Blúirí Páipéir

Ba dhóigh leat nár cheart gurb é a dhála seo é maidir le Sasana, leis an Aontas Eorpach agus linne.

Tá cáil cheana féin ar eachtra a thuairiscigh Túcuididés mar gheall ar chogadh na Peloponéise idir an Aetéin agus na Spartaigh. Is é eachtra atá i gceist nuair a iarrann na hAetaenigh ar na Meiliánaigh géilleadh óir nach bhfuil aon tseans acu seasamh ina n-aghaidh. San allagar dóibh, luaitear an nath a bhfuil leathantas fachta aige ó shin maidir le cúrsaí cogaidh: ‘Déanfaidh an neart an méid is féidir leis, agus fulaingeoidh an lag mar is dual.’

Is é an ráiteas is loime realpolitik é dá bhfuil, agus níos soiléire go mór ná a raibh á rá ag Machiavelli é féin. Is é sin, an té a bhfuil neart aige tá an ceart aige, nó ‘an té atá thuas óltar deoch air, an té atá thíos buailtear cos air’, nó i bhfocail eile ‘Nuair a ligeann an leon béic bíonn na hainmhithe eile ina dtost, nó i bhfocail eile fós, ‘Ní fiú don ubh dul chun aighnis leis an gcloch’, nó ar eagla nár thuig tú é ‘Smachtaíonn an teann an fann.’

Bhí mar sin riamh anall, agus bíodh a theist sin ar na conraí a déanadh idir údaráis na Stát Aontaithe agus na náisiúin bhundúchasacha i Meiriceá. Áirítear breis agus 500 díobh, agus is beag ceann nár smiotadh ina smidiríní, nár briseadh ina bhloghtracha, nár stracadh ina slisní nuair a d’oir. Agus d’oir i gcónaí.

Is mó sin conradh atá sínithe ag ár nUncail Somhairle nach bhfuil daingnithe i gceart aige, cinn a bhaineann le céasadh príosúnach, cearta páistí, cosc ar mhianaigh talún, gan trácht ar an tslí gur shéan sé an conradh idirnáisiúnta a chuir teorainn le pleananna núicléacha na hIaráine a bhfuil glacadh ag an domhan mór leis seachas é féin.

READ MORE

Luaim na Stáit Aontaithe, óir is iad an sampla is léire d’ollchumhacht mhór bhéistiúil iad ar féidir leo carbad iarainn nó tanc nó ollscairtire a thiomáint trí shocrú ar bith is áin leo. Is é sin, de ghnáth baineann séanadh conartha le fathach mór gránna nach bhfuil sásta broic le dreancaidí beaga an abhaic a bhíonn á phriocadh níos mó.

Ba dhóigh leat nár cheart gurb é a dhála seo é maidir le Sasana, leis an Aontas Eorpach agus linne. Is fíor gur dócha sna seomraí dorcha diamhaire sin sa Bhánhalla agus i gcófraí rúnda Theach na gCummingses go bhféachtar fós orainn mar chuileoigíní i moing an leoin, mar mhíoltóga in ascaill na himpireachta, mar chigilt chráiteach ar féidir le tochas amháin é a ruaigeadh. Is róbhaol go bhfuil polaiteoirí agus aicmí bladair anseo atá ar aon intinn leo más aon teist an plámás bog agus friotal na bpampútaí bána ó chuid, amhail is nach dtuigtear gurb é an t-aon fhreagra a thuigeann an bulaí ná seasamh i bhfeac agus cosa daingne fút sa choincréit. Ar a laghad, dealraíonn go bhfuil miotal éigin san Aontas Eorpach a chomharthaíonn go mbeidh seachtainí suimiúla amach romhainn.

Is é oighear diachrach an scéil é maidir leis an mBanríocht Saghas-Aontaithe é ná go bhfuil na hAlbanaigh agus na Breatnaigh Bheaga le cuthach feirge chomh maith ar a gcúiseanna féin. Ní bheidh d’iarmhairt air sa deireadh ach go mbeidh Breatain nua againn darb ainm Sasana, agus beidh na codanna eile ag snámh siar ó dheas agus cruinn díreach ó thuaidh agus go mbeidh fáisceán na teorann anseo á scaoileadh go brách. Beidh Sasana ina uath agus ina aonar leis féin go sleamhain slán, rud a bhí ag teastáil uathu go dóite.

Go deimhin, tá pobail ann nárbh fhiú leis na húdaráis mhóra blúirí páipéir ar bith a shíniú leo, ar nós bundúchasaigh na hAstráile. Ar a laghad, aithníonn na Sasanaigh nach búmaraing atá á gcaitheamh leo anois.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar