Agus Game of Thrones thart, cad faoi a labhróidh daoine?

Mothaím mar a bheadh easaontóir cultúrtha ann

Foclóir: dorchadas - darkness, cróga - brave, seachaint - avoid, sult - enjoyment, admháil - admit, spruschaint - small talk, spéis - interest, gann - rare, feirmeoireacht - farming, aonchúis - on purpose , amscaí - awkward, eascraíonn - springs, easaontóir - dissenter.

Game of Thrones. Tá sé thart anois, agus tá mé buíoch go bhfuil.

Eipeasóid de chan fhaca mé riamh, caithfidh mé a rá, in ainneoin gur féidir liom ceann de na háiteanna a úsáideadh chun Westeros a chruthú a fheiceáil ó dhoras a’ tí.

Ar son na ndéithe ná lua sin le duine ar bith le do thoil.

READ MORE

Caithfidh mo leithéid fanacht i bhfolach, sa dorachadas.

Rinne daoine iarracht teacht amach ar Twitter cheana.

“Ní amharcaim ar Game of Thrones,” a dúirt siad go cróga.

Bhéic daoine ar ais orthu:

“Is cuma linn. Dún do chlab. Muise, nach tusa atá iontach? Cad atá uait - bonn?”

Chomh paiseanta is a bhí roinnt de na ráitis seo atá feicthe agam is léir dom gur smaoineamh maith é gan an rún seo a lua le duine ar bith.

Cuirtear ceist orm san obair faoi gach lá áfach - “An bhfaca tú Game of Thrones aréir?”

Déanaimse iarracht an cheist a sheachaint, ní bhreathnaím i súile dhuine ar bith, ach níl aon éalú ann.

Amharcann an saol mór air, gach duine beo, agus sin sin - glac leis, gabh leis, níl aon mhaith cur ina aghaidh.

“Ba chóir duit a amharc air,” a mholtar dom go láidir, “bhainfeá sult as”.

“Níl an t-am agam faoi láthair,” a deirimse os ard.

“Ach níl mé ag iarraidh amharc air ná sult a bhaint as fiú,” a deirim liom féin.

Mothaím mar a bheadh easaontóir cultúrtha ann.

Ach seo an rud, tá sé deacair labhairt le daoine nuair nach bhfuil an spéis chéanna agat leo.

“An bhfaca tú an pheil?”

“Chan fhaca,” a admhaím - ach cad tuige a bhfuil mé á admháil - níl aon suim agam ann agus ní peaca ná coir é.

“Ar chuala tú albam nua na hArtic Monkeys?” a fhiafraíonn an duine taobh liom.

“Muise, níor chuala,” a deirimse, ag iarraidh gan a léiriú nár chuala mé trácht orthu mar Mhonkeys.

Ag an bpointe seo, tá tú ag smaoineamh: ‘a leithéid d’amadán - tá sé ag iarraidh a mhór a dhéanamh de féin de bhrí nach bhfuil sé cosúil linne.’

“Tá sé á dhéanamh d’aonchúis, tá tú ag déanamh iarrachta gan amharc ar Game of Thrones,” mar a dúradh liom uair.

Seans gur fíor é sin, go domhain i m’inntinn - ach ní ritheann sé sin liom ó lá go lá.

Teipeann ar iarrachtaí chun spruschaint a spreagadh liom de bhrí nach dtuigim faoin spéir cad atá daoine ag caint faoi - rud atá amscaí dúinn ar fad.

Feictear dom áfach go bhfuil mionchomhrá cóir dodhéanta gan chultúr coiteann.

Smaoinigh air anois, gan Game of Thrones, gan pheil, gan phopcheol - cad faoi a labhródh daoine?

Daoine eile is dócha, ‘bitseáil’ mar a deir an ceann eile.

Ar ndóigh, is maith le daoine popcheol, a bheith ag amharc ar Game of Thrones agus ag dul chuig cluichí peile, ní ag séanadh sin atá mé.

Is imeachtaí grúpa iad, fiú agus tú ag amharc nó ag éisteacht i d’aonair, cabhraíonn siad le daoine agus iad i mbun chomhluadair lae.

Tuigim anois, agus mé sa dara leath de mo shaol, go bhfuil spéis ag daoine sa chultúr mór coitianta de bhrí go n-éascraíonn sé mion-chomhrá agus caidreamh.

Tá suimeanna éagsúla againn ar fad, ach cha bhíonn mórán i gcoitinne againn, go háirithe san áit oibre - mar sin de - “An maith leat Game of Thrones”.

Is maith liom féin an stair, go háirithe stair an dara cogadh domhanda, teangacha, polaitíocht, feirmeoireacht - níl mé chomh leadranach sin a’ bhfuil?

Is gann na daoine a bhíonn ag iarraidh labhairt faoina leithéid ag tobar uisce na hoifige!

Cibé ar bith, beidh clár teilifíse nua ann go luath - athrófar an comhrá go dtí an clár sin.

“Ach an amharcfaidh tú ar an gclár nua sin ar mhaithe leis an gcomhluadar,” a deir tú.

Seans ar bith!