An athbheochan á hadhaint ag díograiseoirí na Bascaise

Tá an Bhascais faoi bhrú ach tá gluaiseacht thiomanta eagraithe taobh thiar den teanga i gcónaí

Léirsiú in 2023 in éadan ionsaithe ar stádas na Bascaise. Grianghraf: Euskalgintzaren Kontseilua
Léirsiú in 2023 in éadan ionsaithe ar stádas na Bascaise. Grianghraf: Euskalgintzaren Kontseilua

Is é ‘pizkundea’ an téarma Bascaise ar ‘athbheochan’; tagann sé ón bhriathar ‘piztu’, a bhfuil dhá phríomhchiall leis, mar atá ‘athbheoigh’ agus ‘las’. Agus is é Pizkundea an t-ainm a chuir scátheagras na Bascaise, Euskalgintzaren Kontseilua (Comhairle na Bascaise), ar ócáid speisialta a reáchtáil siad sa Bilbao Arena ar an 27 Nollaig, agus é de dhóchas acu go mbeadh sí ina splanc lena lasfaí athbheochan teanga.

Tá bliain caite ó d’fhógair Kontseilua agus an Líonra Eorpach um Chomhionannas Teanga (ELEN) go bhfuil an Bhascais ag tabhairt aghaidh ar ghéarchéim theanga. Ar an chéad amharc, d’fhéadfadh sé go gcuirfeadh an tuar duairc sin iontas ort. Tá borradh faoin Bhascais le tríocha bliain anuas agus, cé gur tháinig moilliú air, tá ag méadú ar líon iomlán na gcainteoirí go fóill. Tá céatadán na gcainteoirí Bascaise fós ag titim sa Tuaisceart (i. an chuid sin de Thír na mBascach atá faoi riail na Fraince), áfach, agus i gComhphobal Féinrialaitheach Nafarroa ní bhíonn teagmháil ar bith ag 60% de dhaltaí scoile leis an Bhascais laistigh de shaol na scoile.

Pizkundea á chur chun cinn ar an 2 Nollaig, an lá roimh Lá Idirnáisiúnta na Bascaise. Grianghraf: Euskalgintzaren Kontseilua
Pizkundea á chur chun cinn ar an 2 Nollaig, an lá roimh Lá Idirnáisiúnta na Bascaise. Grianghraf: Euskalgintzaren Kontseilua

Ach ní féidir sláinte teanga a mheas de réir líon na gcainteoirí amháin: is minic a chualathas ráite é gur ‘beatha teanga í a labhairt’. Is é an laghdú ar úsáid na Bascaise is mó atá ag déanamh imní do Kontseilua. De réir suirbhé sochtheangeolaíoch oifigiúil a rinneadh in 2023, ní úsáideann ach 17.5% de chainteoirí Bascaise níos mó Bascaise ná teanga eile. Ar lámh amháin, ní bhíonn go leor deiseanna acu a gcuid Bascaise a úsáid, agus ar an lámh eile, tá fianaise ann go bhfuil muinín – agus fiú cumas – na gcainteoirí á gcreimeadh ag uileláithreacht na dteangacha móra. Maíonn Kontseilua go bhfuil ag méadú ar líon na gcainteoirí ar compordaí leo teanga eile a labhairt seachas an Bhascais agus gur sonraíche anois lorg na dteangacha coimhthíocha sin ar an Bhascais, go háirithe i measc an aosa óig.

Bhí an Bilbao Arena dubh go doras agus 6,500 cainteoir Bascaise i láthair ag an tslógadh: eagraíodh busanna ó bhailte beaga agus móra ar fud Thír na mBascach.

Is ‘arnasguneak’ a thugtar ar na ceantair Bhascaise: ‘limistéir anála’, na háiteanna inar féidir leis an Bhascais anáil a tharraingt. Ach is amhlaidh go bhfuil an teanga á tachtadh sna arnasguneak féin. Tá ag laghdú le tamall maith anuas ar an chéatadán den daonra atá ina gcónaí in arnasgune, agus de réir taighde a d’fhoilsigh Comhlathas na mBardas Bascaise i mí Iúil, mura ndéantar beart suntasach chun an taoide a chasadh, ní bheidh aon cheantar fágtha faoi 2036 ina bhfuil níos mó ná 80% den phobal ina gcainteoirí Bascaise, agus ní bheidh ach 0.2% de dhaonra Dheisceart Thír na mBascach (an dlínse inar láidre an Bhascais) ina gcónaí i gceantar ina labhraíonn 60%-80% den phobal Bascais.

Mar sin féin, tá lánmhuinín ag Kontseilua go dtiocfaidh an Bhascais slán. Nuair a bhí an teanga i gcruachás roimhe seo – mar shampla, sna 1920idí agus na 1970idí – spreagadh athbheochan nua. Fiú le linn réim an deachtóra Francisco Franco, nuair a bhí an Bhascais faoi chosc, bhí sé de mhisneach ag daoine í a theagasc, í a labhairt agus litríocht, ceol agus cultúr a shaothrú inti go fóill.

Bhí slua mór i láthair ag Pizkundea. Grianghraf: Iñaki LL/Wikimedia Commons
Bhí slua mór i láthair ag Pizkundea. Grianghraf: Iñaki LL/Wikimedia Commons

D’eagraigh Kontseilua Pizkundea chun díograiseoirí teanga a thabhairt le chéile ar son na Bascaise agus ar son cearta teanga. Bhí an Bilbao Arena dubh go doras agus 6,500 cainteoir Bascaise i láthair ag an tslógadh: eagraíodh busanna ó bhailte beaga agus móra ar fud Thír na mBascach.

Agus cás na Bascaise á phlé, is minic a luaitear an focal ‘normalú’. “Le bheith in ann an Bhascais a úsáid a bhealach normálta, ní mór cur amach ar an teanga a leathnú, agus, ag an am céanna, is tríd an Bhascais a úsáid a leathnaítear an cur amach uirthi,” a mhínigh Sèbastien Castet in óráid ag Pizkundea.

Le linn na hócáide, leagadh béim ar thrí ghné atá sár-riachtanach chun rath na teanga a chinntiú. Ar an chéad dul síos, teastaíonn cearta teanga lena chinntiú gur féidir le cainteoirí Bascaise a saol a chaitheamh trí mheán na Bascaise agus go mbeidh rochtain ag cách ar dheiseanna foghlama. Tá cultúr – sa chiall is leithne den téarma – ríthábhachtach freisin, chun ‘éiceachóras’ a chothú ina dtiocfaidh bláth agus biseach ar an Bhascais. Agus, thar aon rud eile, teastaíonn rannpháirtíocht phobal na teanga.

Pizkundea á chur chun cinn sa Tuaisceart. Grianghraf: Euskalgintzaren Kontseilua
Pizkundea á chur chun cinn sa Tuaisceart. Grianghraf: Euskalgintzaren Kontseilua

D’éiligh na cainteoirí a labhair ag Pizkundea stádas oifigiúil don teanga sna trí dhlínse a chuimsítear i dTír na mBascach: Comhphobal Féinrialaitheach Thír na mBascach (EAE), Comhphobal Féinrialaitheach Nafarroa, agus Iparraldea (an Tuaisceart).

Faoi láthair, níl aon stádas ag an Bhascais sa Tuaisceart. Ní fhaigheann an teanga aon tacaíocht ón Fhrainc.

I Nafarroa, roinneadh an cúige ina thrí limistéar faoi Dhlí Reachtúil Áitiúil na Bascaise (1986): tá stádas oifigiúil ag an Bhascais sa Limistéar Bascach; sa Limistéar Measctha, níl aon stádas aici ach tugtar cosaint agus tacaíocht áirithe di; agus sa Limistéar Neamh-Bhascach, níl stádas ná cosaint aici. Tá Kontseilua ag iarraidh an dlí sin a chur ar ceal le go mbeadh stádas oifigiúil ag an Bhascais ar fud Nafarroa: reáchtáladh an agóid is déanaí os comhair theach na parlaiminte in Iruñea (Pamplona) ar an 15 Nollaig.

Tá stádas oifigiúil ag an Bhascais san EAE. Mar sin féin, maíonn Kontseilua go bhfuil an stádas sin á chreimeadh le blianta beaga anuas. Ghlac os cionn 70,000 duine páirt in oll-léirsiú in Bilbao i mí na Samhna 2023 tar éis sraith breitheanna trínar baineadh de chearta teanga.

Mar a d’áitigh Aize Otaño in óráid eile, ní mór leas na Bascaise a chur san áireamh agus polasaithe de gach sórt – i dtaca le tithíocht, timpeallacht, eacnamaíocht, oideachas, cultúr agus réimsí eile nach iad – á ndéanamh. In óráid eile, leag rúnaí Kontseilua, Idurre Eskisabel Larrañaga, béim ar inrochtaineacht ar oideachas, agus ar chumasú na bpobal Bascaise – bíodh na pobail sin geografach (arnasguneak) nó sochfheidhmiúil.

Pizkundea san Bilbao Arena. Grianghraf: Ekaitz Zilarmendi Urrutia,/Euskalgintzaren Kontseilua
Pizkundea san Bilbao Arena. Grianghraf: Ekaitz Zilarmendi Urrutia,/Euskalgintzaren Kontseilua

Tugadh aitheantas do thábhacht an chultúir agus na meán cumarsáide ag Pizkundea freisin. Cuimsíodh ceol de stíleanna éagsúla, drámaíocht, rince léirmhínitheach agus bertoslaritza (filíocht thraidisiúnta, a bhfuil cosúlacht éigin aici le lúibíní na Gaeilge), agus ní beag líon na ndaoine mór le rá a ghlac páirt ann: ina measc, an ceoltóir Gorka Urbizu agus na haisteoirí Itziar Ituño agus Ramon Agirre.

Bhí sé de rún ag Kontseilua go léireofaí tiomantas phobal na Bascaise do thodhchaí na teanga, go gcuirfí leis an fheachtas ar son stádas oifigiúil agus go spreagfaí cainteoirí Bascaise chun páirt ghníomhach a ghlacadh san fheachtas sin agus san athbheochan. Ag deireadh na hócáide, ghabh Eskisabel Larrañaga buíochas le gach duine a bhí i láthair. Chuir sí misneach na ndaoine a choinnigh an teanga beo le linn réim Franco i gcuimhne dóibh agus d’iarr orthu oibriú le chéile chun an Bhascais a chur chun cinn.

“Is iad na cainteoirí an teanga; is muidne agus na mílte saoránach eile an Bhascais…

“Gan amhras, má theastaíonn aon rud chun todhchaí a chinntiú don Bhascais, is é neart ár ngrá don Bhascais an rud sin. Roimhe seo freisin, nuair a bhí an Bhascais i gcruatan, chuir grá don Bhascais beocht inti, rinne grá don Bhascais í a athbheochan…

Eagraímis, agus le chéile lasaimis splancacha an ghrá don Bhascais, chun í a athbheochan arís eile.”

Cuirfear tuilleadh mionsonraithe maidir le straitéis agus le moltaí Kontseilua ar fáil sna míonna amach romhainn, agus beidh slógadh mór eile ann i mí an Mheithimh in Iruñea.

Foclóir: Bascais = Basque; athbheochan teanga = language revival; creimeadh = erosion; rannpháirtíocht = participation; cosúlacht = similarity; misneach = courage.