An scéinséir a chuir ruaig ar an tsneachta


Tháinig an sneachta ach d’imigh mé liom go Marseille i gcuideachta an úrscéalaí, Jean-Claude Izzo, nach maireann. Bernadette Nic an tSaoir, file agus aistritheoir, a thug anonn mé ar an turas seo gan choinne go cathair nach raibh mé riamh ann.

Lá feanntach fuar, an sneachta ag titim, na bóithre faoi shioc agus úrscéal de chuid Izzo, Kíor Thuathail (Leabhar Breac, €12), atá aistrithe ón Fhraincis go Gaeilge ag Nic an tSaoir, mar shólás sa tsneachta. Chaith mé an lá ag léamh – an rud is annamh... – agus ba mhaith gur chaith.

Scéinséir atá ann mar Kíor Thuathail, scéal an bhleachtaire Fabio Montale agus a chairde, naimhde, leannáin – tá neart leannán aige – agus a n-éiríonn leo sa chathair seo cois na Meánmhara.

Tá coirpigh agus péas ann – agus cuid de na péas níos measa ná na coirpigh – agus drugaí, striapacha, dúnmharú agus neart le hithe agus le hól.

READ MORE

Is i gcuideachta Montale a insítear an scéal agus níl a fhios agam cé acu is cruinne mar chur síos air – bleachtaire nó banaí?

Cinnte, is póilín é – bíodh is nach póilín róchumhachtach é. Creideann a chuid saoistí gur mó d’oibrí sóisialta ná póilín é; gur mó béim a chuireann sé ar an lámh chúnta ná ar an lámh láidir agus é ag obair sna bólaí bochta atá faoina chúram.

Agus na mná a dtugann sé gean dóibh?

Bhuel, ní i bhfad a mhaireann an gean. Níl Fabio in ann géilleadh do mhianta aon mhná amháin – rud nach gcuireann stop leis an scuaine mhór ban a chaitheann iad féin ina threo nó tá croí mór maith aige agus spéis mhór aige sa tsnagcheol ach go háirithe.

Is iomaí sin duine a chastar air: mionchoirpigh nach bhfuil de rogha acu ach goid a dhéanamh le bheith beo (níl dlí ar an riachtanas); striapacha (ditto); Arabaigh gan dóchas; mangairí drugaí agus a gcuid máistrí; póilíní ar cosúla le paraimílitigh iad agus an ciníochas fite fuaite tríd an scéal ar fad.

Déarfá nach léitheoireacht éadrom í sin ach ní bheadh an ceart agat. Léitheoireacht den scoth atá ann agus moltar an leabhar féin mar earra – clúdach ar dóigh le Caomhán Ó Scolaí a mheallann chun léitheoireachta thú.

(Sea, sea, níor chóir meas leabhair a thabhairt ar phictiúr clúdaigh ach, dá bhfeicfeá píosa deas ealaíne, nach stopfá seal le hamharc air?)

Sa Fhraincis a scríobhadh an leabhar an chéad lá riamh. Ba é Kíor Thuathail an chéad úrscéal de chuid Izzo, fear a tháinig ar an tsaol sa Fhrainc agus ar de shliocht imirceach é féin. Gaeilge bheo bhríomhar a chuireann Nic an tSaoir ar an leabhar.

Tá línte sa leabhar a luíonn go nádúrtha leis an teanga – “Bhíodar romham ag an tigh. Bhíos traochta agus gan a bheith ar m’aire, ag smaoineamh ar ghloine Lagavulin. Shleamhnaíodar ón dorchadas mar a bheadh cait iontu. Nuair a bhraitheas iad bhí sé ródhéanach” – agus corrabairt a bhaineann le réim níos comhaimseartha teanga – “Bhain bás Manu croitheadh as an méid san go léir. Cé gur léir nach raibh sé sách ard ar mo scála Richter pearsanta féin”.

Laige bheag amháin a baineann le húrscéal Izzo go bhfuil an oiread sin daoine páirteach ann.

Tá carachtar agus céad san insint agus is doiligh don léitheoir in amanna cuimhne a choinneáil ar gach aon duine a chastar air ar shráideanna cadránta na cathrach – an coirpeach atá ag plé leis an phóilín atá mór le deirfiúr an Arabaigh a bhí le feiceáil leis an dúnmharfóir...

Bíodh sin mar atá, tá obair mhór déanta ag Nic an tSaoir. Éiríonn léi leabhar beo a chur roimh an léitheoir.

Ní mhúchann sí glór an údair ach cuireann ag caint i nGaeilge é agus caitheann sí roinnt focal Fraincise leis an léitheoir anois agus arís leis an chomhthéacs a shaibhriú.

Is cuma mura raibh tú riamh i Marseille, mothaíonn tú gur i Marseille atá tú. Tá an ghrian, cultúr agus stair na cathrach os do chomhair.

Agus bí ag caint ar rogha gach dí!

Ólann agus itheann Montale a bhfuil roimhe agus gan de locht air, creidim, ach go bhfuil sé iontach tugtha d’uisce beatha na hAlban agus ní uisce beatha na hÉireann!

Thit an sneachta agus d’éirigh sé dorcha. Ba chuma liom. Bhí mise le Fabio Montale go deireadh a aistir faoi ghréin mharfach na Meánmhara.

Merci!

Conradh agus Dáil

Tá seimineár le bheith ag Conradh na Gaeilge tráthnóna inniu san ardchathair: “Ó Chonradh go Dáil – Ról na hAthbheochana i mBunú an Stáit.” Is ag 6.30 p.m. sa tSeomra Darach, Teach an Ardmhéara, Baile Átha Cliath 2, a thosnóidh an ócáid. An t-iriseoir Cathal Mac Coille a bheidh ina chathaoirleach agus beidh an Dr Mary Harris, Léachtóir Sinsearach le Stair, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh; an Dr Aoife Whelan, Léachtóir i Scoil na Gaeilge, an Léann Cheiltigh agus an Bhéaloidis, Coláiste na hOllscoile Baile Átha Cliath agus an Dr Conor Mulvagh, Léachtóir i Nua-Stair na hÉireann, Coláiste na hOllscoil Baile Átha Cliath, ag caint ar an téama. Eolas: 01-4757401