Ainmneacha agus Neamhainmneacha

Is mise Ir00789X, nó rud éigin mar é

Níl aon tábhacht, mar sin, leis an leagan ‘ceart’ den ainm sin atá agat. Tá an chuma air gur tábhachtaí códuimhreacha. Is mise Ir00789X, nó rud éigin mar é, agus nára maith agat! Ba dheacair sin a éamh amach i gclós na scoile is dá réir sin a tugadh Tufóg agus Blumbál agus Smaoisín orm de dheasca na ndrochnósanna ba dhual dom. Níor chuir sin as go háirithe dhom mar bhí smut nó smaois den fhírinne iontu.

Dá aduaine m’ainm agus mo shloinne féin níl ann ach ceithre shiolla agus ní raibh róchasta don mhaorlathas riamh in ainneoin a chuid simplíochta. Is fíor gur déanadh cac-i-sac anois is arís de, ach cuid den saol é sin. Scéal eile ar fad is ea nuair a dhiúltaíonn an córas oifigiúil dod ainm dhílis féin d’aon ghnó agus le móráil phostúil amhail is nach raibh puinn tábhachta ag baint leis.

Tharla sin don léiritheoir teilifíse Ciarán Ó Cofaigh, nó go deimhin do Kieran Coffey, nó do Chiaran O’ Coffie, nó cá bhfios, do Keeran Kofi, nó do Kieran de Cofi, nó do CiaranOCoffy, Ceeraun Coughee, Cireen Cufee agus mar sin de ar aghaidh mar is léir gurb aon duine amháin iad.

Rialaigh an Coimisiún um Chosaint Sonraí nach raibh sé i dteideal go habsalóideach ar cheartleagan a ainme féin. N’fheadar cad is ceart ‘absalóideach’ ann ach tá rud éigin aspalda ag baint leis. Tá boladh na túise uaidh ar shlí éigin.

READ MORE

Is ea, leis, tá’s againn go raibh seacht leagan ar a laghad dá ainm ag Shakespeare é fein, agus gur chuma leis ceann acu seachas a chéile. Ina choinne sin thall, ní raibh cónaí ar Shakespeare le linn réim na ríomhaireachta agus na céannacha ar líne nuair is féidir le siolla amháin, ní áirím síneadh fada, tú a dhamnú sa chúirt nó lasmuigh di.

Is mó míthuiscint a leanann an rialú seo, mar is é is brí leis ná gur róchuma sa tsioc cad a thugtar ar mo dhuine seo nó ar mo dhuine úd thall fad is atá sé cineál, mar adéarfá, beagán éigin inaitheanta, rud éigin cosúil leis an gceart. Téimis níos sia ar an mbóthar ar aghaidh mar sin, óir is léir go bhfuil an Taoiseach Leo Varúcar ar a dhá chois in airde ag iarraidh sinn a theasargan ó na Bratimeachtóirí agus go bhfuil a ghiolla labhartha Simony Covenish ag tacú leis.

Agus cad déarfá leis an Aire Sláinte, Seeming Harass, nach n-aithneodh poll sa talamh mura gcosnódh sé breis agus dhá bhilliún? Nó an tAire Cosanta agus Cogaidh Charlie Flamagain nach bhfeadair aon duine againn cén seasamh atá aige maidir le NATO agus a gcuid tinte airm?

Trasna an urláir tá Micilín Máirtíneach agus a chuid foghlaithe ag iarraidh freasúra a dhúiseacht lena leathghuth Gaelach agus a bheith ag aontú go smior ag an am céanna lena leathghuth Gabhlach. Scaoiltear Lisa an tSeomra amach chun tada a rá mar is í atá go deas chuige. Tá cúpla duine eile ag FGFF ar cuma ann nó as iad, ach a bhfuil ainm éigin orthu mar sin féin, mar atá Timmy Drooley go háirithe nach gcuirfeadh mí-úsáid a ainme aon mhairg air.

Bhí tráth ann nuair nach dtugadh daoine a bhí báúil leis an meon sclábhaíochta a ainm cheart ar Mhuhammad Ali nuair a chaith sé uaidh a thráill-lipéad Cassius Clay. Duine díobh sin ba ea an dornálaí Ernie Terrell. Ba léiriú ar an bhfearg a bhí ar Ali an bhatráil mhíthrócaireach a thug sé dó sa chró dornálaíochta agus ‘Cad is ainm dom?’ á bhéiceach ina aghaidh aige le gach buille uafásach.

Is mó duine a cuireadh as a ainm a thuigfeadh dó.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar