Is glas iad cnoic na hAstráile…

Tá 39 bpeileadóir as Éirinn páirteach i sraith AFL na mban i mbliana, an líon is mó riamh

Grace Kelly, Kayleigh Cronin, Amy Boyle Carr agus Niamh Kelly a imríonn leis na Adelaide Crows. Grianghraf: Sarah Reed/AFL Photos
Grace Kelly, Kayleigh Cronin, Amy Boyle Carr agus Niamh Kelly a imríonn leis na Adelaide Crows. Grianghraf: Sarah Reed/AFL Photos

Imríodh cluichí ceannais na hÉireann i bpeil na mban agus sa chamógaíocht ag tús mhí Lúnasa. Thug peileadóirí Átha Cliath Corn Bhreandáin Uí Mháirtín leo den seachtú huair agus ba iad mná na Gaillimhe a bhuaigh Corn Uí Dhufaigh den chúigiú huair i stair an chontae.

Ó tháinig deireadh leis an séasúr idirchontae an mhí seo caite, is mór an chaint atá déanta ar pheileadóirí Éireannacha a bheith ag imirt san AFLW - an tsraith peile Astrálaí.

D’fhógair TG4 le déanaí go mbeadh Aussie Rules na mBan ag filleadh ar an stáisiún teilifíse. Tá níos mó imreoirí Éireannacha ná riamh tar éis páirceanna glasa na hÉireann a fhágáil agus 39 n-imreoir as Éirinn páirteach ann i mbliana. Ach an bhfuil baol anois ann go mbeidh an séasúr peile in Éirinn agus an séasúr peile san Astráil ag teacht salach ar a chéile?

Deis iontach atá ann do na himreoirí Éireannacha uilig, deis taistil, an seans le maireachtáil thar lear agus blaiseadh den spórt gairmiúil. Grianghraf: Dylan Burns/AFL Photos via Getty Images
Deis iontach atá ann do na himreoirí Éireannacha uilig, deis taistil, an seans le maireachtáil thar lear agus blaiseadh den spórt gairmiúil. Grianghraf: Dylan Burns/AFL Photos via Getty Images

Cé go bhfuil go leor cosúlachtaí idir an pheil Astrálach agus an pheil Ghaelach, chaithfeá a rá gur dhá spórt éagsúla atá i gceist. Deis iontach atá ann do na himreoirí Éireannacha uilig, deis taistil, an seans le maireachtáil thar lear agus blaiseadh den spórt gairmiúil.

Tugtar aire na huibhe do na himreoirí agus leagtar amach pleananna traenála, tacaíocht bhreise, fisió rialta srl. - gnéithe a thugann an-deis do na himreoirí díriú ar an gcluiche agus ar a gcuid imeartha. Thosaigh an AFLW sa bhliain 2017 mar chuid de réabhlóid i gcúrsaí peile na mban san Astráil. Bhí na fir ag imirt san AFL, sraith na bhfear, le fada, ach tugadh deis nua do na mná a bheith páirteach sa spórt.

Tá fás agus forbairt an-mhór tagtha ar pheil na mban san Astráil le blianta beaga anuas. Baineann ceithre chéim le scála pá an AFLW. I gcás na n-imreoirí Éireannacha atá lonnaithe san Astráil den chéad uair i mbliana, is é $67,337 an tuarastal tosaigh (nó beagán faoi bhun €38,000).

Baineann ceithre chéim le scála pá an AFLW. I gcás na n-imreoirí Éireannacha atá lonnaithe san Astráil den chéad uair i mbliana, is é $67,337 an tuarastal tosaigh (nó beagán faoi bhun €38,000).

Faoin mbliain 2027, beidh an figiúr sin níos airde fós, ag $72,373. Nuair a chuirtear an liúntas athlonnaithe (íocaíocht a thugtar d’imreoirí idirnáisiúnta ina gcéad bhliain) ar luach $16,500 san áireamh, is é $83,887, nó €46,969, a bheidh i gceist.

Íoctar as eitiltí abhaile na n-imreoirí idirnáisiúnta chuile bhliain, chomh maith le ticéid fillte do bheirt den teaghlach sa bhaile. Is é $6,000 an ráta atá ar an liúntas athlonnaithe tar éis na chéad bhliana do na himreoirí idirnáisiúnta a théann abhaile agus a fhilleann ar an Astráil arís. Ach tá tuarastal níos airde fós ag roinnt de na príomhimreoirí aitheanta.Tá 36 himreoir i sraith na hAstráile a thuilleann $109,760, nó thart ar €61,500. Faoin mbliain 2027, beidh an tsuim sin méadaithe go $117,968.

Baineann deiseanna agus dúshláin leis an aistear imeartha san Astráil.

Sa bhliain 2018, thapaigh iarimreoir de chuid Mhaigh Eo, Cora Staunton, an deis imirt san Astráil.Ní raibh an AFLW ach ina thús, an dara séasúr ag an tráth sin. Bhain drochghortú di ag deireadh an tséasúir agus í 37 mbliana d’aois. Briseadh dhá chnámh ina tibia, cnámh amháin ina fiobúl agus ceann ina rúitín.

Léirigh Cora crógacht agus diongbháilteacht ar leith nuair a d’fhill sí ar an bpáirc ocht mí ina dhiaidh sin. D’imir sí i gcluiche réamhshéasúr agus d’aimsigh sí cúl! Níorbh í Cora an t-aon Éireannach a d’fhulaing drochghortú san AFLW. Briseadh muineál Bhríd Stack - iarimreoir le Corcaigh - agus bhí an t-ádh dearg léi gur tháinig sí slán óna cuid gortuithe.

I mí na Samhna 2022, b’éigean do Chorcaíoch eile, Erika O’Shea, an pháirc a fhágáil de bharr buille a fuair sí sa tsúil. Chaith sí trí lá san ospidéal gan radharc na súl. Seachtain imníoch a bhí ann di féin agus dá muintir nuair nach raibh na dochtúirí cinnte an dtiocfadh feabhas uirthi. Tá Erika ar ais san Astráil arís den cheathrú bliain i ndiaidh a chéile!

Cuireadh síol shraith pheil na hAstráile breis is seacht mbliana ó shin agus tá an spórt ag bláthú ó shin. Ach cá bhfágann an borradh sin an pheil Ghaelach in Éirinn? Thug iarbhainisteoir de chuid Átha Cliath, Mick Bohan, a thuairim faoi líon na n-imreoirí idirchontae atá ag imirt thall san Astráil anois in agallamh a rinne sé leis an Irish Independent.

Ag labhairt dó tar éis do mhná na príomhchathrach Corn Bhreandáin Uí Mháirtín a thabhairt leo den seachtú huair, dúirt sé go raibh imní air nárbh í an aisling nó an bhrionglóid a bheidh ag imreoirí óga a thuilleadh a bheith ag imirt ar son an chontae ar a shon sin amháin, ach go mbeidh siad ag iarraidh imirt leis an gcontae le deis a fháil a bheith roghnaithe leis an bpeil Astrálach a imirt.

Cuireadh tús le séasúr 2025 san Astráil ar an 16 Lúnasa. Is í an sprioc a bheidh ag na foirne go léir ná áit a dheimhniú sa Chluiche Ceannais a bheidh ar siúl ar an 29 Samhain. Dúshlán nua atá i gceist agus an séasúr san Astráil tosaithe níos luaithe i mbliana áfach, agus dúshlán dóibh siúd a bheadh ag iarraidh an dá thrá a fhreastal anseo in Éirinn leis na foirne idirchontae agus leis na foirne san Astráil chomh maith.

An cheist mhór anois ná an é nach bhfeicfear roinnt de na himreoirí is fearr sa pheil Ghaelach ag imirt in Éirinn amach anseo?