Techspace ‘na Gaeilge’ le seoladh

Nótaí: Beidh trealamh scannánaíochta, bogearraí físeáin, códú, ceoil agus stiúidió taifeada ar fáil

* Agus an oiread sin daoine tógtha le saol digiteach na linne, ní h-aon ionadh é go mbíonn an-tóir ar chúrsaí nó áiseanna ar bith a thugann seans do dhaoine óga na scileanna cuí a fhoghlaim.

Beidh an deis sin anois ag aos óg na Gaillimhe le h-oscailt oifigiúil ionad buail isteach teicneolaíochta, ‘Techspace Áras na nGael’.

Gréasán náisíúnta is ea Techspace a chuireann oiliúint dhigiteach agus theicneolaíoch ar fáil go deonach do ghrúpaí óige.

Tháinig an charthanacht Camara Education Ireland, Áras na nGael, Conradh na Gaeilge, Foróige agus Ógras le chéile chun seirbhísí Techspace a chur ar fáil do dhaoine óga trí mheán na Gaeilge.

READ MORE

Tionscadal píolótach bliana a bheidh ann.

Tá deontas €419K don Chlár TechSpace ceadaithe ag an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta go dtí seo agus is é an tAire Stáit Seán Kyne a sheolfaidh Techspace as Gaeilge go hoifigiúil san ionad inniu.

Cuirfear réimse leathan ábhar teicneolaíochta agus digiteach ar fáil agus tá sé i gceist go mbeadh Techspace ina ionad buail isteach teicneolaíochta Gaeilge do dhaoine óga ag na deireadh seachtainní.

Beidh trealamh scannánaíochta, bogearraí físeáin, códú, ceoil agus stiúidió taifeada ar fáil saor in aisce do scoileanna agus grúpaí óige ó Chathair na Gaillimhe agus Contae na Gaillimhe.

D’eagraigh Techspace TechFéile sa chathair i mbliana agus reáchtálach 20 ceardlann agus 10 gcomórtas mar chuid de sin.

* Reachtáil Muintir Thír Eoghain i mBaile Átha Cliath tráthnóna ceiliúrtha ar an Aoine seo caite in ómós don Mhonsignor Breandán Ó Doibhlin.

Úrscéalaí, léirmheastóir, aistritheoir agus fealsamh mór le rá i saol liteartha na Gaeilge é an tAth Ó Doibhlin agus ‘sé an tAthair Mícheál Mac Craith, iar-Ollamh leis an Nua-Ghaeilge in Ollscoil na Gaillimhe, a thug an t-aitheasc ar a shaothar. Cuireadh an t-úrscéal is úire de chuid Uí Dhoibhlin, Sliocht ar Thír na Scáth, faoi lán seoil ar an oíche.

Éanna Ó Caollaí

Éanna Ó Caollaí

Iriseoir agus Eagarthóir Gaeilge An Irish Times. Éanna Ó Caollaí is The Irish Times' Irish Language Editor, editor of The Irish Times Student Hub, and Education Supplements editor.