Bliain eile beo i dtrinse na teanga

Níl ionat ach duine amháin agus rinne tú do dhícheall, nach ndearna?


Cad é mar a bhí do bhliain i dtrinse na teanga?

An bhfuil tú lán dóchais go fóill?

An bhfuil an misneach go maith?

An mothaíonn tú go bhfuil éacht déanta agat?

READ MORE

An mbraitheann tú go bhfuil éacht déanta ag an mhúinteoir sa Ghaelscoil nó ag do pháiste féin a tháinig abhaile ag spalpadh Gaeilge?

Nó, b’fhéidir, go bhfuil an misneach tráite faoin am seo?

B'fhéidir go bhfuil tú cosúil le duine de na saighdiúirí sin as The Naked and The Death le Norman Mailer?

Tá tú i mbun catha rófhada. Tá an t-oileán róchúng, an namhaid i ndeas duit an t-am uilig go léir. Mothaíonn tú an bhagairt laethúil do do bheo chultúrtha, an Béarla ag druidim leat. Maireann tú faoi scáil bhobghaiste na meán cumarsáide agus luíochán polaiteoirí.

Is doiligh agus ródhoiligh do mhisneach a choinneáil. Maireann lucht na teanga idir dhá shaol i gcónaí, idir dhá spionn, idir an saol mar a ba mhaith leo é a bheith agus an saol atá ann, idir an t-ardú meanman agus an tubaiste.

Liosta le lua na deacrachtaí agus na dúshláin atá roimh an teanga agus lucht a labhartha – an teip leanúnach ceannaireachta i measc polaiteoirí; na feidhmeannaigh nach bhfeidhmíonn; cúlú na teanga ón Ghaeltacht; na pleananna nach bhfuil iontu ach páipéar; an chaint a théann le gaoth...

Arú, thiocfadh leatsa ceann nó dhó eile a lua gan stró ar bith.

Chuirfeadh sé beaguchtach ar an duine is misniúla amuigh. Chloífeadh na dúshláin Goll féin.

Agus tusa? Níl ionatsa ach duine amháin agus ní aon Gholl thú ach mac léinn nó tuismitheoir nó ógánach nó scríbhneoir nó hamstar ar rotha mór an tsaoil.

Caithfidh tú do chuid a shaothrú; caithfidh tú dolaí a ghlanadh; caithfidh tú maireachtáil sa tsaol mar atá sé; caithfidh tú ualaí eile sa bhreis ar ualach na teanga a iompar.

Éiríonn tú tuirseach den obair, den chaint gan mhaith, de na pleananna, den chaoineadh, den chúis ar fad. Tá sin intuigthe. Níl ionat ach duine amháin.

Ach seo, mo bhuíochas leat. I ndáiríre, mo bhuíochas ó chroí leat as cuairt a thabhairt ar an bhreac-Ghaeltacht seo.

Buíochas

Mo mhíle buíochas leat, thar mo cheann féin agus thar ceann na n-eagarthóirí a chuaigh romham, as an turas seachtainiúil chun an tséipéil seo a dhéanamh.

Seo muid arís inniu, an bheirt againn, ag caint agus ag comhrá, mar a rinne daoine eile anseo romhainn, ag dul siar na blianta, ag caitheamh gheansaí an chontae go fóill, ag glacadh páirte i gcomórtas mór an chultúir, bíodh is nuair bhfuil iomrá ar chorn cúige a thógáil – gan a bheith ag caint ar chraobh uile-Éireann.

Maith thú féin, mar sin féin. Sheas tú an t-áth. Bhí bliain bhisiúil eile agat, b’fhéidir i ngan a fhios duit féin. Chothaigh tú an cultúr agus chothaigh an cultúr tusa.

Maith thú féin as an leabhar Ghaeilge a cheannaigh tú, as an pháiste (nó garpháiste) a thabhairt chun na Gaelscoile, as an chuairt ar an choláiste samhraidh, as an rang deonach san oíche a theagasc, as amharc ar an chlár sin ar TG4, as éisteacht le RnaG, as clár a léiriú, as an tráchtaireacht ar na cluichí, as an alt a scríobh, as leabhar a fhoilsiú, as aire a thabhairt don téacs scolártha sin, as an chomhrá bhreá sin an oíche sin ag an Oireachtas, as an chuireadh chun cainte, as gach aon ghníomh, beag nó mór, as gach aon iarracht a rinne tú le bomaite, soicind, nanashoicind sa bhreis féin a thabhairt do bheatha na teanga seo.

Thug tú, nár thug? Shaothraigh tú. Rinne tú. Léigh tú. Labhair tú. Chan tú. Scríobh tú.

Cad é eile a thiocfadh leatsa a dhéanamh?

Níl ionat ach duine amháin agus rinne tú an méid a thiocfadh le duine daonna amháin a dhéanamh. Ná bí ag tromaíocht ort féin. Tráth féile í seo, tráth síochána, tráth athnuachana, tús nua eile. Ní fada uainn an lá is giorra. Ina dhiaidh sin a thagann an solas.

Ní bhainfidh tusa an cath go deo. Tuigeann tú sin, nach dtuigeann?

Seans nach mbainfidh duine ar bith é. Beidh bagairt i gcónaí ann do theanga bheag stairiúil seo na nGael ar oileán beag iargúlta seo na hÉireann.

Ach níor ghéill tú. Is iontach tusa! Tá mise á rá leat, is iontach tusa. Coinnigh ort ag caint, ag canadh, ag scríobh, ag léiriú, ag stocaireacht, ag ceol, ag foghlaim, ag freastal, ag teagasc...

Ag Dia féin atá a fhios cad é atá i ndán dúinn sa bhliain atá le teacht. Is beag seans go mbeidh gach aon rud sona. Mar sin féin, rinne tusa do dhícheall i mbliana. Rinne tusa a dtiocfadh leat a dhéanamh.

Nollaig shona agus Bliain Úr faoi mhaise.

Beidh Tuarascáil i gcló arís Dé Luain 8ú Eanáir, slán beo a bheas muid