Baile na hAbhann i gCill Mhantáin: An Baile Fearainn a bádh

Baile tuaithe ba ea é Baile na hAbhann ina raibh 76 teach cónaithe, 300 feirm agus 5,500 acra de thalamh ann

Foclóir: Taiscumar - reservoir; baile fearainn - townland; díbir - force from home; gabháltas - holding; cúirt eadrána - arbitration court; loc-chomhlaí - sluice gates; grinneall - bottom; seisreach - plough-team; sirriam - sheriff.

Le linn na 1980idí thugainn cuairt ar chol cheathrair le mo mháthair a raibh cónaí air cóngarach do Lochanna Bhaile Coimín (Taiscumar Pholl an Phúca) in iarthar Chontae Chill Mhantáin. Bhíomar inár suí lá samhraidh ag láthair phicnicí in aice na lochanna ag féachaint ar ghrúpaí éagsúla a bhí ag baint taitneamh as spóirt uisce. Ba chuimhin le m’fhear gaoil an t-am nuair nach raibh aon loch ann. Daichead bliain roimhe sin bhí gleann fíorálainn ann in a raibh baile fearainn agus pobal a sheas go dlúth le cheile. Baile na hAbhann a tugadh air ach cailleadh é thíos faoin uisce. Shamhlaigh mé an Díle sa Sean-Tiomna.

Baile tuaithe ba ea é ag bunchnoic Chill Mhantáin ina raibh 76 teach cónaithe, 300 feirm agus 5,500 acra de thalamh ann. Ba thalamh mhaith churaíochta é ina raibh pobal ina chónaí ann amhail na glúnta a chuaigh rompu. B’fheirmeoirí formhór na n-áitritheoirí idir fhir agus mhná. Bhíodar go sona sásta i mbun a gcuid oibre agus iad ag tabhairt aire dá ndualgais fheirme agus bhaile.

Faraor, ag deireadh na 1930idí baineadh an bonn ó shaol agus ó shaothar an phobail sin go brách na breithe. Cuireadh baile iomlán faoi uisce d’aon ghnó, rud nár tharla riamh roimhe in Éirinn.

READ MORE

Idir 1937-1940 chinn an rialtas feirmeoirí an bhaile a chur as seilbh agus a gcuid tailte a bhá chun taiscumar a dhéanamh. Bhí géarghá le huisce glan sa bhreis a sholáthar do Bhaile Átha Cliath ina raibh méadú suntasach tagtha ar an daonra ann. Bheartaigh na húdaráis stáisiún cumhachta hidrileictreach a thógáil ag Poll an Phúca sa ghleann chomh maith ionas go mbeadh leictreachas ar fáil don Ghreille Náisiúnta chun aibhléis a sholáthar d’oirdheisceart na tíre.

D’fhonn an dá thionscal seo a chur i gcrích tógadh damba coincréite in áit na heasa áille darbh ainm ‘Gabhailín an Bháite’(Golden Falls) - eas scéimhe a raibh an-tóir ag cuairteoirí uirthi ar feadh na mblianta roimhe sin ach a d’imigh as radharc go deor na ndeor. Rinne an damba an t-uisce ón dá phríomhabhainn - Abhainn an Rí agus an Life - a shruthaigh isteach sa ghleann a choimeád siar.

Tharraing cinneadh an rialtais conspóid, ní nach ionadh, mar díbríodh daoine as a n-áit chónaithe i gcoinne a dtola. Chuir an tAcht Taisc-Iomar na Life, 1936 iallach ar chónaitheoirí bogadh as a dtithe agus as a ngabháltais faoi Orduithe Ceannach Éigeantach.

Thairg an rialtas praghas in aghaidh an acra d’fheirmeoirí agus mura nglacfaidís leis bhí ceart cúitimh acu faoin gcúirt eadrána. Ach bhí an beagán cúitimh a fuair siad ón gcúirt ina chnámh spairne idir na feirmeoirí agus an rialtas. Deich bpunt in aghaidh an acra ar thalamh ard a tugadh dóibh ach ní bhfuair siad faic ar thalamh a bhí ina clár.

Bhraith na daoine nach bhfuair siad cúiteamh cuí de bharr an chruatain a d’fhulaing siad agus mhaígh siad nach ndeachaigh na húdaráis i gcomhairle leo le linn phróiseas na pleanála. Mheas na feirmeoirí gurbh shuarach amach is amach an praghas a fuair siad agus mar barr ar an donas ní bhfuair gach feirmeoir an cúiteamh iomlán ar an talamh a chaill siad. Ach creid é nó ná creid, ní raibh an dara suí sa bhuaile acu ach an tairiscint scallta a ghlacadh ón rialtas nó chuirfí an ruaig orthu as a dtithe de bharr tuile. Bhí nimh san fheoil acu dá chéile dá bharr.

Phléasc an t-arm na trí dhroichead áitiúla chun an talamh a réiteach don taiscumar. Tógadh na díonta ó na tithe i mBaile na hAbhann agus scriosadh iad. Leagadh na crainn agus leacaíodh na háitribh chun an talamh a chothromú sular cuireadh an baile faoi uisce. Dhiúltaigh fear amháin scun scan a theach a fhágáil agus tá sé sa seanchas nár fhág sé a thinteán go dtí gur tháinig an tuile isteach sa teach chuige.

Ní hamháin gur díbríodh na beo as a n-áit dúchais ach bogadh na mairbh as an reilig freisin ar eagla go dtruailleofaí an taiscumar. Tógadh na coirp ó uaigheanna agus aistríodh iad go dtí reilig áitiúil.

Ar an 3 Márta 1940 dúnadh na loc-chomhlaí a bhí idir Abhainn na Life agus an damba. Bhailigh na daoine áitiúla timpeall ag faire ar an taispeántas truamhéalach seo. Caithfidh sé gurbh ainnis an radharc é dóibh siúd a cuireadh as seilbh mar d’imigh baile fearainn a gcroí faoin uisce gan tásc ná tuairisc os a gcomhair amach.

Ach iontas na n-iontas sa bhliain 2018 tharla eachtra iontach dochreidte sa loch le linn thriomach an tsamhraidh: bhí tásc agus tuairisc ar an mbaile arís! Thit leibhéal an uisce go tobann agus chomh híseal go raibh fothrach tí, píosa de threalamh feirme, seanbhóthar portaigh, beanna tithe, teachíní ceann tuí, sean rothair, potaí, citil agus teallaigh le feiceáil go soiléir. Ach an íomhá ba mhealltaí agus ba thochtmhaire dar liom ná an meaisín lomtha féir capaill á nochtadh as grinneall an locha.

Léirigh na híomhánna sin cuid de dhromchla stairiúil na háite agus gnáthchuid den saol a bhíodh ag na daoine inti.

B’iomaí cuairt a thug mé ar an loch agus ar an gceantar máguaird ó shin. Gach babhta tagann dhá íomhá os comhair m’intinn: an feirmeoir a thréig a mheaisín lomtha tar éis an féar a bhaint agus a sheisreach a scor don uair dheireanach. Agus an fear a d’fhan cois tine go bun an angair go dtí gur tháinig an t-uisce suas go dtí iarta a theallaigh. Shamhlaigh mé é ag lapadaíl sa tuile go dtí gur tarrtháladh é.

I ndeireadh na dála nach raibh sé i mbéaloideas an cheantair go raibh an chúirt eadrána i gcoire ifrinn; an Diabhal ina bhreitheamh agus an t-uisce ina shirriam?