Má tá an t-ádh leathan, is minic an mí-ádh níos leithne fós

Bíonn an t-ádh le daoine áirithe is cuma cad é an cor crua sa tsaol a thagann ina dtreo

Maítear gurbh é Napoleon a d’fhiafraigh mar gheall ar ghinearál mórchlú ardchumais a moladh dó a cheapadh: ‘Sin go breá, ach an bhfuil an t-ádh leis?’

Aithnítear go mbíonn an t-ádh le daoine áirithe is cuma cad é an cor crua sa tsaol a thagann ina dtreo. Is dá réir sin atá déithe ag ciníocha áirithe a samhlaítear go mbronnann sé nó sí an t-ádh ar dhuine.

Fortuna sa Róimh bíodh is nár shábháil sí an Impireacht bharbartha ar na ciníocha barbartha isteach; is é Ganesha dia an dea-fhortúin ag na Hiondúchasaigh, ach tá cloigeann eilifinte air rud nach dea-thuar ann féin é; tá seachtar dia an áidh ag na Seapánaigh a dtugtar shitchi fukuji orthu le chéile, ainm nach spreagfadh dóchas rómhór ionat; Crannchur an dia págánach bhíodh ag na seanGhaeil, gan amhras, agus b’í Múlá a iníon.

Tá an t-ádh leat maidir leis an áit ina saolaítear tú, an t-am a maireann tú, an tógáil a tugadh duit, na géinte a fuair tú le hoidhreacht, na múinteoirí nár bhuail tú, na cairde a thacaigh, an tsláinte a bronnadh, an mheabhair mar thíolacadh.

READ MORE

Má tá an t-ádh leathan, is minic an mí-ádh níos leithne fós.

Is deacair a shamhlú cén crann na tubaiste a lean Khalid agus Salwa Mustafa agus a dteaghlach nuair a theich siad lena n-anam ón gcogadh sa tSiria. Is dócha gur shíl siad go raibh an Nua-Shéalainn ar an áit ba shábháilte ar domhan ar fad. Agus déarfá gurb ea. Dá ainneoin sin, maraíodh é féin agus a mhac Hamza san ár a déanadh ar an mosc in Christchurch na Nua-Shéalainne an mhí seo caite. Ba dhóigh leat air sin nach bhfuil ball ar bith sa chruinne slán don duine a bhfuil an dubhchinniúint i ndán dó.

Tá daoine réasúnta ann a shéanann nach bhfuil a leithéid d’earra agus cinniúint ann mar gur féidir gach rud a mhíniú de réir loighice agus tosca, agus go deimhin, siorcaimstaintí iad féin gan trácht ar an ngaois atá sna heolaíochtaí go léir idir shoch agus shíc agus eile. Tuiscint níos sia siar is ea an chinniúint, tuiscint a d’fhágamar inár ndiaidh tar éis turgnamh an chreidimh agus an bpiseoga, arbh ionann iad, dar leo.

Mar sin féin, bhí teaghlach Ceanadach ann a raibh eagla orthu - mar a bhíonn - go mbrisfeadh an cogadh fuar amach ina chogadh te in 80í na haoise seo caite. Thóg siad amach léarscáil an domhain agus thaighdigh go mion an áit ba shábháilte ar domhan dá dtosnódh na Poncánaigh agus na Sóivéadaigh ag pleancadh a chéile le roicéid is le buamaí adamhacha. B’í áit a d’fhionn siad, na hOileáin Fháclainne nó Las Islas Malvinas, más fearr leat.

Laistigh de shé mhí bhí rialtas faisisteach míleata na hAirgintíne ag satailt go tromspágach ar fud an oileáin agus bhí saighdiúirí armada na banríochta ag doirteadh putóga na bhfear óg ar Fhaiche na Gé. Ní fios cad a tharla don teaghlach, ach is ródhócha gur tháinig siad slán.

Is dócha gur ádh agus mí-ádh in éineacht ba ea é sin.

A mhacasamhail sin ag Tsutomo Yamaguchi a tháinig slán as dhá bhuama núicléacha in Hiroshima agus Nagasaki araon. Ní fear óg a bhí ann san am rud a shábháil ó chogaí concais na Seapáine é, agus mhair ina shláinte go raibh sé 93 de bhlianta d’aois. Ní léiriú an méid sin go bhfuil radaíocht go maith dhuit, ach go ngabhann an t-ádh agus an mí-ádh ar chomhrámh lena chéile, buille ar bhuille.

‘The best-laid schemes o’ mice an’ men/ gang aft agley’ mar adúirt mo dhuine, nó lena chur i bhfocail eile, is féidir leis an gcinniúint brexit cheart a dhéanamh de rud ar bith.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar