Is fúinn féin atá sé anois

Tá sé riachtanach ar na saolta seo go mbeadh eolas maith ag daltaí ar i bhfad níos mó ná ábhair scrúdaithe amháin

FOCLÓIR: Ullmhúchán - preparation, aitis (var Aiteas) - apprehension, imní - worry, de réir dealraimh - apparently, cúinse - condition, geilleagar - economy, athchúrsáil - recycling, éiginnteacht - uncertainty, - age/era, gustal - means/belongings, spairne - fight

Is minic an ghrian ag taitneamh ag an am seo den bhliain. Mí an Mheithimh atá ann agus cé nach bhfuil an Samhradh ach ag druidim linn go mall ó thaobh na deá-aimsire de, tá séasúr na scrúdaithe faoi lán seoil cheana féin do mhic léinn na tríú bliana agus na séú bliana araon.

Tá mo dheirfiúr óg mar dhuine acu seo. An Ardteist atá idir lámha aici agus í ag staidéar agus ag alpadh eolais ó mhaidin go hoíche.

Cé go bhfuil sé píosa ó rinne ár dtuismitheoirí agus seantuismitheoirí an Ardteist, tá roinnt cosúlachtaí suntasacha a mhaireann sna scrúdaithe go dtí an lá atá inniu ann.

READ MORE

Tá an strus céanna ann: an imní, an eagla agus an síor cheistiú “an éireoidh liom gach aiste Bhéarla a chríochnú laistigh de thrí uair an chloig?”

Cé go bhfuil cosúlachtaí áirithe eatarthu ó thaobh ullmhúcháin agus aitis de, tá modhanna nua múinte in úsáid na laethanta seo.

Cuirtear béim anois ar scileanna éisteachta agus labhartha na ndaltaí a fhorbairt sa rang agus déantar iarracht, freisin, an curaclam a chur in oiriúint do gach dalta - pé cumas atá aige nó aici.

Ní thagann athrú ar an siollabas go minic de réir dealraimh ach ar na saolta seo ar a laghad, bítear ag súil leis go dtabharfar níos mó airde ar na daltaí iad féin chomh maith le cúrsaí reatha an tsaoil.

Cúinsí an tsaoil

Tá sé riachtanach ar na saolta seo go mbeadh eolas maith ag daltaí ar i bhfad níos mó ná ábhair scrúdaithe amháin.

Fágann siad an scoil le linn ré achrannach inar gá dóibh go leor dúshlán a shárú: Brexit, tionchar Trump, easpa cinnteacht oibre agus géarchéim lóistín i measc go leor eile.

Nuair a rinne mé féin an Ardteist, leagadh béim ar leith ar théamaí a bhain leis an ngeilleagar agus ar na fadhbanna a bhain le saol an duine óig go ginearálta. I gcomparáid leis an lá atá inniu ann, is dócha nár tugadh mórán airde ar cheisteanna móra na linne.

B’fhéidir nár tháinig athrú ollmhór ar chúrsaí ón am sin anall ach bíodh sin mar atá, is iomaí casadh atá curtha de ag an saol ó shin.

Cinnte, bhí béim ar athchúrsáil sa rang, ach níor tugadh mórán airde ar athrú aeráide. Ní raibh mórán cainte ann ach an oiread ar cheist an ghinmhillte agus ní raibh pósadh comhghnéis ach ina ábhar plé i measc na bpolaiteoirí don chuid is mó.

Agus mé ag ullmhú do na scrúdaithe sa séú bliain bheadh sé deacair orm a shamhlú go dtiocfadh mórán athrú ar an saol sna blianta beaga a bhí amach romham.

Mar sin féin, tá údar dóchais ann anois. Is léir ó na reifrinn a bhí againn le roinnt blianta anuas go bhfuil daoine óga sásta dul chun spairne le fabhbanna sósialta na linne. Féach freisin leithéidí Greta Thurnberg agus Emma Gonzalez atá tar éis aird an domhain a tharraingt ar athrú aeráide agus ar fhoréigean i Meiriceá.

B’fhéidir go bhfeicfear a dtionchar siúd ar théamaí na h-Ardteiste i mbliana!

Éiginnteacht

Cé go bhfuil roinnt blianta caite ó chríochnaigh mise an Ardteist, tá an éiginnteacht a d’airigh mé ag an am tar éis filleadh orm.

Beidh deireadh le mo chéad phost mar chéimí faoi cheann cúpla seachtain agus beidh dúshláin mhóra amach romham arís.

Cá bhfaighidh mé post? Conas a íocfaidh mé as lóistín?

Tá mé féin agus mo dheirfiúr beagnach sa chás céanna – ar tí dul amach sa san saol mór - agus tá sé scanrúil. Níl a fhios againn cén treo ar cheart dúinn dul agus is fuath linn na ceisteanna damanta sin a chuirtear orainn ró-mhinic: ‘cad a dhéanfaidh tú i ndiaidh seo?’ Agus an cheist eile sin atá níos deacra fós: ‘Cad ba mhaith leat a dhéanamh?’

Ní chruthaítear mórán postanna buana a thuilleadh is cosúil. Agus muid ag caint ar ghairmeacha beatha tuigimid nach maireann cuid mhór acu ach ar feadh tréimhse sealadach agus ní ar feadh saol an oibrí mar a bhíodh tráth.

B’fhéidir gur cheart plean maith a bheith againn. B’fhéidir go mbeadh rudaí níos éasca dá mbeadh a fhios againn go díreach cad é atá uainn ón saol. Ach, tá sé deacair na céimeanna cearta a thógáil chun na mianta seo a bhaint amach nuair atá sean chinnteachtaí an tsaoil chomh héiginnte is atá.

Fadhb an ghustail

Ba mhaith liom go leor a dhéanamh i rith mo shaoil - idir scríbhneoireacht, iriseoireacht agus dlíodóireacht. Fadhb an ghustail í seo, b’fhéidir. An é seo a tharlaíonn nuair a bhíonn an iomarca deiseanna ag duine sa saol?

Nuair a bhíonn rogha le déanamh ag duine, is minic go dtagann eagla air nó uirthi an cinneadh ceart a dhéanamh. Gan dabht tá pribhléid againn. Tá a lán roghanna againn ach ós a choinne sin, tá muid i bpairilis amhail daoine a bheadh faoi gheasa agus iad idir dhá chomhairle faoi na roghanna atá le déanamh acu.

Athraíonn an saol agus tá athrú i ndán dúinn uile.

Ar nós na ndaltaí scoile a roghnóidh cúrsa oiliúna CAO faoi cheann roinnt seachtainí, tá cinneadh nó dhó le déanamh agam féin freisin.

Is fúinn féin atá sé anois.