Tar Éis na dToghchán

Is é an t-idéalachas an t-inneall a ghluaiseann an saol

Is ea, tá sé thart anois, an comhaireamh déanta, na pubaill stoite aníos, na ceapairí fágtha, an caifé fuaraithe, an bladar caite, na deora silte, an greann thart, na créachta leathchneasaithe, an líorac tirimithe, an ceiliúradh curtha i gcrích, agus cá bhfios fós, beart éigin le déanamh? Bhí laethanta faoi na toir againn ag faire na vótaí agus na ndréimirí comhairimh ag luascadh suas is síos, gan trácht ar dhaoine a bheith ag titim díobh.

B’í an tonn ghlas ab iontaí le daoine, tonn nár thonn Ruairí é ag buair le trá, ná tonn Chlíona ag cogarnach le cósta, ná tonn Scéine ag cur eagla ar dhaoine ach tonn na nglasraí idir chabáiste agus leitís agus bhrocólaí a ndeir na dochtúirí leighis ar fad gurb iad is fearr dúinn. Tá an ceart acu gan amhras, agus bíodh nach fear mór glasraí mé féin, seachas trátaí (och, torthaí iad sin), agus seilire atá bán, agus meacan dearg atá rua, is toigh liom feoil bhéisteanna agus ainmhithe an aeir anois is arís - anois is arís - de dheasca cúpla míle bliain den rud a dtugtar éabhlóid air.

Is é is eagal liom, áfach, nach tonn in aon chor a bhí ann. Corraíl bheag in intinn na meánaicme a bhfuil go leor agus thairis go leor acu. Sioscadh siosarnach ar chúl na coinsiasa. Vóta freasúra nach vóta freasúra in aon chor é ach casachtach bheag ghlanascornaí ar nós an Alliance ó thuaidh. Táimid mar seo is mar siúd, ach is maith linn gotha eile a chur orainn féin anois is arís ionas nach mbeidh orainn dul chun faoistine amach anseo. Ní de ghlansheans é gur vótaí airgid is mó a thugtar don pháirtí glas, seachas vótaí na ndaor is na sclábhaithe lae.

Vótaí an idéalachais atá ag comáint neart na nglasraí. Is iontach sin. Má chailleann tú an t-idéalachas sin tá chomh maith agat luí siar leis an mbó sa ghort nó leis an gcearc sa mhonarcha agus bás a fháil. Nó leis an ngabhar ar an gcnoc, leis an muic sa chró. Is é an t-idéalachas an t-inneall a ghluaiseann an saol. Mura mbeadh an t-idéalachas bheimis fós dár rialú ag caipitligh ramhra agus ag ríshleachta de chuid na nHapsbugairí agus na mbrioscaí Bourbon agus eile.

READ MORE

Bíodh is nach dtuigim in aon chor é, is de ghluaiseacht na cruinne é go mbogann daoine lagmheabhracha óna bheith ina n-idéalaithe óga lándóchais de chuid na heite clé ina ndéaga go dtína bheith ina seanchrústaigh chancaracha de chuid na heite deise i meán a laetha. Is eol dúinn go léir iriseoirí agus polaiteoirí a bhí ina réabhlóidithe poblachtánacha (iad ina Maoaigh fiú) agus iad ina mic léinn ollscoile agus gur ghluais siad go sleamhain slán siar le bheith ina lucht taca do na páirtithe ba bhinbí de chuid na heite deise, abhus agus ó thuaidh.

Ar éigean gur mar sin a ghluaisfidh na glasraí, agus sinn ag guí do na pláinéid nach mar sin a bheidh. Ach ní hiad na hidéalaithe sin is cás liom in aon chor: na sluaite ógánach idir bhaineann is fhireann is idirinsneach is ilghnéasach a tháinig amach sna tíortha saibhre in aghaidh scrios an domhain, b’iontach iad agus mura bhfuil ár mbrath orthu tá deireadh linn. Ach b’iad na daoine nár tháinig amach is cás liom. Na daoine sin ar chúl ar ranga a choimeád a mbéal dúnta is a n-intinn acu ar an gcuntasaíocht, ar an tionsclaíocht, ar an mbóthar ard. Sin iad na daoine a mheánn. Sin iad na daoine a bheidh i gceannas. Sin iad na daoine a vótáil ar son an 90 faoin gcéad nach de ghairdín na nglasraí iad.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar