Rath raidió

LÉIRIGH SUIRBHÉ éisteachta a rinne TNA mrbi do RTÉ Raidió na Gaeltachta go raibh mórán éisteoirí i gceantair Ghaeltachta “an-…

LÉIRIGH SUIRBHÉ éisteachta a rinne TNA mrbi do RTÉ Raidió na Gaeltachta go raibh mórán éisteoirí i gceantair Ghaeltachta “an-sásta” leis an tseirbhís a chuir an stáisiún ar fáil, a dúirt ceannaire an stáisiúin, Edel Ní Chuireáin.

D’éist 53 faoin gcéad den phobal leis an stáisiún gach lá agus 75 faoin gcéad uair amháin sa tseachtain ar a laghad, de réir an tsuirbhé. Bhí 66 faoin gcéad den phobal “thar a bheith sásta” leis an stáisiún agus bhí 25 faoin gcéad acu sásta.

Ba é tuairim 57 faoin gcéad acu gurbh é RnaG an fhoinse áitiúil nuachta ba chuimsithí a bhí ar fáil.

Dúirt Ní Chuireáin gurbh “ábhar mórtais” ag an stáisiún go raibh pobal na Gaeltachta chomh sásta leis an tseirbhís agus gur léirigh an taighde a thábhachtaí agus a bhí an stáisiún acu.