Cad a dhéanfaimid feasta gan mhóin?

Tá deireadh na bportach ina chúis bhróin, a scríobhann Séamus Kavanagh

Foclóir: astúchán - emission, sleánadóir - turf-cutter, cuingithe - yoked up, púir mhíoltóg - a swarm of midges. scrogall - neck, taiscumar - storage sink. bithéagsúlacht - biodiversity. faoileoireacht - soaring, fórsa domhantarraingthe - force of gravity, Portach na Naoscaí - Snipe Bog.

Tá comhrialtas nua againn ina bhfuil cumhacht á roinnt idir thrí pháirtí. Cé go raibh na páirtithe eile faoi anáil na fealsúnachta glaise cheana, bhí drogall orthu na cinntí crua a dhéanamh chun an timpeallacht a chosaint. Ach níl an dara suí sa bhuaile acu anois, áfach, ach beart a dhéanamh de réir a mbriathar toisc go bhfuil an Comhaontas Glas i gcumhacht leo agus go gcuirfidh an páirtí sin a chosa i dtaca i dtaobh a chuid pholasaithe féin chun cúlú ar athrú aeráide a chur i bhfeidhm. Mar thoradh ar an mbrú polaitiúil sin, bheartaigh an rialtas nua sa Chlár Rialtais, astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú faoi 7 faoin gcéad ar an meán in aghaidh na bliana.

Is é an dé-ocsaíd charbóin an t-astúchán is díobhálaí. Astaíonn móin níos mó carbóin ná gual i nginiúint leictreachais agus dar leis na Glasaigh caithfear stop a chur le móin a dhó i stáisiúin chumhachta agus le baint mhóna ar mhaithe le húsáid bhaile.

Gó traidisiúnta, in Éirinn bhí an-chuid daoine ag brath ar an móin mar fhoinse teasa agus cócaireachta. Ní amháin san ach ó 1946 i leith bhí an stát féin tiomanta chun acmhainn nádúrtha na bportach a shaothrú ar mhaithe le fuinneamh a ghiniúint agus fostaíocht a sholáthar i lár agus in iarthar na tíre. Thóg Bord na Móna eastáit tithíochta dá oibrithe d’fhonn lucht saothair a bheith ar fáil sna portaigh. Ceann de na heastáit sin ab ea An Choill Dubh i gContae Chill Dara - áit a raibh cónaí orm tráth. Tá ceangal ar Bhord na Móna eirí as na portaigh faoi 2030. Ní fada go bhfaighidh an sleánadóir aonair bata agus bóthar freisin.

READ MORE

Ni féidir liom dearmad a dhéanamh riamh ar lá sneachta i mí Aibreáin blianta fada ó shin nuair a bhí mé ag obair i bportach i bhfoisceacht cúpla míle ó Choill Dubh. Ba bheag nár chaill mé mo lámha a bhí préachta go cnámh ag iarraidh breith ar fhóid fhliucha fhuara móna ó shleánadóir díograiseach, neamhthrócaireach.

Le linn na 1960idí nuair a bhí mé i mo dhéagóir bhíodh mé féin agus m’uncail ag baint móna i bPortach na Naoscaí in aice le Mainistir Éimhin. Bhíodh seisean i mbun an tsleáin agus mise mar leathbhádóir aige ag glacadh fóid mhóna uaidh. Bógaí adhmaid a raibh asal beag cuingithe air a bhíodh againn chun na fóid a scaipeadh ar thalamh ní b’airde agus ní ba thirime. Agus an chéad ualach scaoilte as an mbógaí agam ritheadh sé liom go géar nach raibh ansin ach tús sclábhaíocht an tsamhraidh mar bheadh cnuchairt agus sábháil na móna sna sála agam.

Ní thagadh an sos luath go leor domsa mar bhíodh mo sháith agam de chuing na daoirse faoi mheán lae gan trácht ar ionsaí ó phúir mhíoltóg a bhí le teacht sa tráthnóna. Leathuair roimh an sos, bhailínn cipíní chun tine a réiteach le haghaidh lóin - ceapairí bagúin, uibheacha cruabhruite agus tae. Bhíodh bainne againn i mbuidéal ina raibh píosa páipéir stuáilte isteach ina scrogall agus curtha i dtaisce i gcuisneoir - poll móna lenár dtaobh. Tugann baint mhóna an-ghoile duit agus geallaimse nár chuir mé am ar bith amú ag alpadh siar na gceapairí agus na n-uibheacha -mar b’iomaí lá ar an bportach a choimeád na huibheacha céanna greim faoin bhfiacail agam. Deirimse leat nach raibh mé ag comhaireamh na gcalraí ach oiread!

An uair sin ní raibh iomrá ar bith ar athrú aeráide, astaíochtaí nó lorg carbóin - ba iad na clocha ba lú ar ár bpaidrín. Ní raibh barúil faoin spéir againn cé chomh díobhálach is a d’fhéadfadh sé a bheith don timpeallacht móin a bhaint i gcomhair an gheimhridh.

A bhuíochas do na Glasaigh agus na gníomhaithe timpeallachta as aird a tharraingt ar an bhfadhb. Tá mé eolach ar thábhacht na bportach mar thaiscumair charbóin agus mar ionaid bhithéagsúlachta anois, ach i gcás m’uncail, ní thiocfadh leis a leithéid a shamhlú riamh. Níl amhras ar bith ná go bhfuil luach suntasach ag baint le portaigh ardaithe. Tá an stóráil carbóin ina hacmhainn thábhachtach sa streachailt chun srianta a chur le hathrú aeráide.

Glacaim leis anois go bhfuil idir dhraíocht, mhistéir agus áilleacht ag baint leis an bportach ó thaobh na bithéagsúlachta de. Is tearmann dúlra é ina bhfuil réimse leathan plandaí agus ainmhithe le feiceáil. Nuair a chloiseann tú fead an chrotaigh buailtear le goin uaignis thú; ach chomh gasta céanna ardaítear do chroí arís le faoileoireacht na fuiseoige chun na spéire. I mí na Bealtaine nuair a bhíonn na bláthanna clúmhacha faoi bhláth agus an ceannabhán go flúirseach d’fhéadfaidís tírdhreach iomlán nua a chruthú. Ba mhinic i mí Mheán Fómhair a chonaic mé an fraoch ag cur dath corcra ar an bportach. Leis an fhírinne a rá, áfach, níor aithnigh mé áilleacht nó draíocht an phortaigh nuair a bhíodh mé i mbun obair chéasta ann fadó.

Ní fheadar cad a déarfadh m’uncail faoi scéal brónach na bportach, dá mbeadh sé beo slán? Samhlaím é ina luí in éadan an tsleáin ag tóin an phortaigh. Tá bun de Woodbine greamaithe dá bheola ar a bhfuil eireaball de luaithrigh ag bun an toitín ag dul in aghaidh fhórsa na domhantarraingthe. Ní chuireann sé fiacail ann ina fhreagra: ‘An dteastaíonn uathu go bhfaigheadh na cosmhuintir bás den bhfuacht agus den ocras de cheal breosla geimhridh?’