Is cuimhin liom an ócáid ag a bhfuair mé amach go raibh a leithéid de rud ann agus an Ghaeltacht.
Nuair a bhíos i mo pháiste óg á thógáil le Gaeilge i mBaile Átha Cliath sna seachtóidí ní raibh baint na páirt agam leis an nGaeltacht ná níor thuigeas gurbh ann dá leithéid d’áit fiú.
De réir dealraimh tógadh grianghraf díom ar cuairt go hOileán Gaeltachta Chléire amuigh ó chósta Chorcaí nuair a bhíos trí bliana d’aois in 1975 ach níl aon chuimhne agam air sin.

Ba theanga í an Ghaeilge a labhair ár dteaghlach féin agus líon beag teaghlach agus daoine aonaracha aite cosúil linn. Ansin bhí ‘Gaeilge’ ait a bhíodh ag na léitheoirí nuachta a léadh an Nuacht i nGaeilge ar theilifís RTÉ ach ba gheall le teanga dhifriúil é sin domsa. Ní bhíodh Raidió na Gaeltachta ar siúl sa tigh agus ní raibh a fhios agam gurbh ann dó.
READ MORE
Chaitheadh muid mí Iúil agus Lúnasa i gceantar dúchais m’athair i nDún Béacáin ar leithinis in iarthar Chorcaí, ceantar a raibh an Ghaeilge imithe as le fada. Ach théadh muid ar scata cuairteanna uaidh sin go ceantar dúchais mo mháthar in Inse Geimhleach. Agus mé tuairim is sé nó seacht mbliana d’aois lá dá raibh mo mháthair ag tiomáint go hInse Gheimhleach agus mé féin in éineacht léi, stop sí i sráidbhaile agus sheol sí isteach sa siopa mé chun milseáin a cheannach do na col ceathracha.
…na cainteoirí dúchais i gceantracha Gaeltachta ar fud na tíre a roinn a gcuid saibhris go fial liom agus a d’aithin dlisteanacht m’fhéiniúlachta Gaelaí cathrach…
Isteach liom sa siopa gur baineadh an gheit is mó asam ar baineadh asam i mo shaol óg go dtí sin. Bhí idir chustaiméirí agus lucht an tsiopa ag labhairt i nGaeilge. Ba é sin an chéad uair gur chuala mé Gaeilge a labhairt ‘go poiblí’. Ní raibh a fhios agam go bhféadfadh a leithéid de rud tarlú. Suas liom go faiteach chuig an gcuntar chun na milseáin a cheannach, agus don chéad uair i mo shaol labhairt mé le strainséir i nGaeilge. Amach liom sa ghluaisteán gur inis mé an t-iontas do mo mháthair. Is i mBéal Átha an Ghaorthaidh i nGaeltacht Mhúscraí a bhíomar stopaithe.
Níos déanaí sna hochtóidí fuair mo dheartháir is sine jab mar bhainisteoir ar Chomharchumann Chléire i gCo Chorcaí. Faoin am seo bhí a fhios agam faoin nGaeltacht, ach bhí íomhá rómánsúil i m’intinn agam go raibh gach duine ann ag labhairt i nGaeilge an t-am ar fad. Bhíos, b’fhéidir, sé bliana déag d’aois nuair a chaith mé mo chéad seal ar Chléire ag obair i mbialann agus mé ag súil leis a bheith tumtha i bpobal labhartha Gaeilge. Baineadh siar asam nuair nach raibh Gaeilge ar bith ag bean a bhí ina cónaí ann ach, mar a mhínigh sí, ba as Baile Átha Cliath di. Eisceacht mar sin. Agus ní raibh Gaeilge ar bith dar ndóigh ag an bhFrancach a bhí i gceannas ar an mbialann. Eisceacht eile. Ach ní raibh an t-oileánach dúchasach eile seo ábalta ná toilteanach focal Gaeilge a labhairt liom. Diaidh ar ndiaidh tháinig deireadh leis an rómánsaíocht.

Ní hé nach raibh go leor cainteoirí dúchais breátha ar an oileán a bhí an-sásta Gaeilge a labhairt. Bhí seanfhear ar an oileán an t-am sin, Paddy Carey, a raibh cáil air mar dhuine de na cainteoirí dúchais is fearr ar Chléire, agus ar léir é a bheith i bhfad níos mó ar a chompord i nGaeilge ná i mBéarla. Agus dar ndóigh mar Ghaeilgeoir maith (le ‘G’ mór) bhínn féin ag triall ar thobair an dúchais ag iarraidh comhrá a dhéanamh leis, cé nach go réidh a thuigfinn é. Samhradh amháin bhí ar dhuine de na mná óga a bhí ag obair mar bhean an tí do na scoláirí ar an gColáiste Samhraidh imeacht ón oileán de bharr éigeandáil éigin agus fuair mise an jab ionadaíocht a dhéanamh ar a son ar feadh dhá lá. An chéad ‘bhean an tí’ fhireann riamh ar Chléire. Bhuaileas le Paddy sa phub agus nuair a mhíníos an scéal dó bhí sé sna tríthí gáire. “Bean an tí magarlach bíonn sí liobarnach.” Dar ndóigh bhí air é a rá cúpla uair sular thug mé liom é.
Is iomaí ceantar Gaeltachta a bhfuil seal caite agam ann nó cuairt tugtha agam air ó shin i leith. Tuigim gan amhras go bhfuil ceantracha Gaeltachta níos láidre ná Cléire, ach go bhfuil cinn atá níos laige ná í freisin. Ach fiú na ceantracha is láidre tharla eachtraí iontu a chreim píosa beag eile den rómánsachais ionam. An seanfhear i gConamara a dhiúltaigh Gaeilge a labhairt liom cé go raibh mo chuid Gaeilge níos fearr ná a chuid Béarla. An leaid óg i gConamara a bhí ar an ordóg agus ar thugas síob dó agus ar léir an doicheall a bhí air toisc gur i nGaeilge - nó b’fhéidir ‘Gaeilge na leabhar’ dar leis siúd - a bhíos ag labhairt leis.

Tharla malairt eachtraí dom freisin dar ndóigh. An seanfhear i gConamara nach bhféadfainn cur ina luí air tiontú ar ais ar an mBéarla ar mhaithe leis na Meiriceánaigh a bhí liom nuair a fuair sé amach go raibh Gaeilge agam. An tseanbhean i gConamara nár labhair focal Béarla liom féin ná le foireann cláir teilifíse cé gur léir gur thuig sí Béarla - ní raibh aon Ghaeilge ag an gcuid eile den chriú agus b’éigean dom dul i mbun aistriúcháin ar a son. Agus na cainteoirí dúchais i gceantracha Gaeltachta ar fud na tíre a roinn a gcuid saibhris go fial liom agus a d’aithin dlisteanacht m’fhéiniúlachta Gaelaí cathrach, go háirithe mo chomhghleacaithe in RTÉ Raidio na Gaeltachta.
Agus mé ag smaoineamh ar ais go dtí an chéad léargas sin ar an nGaeilge sa siopa úd i mBaol Átha an Ghaorthaidh, tagann amhras orm an raibh an Ghaeilge i ndáiríre chomh láidir sin ann sna 1970idí, nó an amhlaidh gur tharla gur dream ón gColáiste Samhraidh a bhí istigh sa siopa agus mé ann. Níl a fhios agam. Ach roinnt blianta ó shin bhíos i gcaifé i mBeanntraí le mo bhean agus mo chlann óg, bean óg ag freastal orainn. “Are ye from the Gaeltacht?” arsa sise linn nuair a chuala sí ag caint i nGaeilge muid. Mhíníomar di gurbh as Baile Átha Cliath dúinn. “Wow, that’s amazing,” arsa sise. “I’m from the Gaeltacht, from Ballingeary, a few miles out the road there. We speak Irish there. You should come and visit.”
Is craoltóir agus scríbhneoir é Fachtna Ó Drisceoil. Cuireann sé an clár cúrsaí reatha Tús Áite i láthair ó Luain go hAoine ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.
Foclóir:
De réir dealraimh = apparently
ba gheall le = it was like
ag tiomáint = driving
níos laige = weaker
dlisteanacht = legitimacy
go faiteach = nervously
na milseáin = the sweets














