Rita, róbat sárshórtála, sióg mhaith agus Máire Z


An bhfuil aithne agat ar Rita?

Is cailín beag iomlatach í Rita a bhfuil cloigeann lán smaointe aici. Samhlaíonn sí in Rita agus an Róbat (An tSnáthaid Mhór) gur mhaith léi róbat sárshórtála a fháil le cuidiú léi a seomra a ghlanadh. Ní cailín néata í Rita. Ach tháinig eagla uirthi go mbeadh an róbat rómhaith i mbun sórtála agus go mbeadh sé rónéata. Shocraigh sí sa deireadh – agus an ceart aici – gurbh fhearr di a seomra féin a ghlanadh.

Ach bhí smaointeamh eile aici in Rita agus an tSióg Mhaith (An tSnáthaid Mhór) gur mhaith léi go mbeadh Sióg Mhaith aici le cuidiú léi gléasadh ar maidin. Faraor, níorbh fhada gur tháinig eagla ar Rita go mb’fhéidir nach ngléasfadh an tSióg Mhaith í mar a ba mhaith léi féin. Cá bhfios cén sórt éadaí a roghnódh Sióg Mhaith féin?

Shocraigh sí sa deireadh – agus an ceart aici – gurbh fhearr di í féin a ghléasadh.

READ MORE

Carachtar ar dóigh atá inti mar Rita, scríofa go samhlaíoch ag Máire Zepf, agus léaráidí ar dóigh le hAndrew Whitson i gcuideachta na bhfocal, focail a thógann an scéal diaidh ar ndiaidh.

Tá an dá leabhar dírithe ar léitheoirí óga ach thiocfadh leat iad a léamh le páiste, fiú sa chás nach raibh Gaeilge líofa agat. Tá na leabhair thar a bheith tarraingteach, lán pictiúr lándaite, dea-scríofa.

Ó! Tá Rita le bualadh le dragún sa tríú leabhar amach anseo.

An mbeidh díomá ar Rita leis an dragún? Ar bís le fáil amach.

PÓM