Cnámh le crinneadh

‘Foréigean na hÉireann go dona; foréigean na Breataine go breá’


An féidir é a stop? Ní raibh i gceist agam filleadh go furasta air, ach aon uair a n-osclaíonn an t-Iar-Thiarna Bruton a bhéal tagann ráig fuinnimh chugam. B’fhéidir gur cheart dom a bheith buíoch de, mar sin.

Ach is mó is baol don bhrú fola agus don mheabhair shlán.

Bhí sé ag pápaireacht agus ag poipíneacht uaidh arís ag an deireadh seachtaine seo caite mar gheall ar mhí-mhoráltacht an Éirí Amach. Éirí Amach 1916 ar eagla an dearmaid. Lá loicht níl aige ar an gCogadh Mór.

Nuair a tharlaíonn seo tógaim rásúr Occam amach as mo phóca chomh maith lem áireamhán. Ní maith liom rásúr Occam a úsáid mar is meafar foréigneach é agus tharraingeodh fuil.

READ MORE

Ach nuair a bhearraim deas is clé leis, agus nuair a thiteann an raingléis, agus an clúmh, agus na ribí ruainneacha ar fad ar lár, is é atá fágtha: “Tá foréigean na hÉireann go dona; ach tá foréigean na Breataine go breá.”

Maidir lem áireamhán, tá sin i bhfad níos casta mar níor réitigh gnéithe den uimhríocht riamh liom.

Ach b’é Bruton a tharraing isteach sa phlé na sibhialaigh bhochta gan urchóid a maraíodh – agus bhí siad ann gan bhréig agus go tubaisteach agus go gránna agus go domhaite – agus iarmhairt an Éirí Amach a thug Cogadh na Saoirse agus Cogadh na gCarad (mar adéarfá) leis.

Ach ná habair go bhfuil comparáid a déanamh aige maidir le carn na gcorpán? Mé ag tochas mo chinn go tréan – agus an bhfuil a fhios agat, tá!

Cá dtosnóimis mar sin? Gan amhras, níl na figiúir seo cruinn amach is amach idir eachtra agus iarmhairt mar is beag an tábhacht atá leis an mbeatha aonair i gcúrsaí cogaíochta, ach déanaimis iarracht, pé in Éirinn, pé sa domhan é.

Abraimis ar an gcuid is mó dhe gur thart ar 400 duine a fuair bás seachtain úd na Cásca. Deir daoine go bhfuil seo i leith na háibhéile, ach fágaimis sin i leataoibh na slí go fóill.

Suas is anuas le 1,400 i gCogadh na Saoirse, agus timpeall ar 2,000 i gCogadh (mar adeirtear) na gCarad. Ag dul siar ar mo chuid digití dhom, déanaim amach gur tátal de 4,000 go hachomair ar fad an méid sin.

Gabh amach ag siúl anois agus bíodh cupán tae nó caifé nó oigiséad de dheoch láidir agat nuair a thig tú ar ais. Suigh síos agus siar, agus déan do mhachnamh ar uafás na marbh sin.

Bhí iomarcach agus gránna agus ba mhac nó deartháir nó athair é gach duine de na fir a maraíodh, ní áirím na mná fós.

Leag an figiúr sin ar an gclár os do chomhair amach, cuir ar an bpláta é. Déan iarracht ar a shamhlú. Gach mac máthar agus iníon athar díobh. Níl déanta fos agat, mar tá tú ag iarraidh sciorradh ar aghaidh. Ach tóg id mheabhair iad. Cuir i bpáirc peile iad. Samhlaigh an méid a gheofá i ndroch-chluiche Léig na hÉireann i lár tíre i gcorp an gheimhridh istigh. Is féidir iad a fheiceáil.

Anois smaoinigh ar an an rud atá dofheicthe, an t-uafás atá doshamhlaithe. An cogadh mór féin 16,000,000 duine a maraíodh, gan a raibh leointe agus gortaithe agus curtha ó rath a áireamh.

Bhueil, ceart go leor, tuairim is 20,000,000 eile, ach nílim chun dul sa chró sin óir chamfadh sin an scéal simplí.

Níl aon duine a mhaífeadh nár iarmhairt an dara cogadh barbartha ar amaidí an chéad chinn, sin 60,000,000, eile ar a laghad.

Tá súil agam nach bhfuil d’aigne cnagtha ar fad leis na figiúir seo, mar tá tuilleadh fós ann.

In eireaball an chogaidh mhóir atá á chomóradh anois amhail is gurbh eachtra ghlórmhar a bhí ann fuair suas le 100,000,000 eile bás de dheasca an fhliú Spáinnigh – La grippe Espagnole – ar tugadh chun na hEorpa é le fórsaí Mheiriceá, nó ar a laghad gur scaipeadh go mear ina measc agus amach ar fud an phobail é ó 1918 go dtí 1920.

Cuirim mo chuidse figiúr ar fad isteach san inneall. Maistreann agus munglann timpeall. Clupann agus cluncann. Tá an t-áireamh déanta!

Éirí Amach na Cásca agus ar lean de = 4,000 bás. Cogadh mór John Redmond Bruton agus ar lean de = 176 milliún bás.

An ceann sin buaite ag an Tiarna Bruton go fuíoch. Go deimhin, ar son gach duine ar éirigh leis an scliúchas beag oileánda seo a chur chun báis,…bhuel, is féidir leat do chuid uimhríochta féin a dhéanamh.

In ainneoin mo chuid aineolais ní féidir liom an chothromóid sin “Foréigean na hÉireann go dona; foréigean na Breataine go breá” a shlánú.

Ar a shon féin, an féidir le duine ar bith stopallán a chur ann?