha níos lú, cuid den am. Níl mé ach ag tabhairt amach anois!

Cad é an mhíthuiscint is mó atá ag daoine faoi do shaol mar ealaíontóir?

B’fhéidir go gceapann daoine go bhfuil muid ag caitheamh ár gcuid ama uilig ag obair ar ár gcuid ealaíne seachas na rudaí eile atá ag baint leis ar nós eagrú camchuairteanna, na meáin shóisialta srl.

Padraig Jack Ó Flaithearta
Padraig Jack Ó Flaithearta

Cén cineál áite a spreagann thú?

Baile. Ag caitheamh am le mo chlann agus cairde in Árainn agus i gConamara. Ag an am céanna is maith liom a bheith i m’aonar má tá mé ag cruthú ó am go ham.

Cad é an comhthéacs is aistí ina raibh tú de bharr do chuid oibre?

Bhí mé ag caint leis an ealaíontóir Brian Eno i Londain uair amháin agus dúirt leis gur as Árainn mé. Thosaigh mé ag caint faoin gclár Father Ted agus d’fhiafraigh mé de an bhfaca sé riamh é? Dúirt sé “I did, and I was in it”, dúirt mise “What character?” agus dúirt sé “Fr. Brian Eno”!

Cad é do thuairim faoi fhorbairt na Gaeilge sna healaíona in Éirinn?

Tá sé in áit mhaith anois, tá súil agam go gcoinneoidh an tsuim seo suas agus nach gcaillfear an móiminteam atá leis. Feictear dom go bhfuil an fuinneamh céanna ag go leor de na mionteangacha timpeall an domhain anois, b’fhéidir mar gheall go bhfuil daoine ag cuardú cultúr agus anam níos doimhne as an saol.

Cad é do mhana?

Níl tú níos fearr ná aon duine eile agus níl aon duine eile níos fearr ná thú.

Beidh Pádraig Jack ag seinm sa Taibhdhearc i nGaillimh - Padraig Jack agus a Chairde- ar an 29 Eanáir, mar chuid den bhféile Tonnta, Féile Dhátheangach na Gaillimhe.

Una Mullally

Una Mullally

Una Mullally, a contributor to The Irish Times, writes a weekly opinion column