Amhrain Nollag

Crobhingne: Chuala an chéad cheann díobh i ndeireadh dheireadh an Fhómhair agus níorbh aon "tidings of comfort and joy" é, ach…

Crobhingne: Chuala an chéad cheann díobh i ndeireadh dheireadh an Fhómhair agus níorbh aon "tidings of comfort and joy" é, ach ding-deaing go neamh-mheidhreach im cheann lasnairde. Chéadchuach na Nollag, a scríobhann Alan Titley.

Tiocfaidh sé de chor sa tsaol fós gurb é Scrooge laoch an tséasúir nuair a phléascfaidh an tomhaltóireacht i mála séidte dá cuid féin. Is ea, tá sé chomh maith beagán searbhais a thabhairt isteach sa ghnó - agus abair gnó.

Scaoilimis tharainn go fóill an bráithrín bocht ó Dhún, Aodh Mac Aingil, agus an duan álainn a chum sé An Naí Naomh, ar aiste fhileata phaiseanta é a mbraitheann tú air go bhfuil rud éigin diamhair á rá ann.

Níor chuaigh caitheamh air mar a chuaigh ar an "faithful, joyful and triumphant" agus iad ag triall ar Bheithil ina dtrí long ar lá Nollag ar maidin agus Rudolf ag soilsiú na slí dhóibh.

READ MORE

Cé eile a chuirfeadh fáilte roimh "Dhia óg" ach an té a chreidfeadh go diongbháilte thar amhras anonn sa scéal go léir?

Is siúcrúla go mór is go fada ár gcuid aiste bhia anois, áfach. Ní foláir dúinn bheith ag taibhreamh ar Nollaig bhán shneachtúil nó ar Shanta Baby at teacht an simné anuas ar ball.

Is de shuimiúlacht nach bhfuil aon amhráin againn ar dhúnmharú na leanaí mar ní móide go gcabhródh a leithéid linn cearc fhrancach an tséasúir a dhíleá go diaga.

Ina choinne sin, is é sin an eachtra is mó is ábhartha dhúinn ar na neamhshaolta seo, go háirithe na leanaí sin ar aon dath craicinn agus ar aon chosúlacht teanga le hÍosa Mac Iósaiph atá á gcur chun báis go laethúil ag oidhrí Héaróid óna phálás bán geal.

Ach fós sáirsingítear an cheist bhuile orainn: "Do they know it's Christmas time at all?" Voil, sea, voil, níl.

Ar an gcéad dul amach is de chreideamh Allah a bhformhór, nó de chreideamh sinsir éigin dúchais, agus ina dhiaidh sin, níl ollmhargaí sa tsráidbhaile acu chun an sórt ceoil bhoig seo a sheinneamh ó na ceithre hairde.

Agus dá gcloisfidís é sin, agus dá dtuigfidís é, chloisfidís focail eile a mhaífeadh "War is over, if you want it", fág nárbh aon mhaith é sin do John Lennon nuair nár theastaigh uaidh go scaoilfeadh Mark Chapman an piléar trína ucht.

B'fhearr le formhór na bPailistíneach agus leis an gcuid is mó de mhuintir na Baibileoine agus le gach duine sa Chongó go mbeadh an cogadh thart, ach tá fuar acu fad is atá tanc ar a gcolainn agus buatais ar a scóig.

Níl cíos ar an gceol, go háirithe má tá tú id chónaí i mBailtíní Sorrento, ach tá praghas ar do chloigeann má shaolaítear sa bhall mícheart tú, bíodh gur praghas suarach neamhinchomharthaithe é. Nócha bliain ó shin cruinn díreach dhiúltaigh aos oifigeach na Breataine cead dá saighdiúirí Oíche Chiúin a chanadh i dteannta a gcomhChríostaithe Gearmánacha i dtrinsí an chéad chogaidh áir. Leamh é cumhacht na healaíne mar a ritheann suas is anuas le horduithe an rí.

An bhliain úd go raibh an Bhreatain agus an Airgintín ag bualadh seacht gcineál bualtraí as a chéile i ndeisceart an Atlantaigh fhuair thuas b'é Ebony and Ivory uimhir a haon ar chairteanna na Ríochta thoir, agus b'é A Little Bit of Peace le Dana éigin de chuid na Gearmáine a bhuaigh an comórtas amhránaíochta Eurófíse.

B'fhéidir gur fíre a rá nár cheart an iomad beann a bheith ar fhocail amhráin ar bith.

Cad is brí leis na línte sin in Peigín Leitir Mhóir nuair a mhaítear go bhfuil "caora agam is Cáit agam/Ach 'sí Peig an bhean is fearr"? Nó an banamhránaí adeir in Jimín mo Mhíle Stór go gclúdódh sí le mil é? Nó an sean-nós Gaelach é a nochtar in "Caithimis suas is suas, is caithimis suas an páiste/caithimis suas is suas is tiocfaidh sé anuas amárach", nó neachtar acu, slí leis an ngaoth a bhaint as?

Pé ní mar gheall air sin, is é an t-aon amhrán Nollag nach féidir tuirsiú de ná Fairytale of New York Shane McGowan.

Is amhrán deoraíochta é, tá cian ann, tá scéal ann, tá focail fhileata ann, tá fírinne shearbh ann, tá gaoth ag séideadh trí shéanas na bhfiacal ann, agus seansúlacht, tá agallamh beirte ann, agus dóchas, agus briseadh croí, agus paisean, agus pian, agus bréaga, agus glór garbh, agus maslaí, agus freagraí orthu dá réir, agus ceol mór.

Cantar arís é!