Na cuaillí feistithe

Bhí toghchán ar siúl agus bhí na sráideanna breac le dathanna.

Is cuimhin liom a bheith san Iodáil blianta fada ar ais agus mé ag máinneáil timpeall mar is nós liom. Thuirling mé i gcathair Milano agus bhí sé ag cur báistí - nó sin a shíl mé. Is amhlaidh go raibh sé ag cur bileoga anuas ón spéir ó eitleáin agus ó heileacaptair a mbíodh ‘ingearáin’ orthu san am. Bhí toghchán ar siúl agus bhí na sráideanna breac le dathanna. Na fógraí ar na foirgnimh bhí ag múchadh an aeir. Mé ag satailt ar chairpéad d’ábhar bolscaireachta ar na sráideanna. Póstaeir ar gach cuaille, pictiúr ar gach clár, grianghrafanna sna fuinneoga, duillí á sacadh isteach im dhorn. Ní fhéadfá a bheith gan fios go raibh toghchán faoi lánseol.

Agus anois, tá cancaráin agus piúratánaigh agus íonghlantóirí agus nuafhaiseanaigh na huaire ag gearán agus ag cnáimhseáil agus ag déanamh olagóin go bhfuil póstaeir in airde ar ár gcuid cuaillí féin! Nach dúr atáid? Nach bhfuil a fhios acu gur cuid den charnabhal náisiunta, den gheamaireacht phoiblí, den spraoi ócáidiúil é toghchán a bheith againn? Cuid den riachtanas poiblí anois é toisc go bhfuil an fhaoistin imithe i léig agus peil na sráide imithe ar gcúl. Cad a dhéanfaimis de cheal ár gcomórtas spóirt ó am go chéile, de cheal ár gcluichí gliaireacha go fiú is mura bhfuil trírinn agus líontán acu mar a bhíodh sa Cholasaem?

N’fheadar fútsa, ach is aoibhinn liomsa aimsir toghcháin. Ní hé an cacamas ó bhéal na n-iarrthóirí, mar ní hiad is ciontach leis an allagar. Ní hiad na ceisteanna baotha nach foláir don neach raidió nó teilifíse a chur orthu gan straois an gháire ag réabadh pluic. Agus ní hiad na freagraí a thugtar a bhféadfadh algartam ar bith a fhreagairt ach an t-ionchur ceart a bheith suncáilte sna bogearraí.

Go deimhin féinig féin, imrím cluiche liom féin (mar adéarfá) nuair a chuirtear ceist ar pholaiteoir ar an teilifís nó ar an raidió déanaim í a fhreagairt dó im aigne. Agus féach! Bíonn an ceart agam! Is mór an spórt é. Bain triail as tú féin uair éigin. Beidh an ceart agatsa chomh maith céanna.

READ MORE

Is chuige sin a bhfuil gean agam ar na póstaeir. Tugtar le fios dúinn gurb iad seo na daoine a bheidh ag seasamh ar ár son go logánta, nó i bPairlimint Mhór Shaibhir na hEorpa. Is ea, leis, ach ní i gcónaí a bhíonn an t-iarrthóir mar a thuairisc, nó mar a ghrianghraf. Ní hé go bhfuil bótocs fachta ag scata acu, ach is cinnte go bhfuil na bearnaí líonta thall is abhus. Na méirscrí glanta, na spotaí díbeartha, na fiacla glanta, na scoilteanna ar an gclár éadain dúnta le hábhar éigin míorúilteach. Is cuma nó cluiche eile é féachaint an féidir leat an duine a cheangal leis an bpictiúr.

I gcásanna go leor tá siad inaitheanta sa mhéid is go bhfaca tú cheana iad. Cuid eile acu, bhainfeadh siad geit asat ar thairseach an dorais nuair a déarfadh siad leat cé a bhí romhat mar bhí samhail eile ar fad agat díobh. Mé i mbun comórtais féachaint cén duine is lú a bhfuil a phictiúr póstaeir ag teacht lena sheasamh sa doras nó lena chuma ar an teilifís.

Is iomaíocht ghéar í. A bhformhór níos óige go mór ná aois a dteastais bhreithe. Ní hé gur grianghraf na chéadchomaoineach atá i gceist le haon duine díobh, ach caithfead an chraobh a thabhairt do Frances Fitzgerald dá bhfuil feicthe agamsa. Bean bhreá í a bhfuil seirbhís don stát tugtha aici, gan amhras, ach ar nós Raiftearaí ní foláir nó gur imigh an aois di agus í arís óg. Is cinnte óna póstaer go bhfuil ró-óg le seasamh don uachtaránacht faoi láthair.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar