An Ardeaglais Íseal

Maítear gurb é laicité na Fraince an t-idéal

Grianghraf: Michel Euler/Reuters

Grianghraf: Michel Euler/Reuters

 

Tá scéal ag Máirtín Ó Cadhain i dtosach an chnuasaigh An tSraith ar Lár ina samhlaítear eitleán ag gluaiseacht, ag guairdeall, ag smúracht, ag sireoireacht os cionn cathrach. Mar chuid den tírdhreach laistíos tá ardeaglais ar ‘coinnleoir den ór is den chriostal is glaine, crann soilse na cathrach’ í. Scaoiltear a lastas buama anuas. Scriostar an uile ní. Agus mar adeir sé: ‘Seacht gcéad bliain d’fhás, seacht gcéad bliain d’allas, de stuaim, seacht gcéad glúin de ghrá, de sheanaithne, de ríméad, in a bhfothrach míofar, ina sraith aicíde ar lár…’

Fág gur dócha gur tagairt do Hiroshima nó do chathair éigin éile nach bhfuil scriosta d’aon bhuille ón aer anuas fós atá an scéal, samhail í an eaglais ann don mhilleadh a rinneadh ar Notre Dame Pharis sa mhéid is gur thóg na céadta bliain lena tógáil suas is anuas leis an gcúpla uair an chloig a ghlac sé ar an loscadh é a leagadh.

Níorbh chúrsa iontais é daoine ag gol ar na sráideanna, gol nach ndéanfadh siad dá bhfaigheadh polaiteoir bás, óir tá rud éigin íocónach (is ea, b’éigean dom an focal a úsáid!) ag baint le Notre Dame, mura mbeadh ann ach go dtugann deis do thurasóirí cártaí poist a cheannach.

B’é b’ionadh liom, áfach, ná gur leis an stát an eaglais féin!

B’é b’ionadh liom é toisc go bhfuilim ag éisteacht ó chuimhne na heilifinte agus ó bhí Crom Dubh ina leaidín óg ná gur cheart go mbeadh deighilt ghlan shlánoscartha sheacht léig na farraige idir an stát abhus agus an eaglais Chaitliceach, go díreach mar atá sa bhFrainc! Ní féidir leis an intinn fhíorasdíonach glacadh leis go raibh deighilt ghlan riamh idir eaglais agus stát anseo de réir bunreachta 1922 agus 1937, agus nach raibh eaglais bhunaithe againn ón mbliain 1869.

Maítear gurb é laicité na Fraince an t-idéal - ar mír di gan chead ag duine ar bith aon suaitheantas creidimh feiceálach a chaitheamh go poiblí, go háirithe más bean óg Mhoslamach tú agus scairf ar do cheann - agus gurb idéal é ar fiú gluaiseacht faoina dhéin. Bhí’s againn riamh go raibh fimíneacht áirithe á leanúint seo - tar éis an tsaoil íocann an stát séiplínigh sna fórsaí armtha, mar shampla amháin - ach níorbh fheas dúinn gur leo idir chorp is chleití, nó sa chás seo idir bhrící agus luaithreach, an ardeaglais is luachmhaire i gceartlár na hardchathrach!

Míniú éigin é sin ar cén fáth nach raibh siad ag pocléimnigh le meidhir nuair a chonaic siad na lasracha ag síneadh chun na spéire suas. Tá foinse an dí-eaglaisithe le fáil go domhain i sloc an fhrithchreidimh, agus dá réir sin ba chóir gur le corp áthais a ghlacfaí le haon torc tine ar theampall na pribhléide, ar lárionad na bpiseog, ar ardoifig an mumbo-jumbo. Ní raibh san allagar eile ar fad timpeall ar chultúr agus ar oidhreacht agus ar stair ach tuilleadh den fhimíneacht chéanna.

Ardeaglais Chaitliceach lánfheidhmiúil is ea Notre Dame, is ann a léitear an tAifreann, a éistear faoistin, a bhaistear leanaí, a dhíoltar loghanna agus gach rud eile is dual. Ní músaem í, ná stad eile ar phaidrín an turasóra, ná láthair scannánaíochta. Is eaglais, séipéal, teampall, cill, Domhnach í.

B’é Stalin an buachaill nach raibh aon siar ná aniar ann. Leagadh Ardeaglais Chríost an Slánaitheoir in Moscó síos go dtí an chloch is mine sa bhliain 1931. Ní bhroicfeadh sé le huiscealacht seo na bhFrancach atá sásta bac a chur le ceirt ar an gcloigeann nó crois ar an mbráid ach ligean do na heaglaisí seo fás aníos as an ithir le smál a chur ar íor na spéire d’fhonn goilleamh ar aindiagaigh bhochta ag siúl na slí.