Leabhair Ghaeilge liom

Dhá mhí ó shin foilsíodh Harry Potter agus an Órchloch, an chéad leagan Gaeilge den scéal le J K Rowling.

Dhá mhí ó shin foilsíodh Harry Potter agus an Órchloch, an chéad leagan Gaeilge den scéal le J K Rowling.

Tá sé aistrithe ag Máire Nic Mhaoláin. Tá "roinnt céadta" díolta ó tháinig sé isteach go dtí an Siopa Leabhar ar Shráid Fhearchair i mBaile Átha Cliath 2, a deir bainisteoir an tsiopa, Máire Ní Laoi.

I measc na leabhar eile a tháinig amach i mbliana do pháistí óga agus atá ag díol go maith, deir sí go bhfuil Mo Scéal Féin - Púca le Biddy Jenkinson, atá maisithe ag Ríbó agus foilsithe ag Coiscéim. "Ní éireoidh leo muna bhfuil na pictiúir go deas," a deir Ní Laoi, ag tógaint leabhar álainn eile, atá "ag díol thar a bheith go maith", anuas ón seilf: tá Cleití Órga foilsithe ag Coiscéim, maisite ag Laura de Búrca

Tá Mo Bhaile Beag Féin le Jonathan Emmet, maisithe ag Vanessa Cabban agus aistrithe ón Bhéarla ag Gabriel Rosenstock, ag díol go maith chomh maith. Tá sé seo foilsithe ag An Gúm.

READ MORE

Ó thaobh daoine fásta, is é an t-úrscéal le hAnna Heussaff, Bás Tobann, foilsithe ag Cois Life, an leabhar is mó díol faoi láthair. Úrscéal é seo faoi bhás tragóideach mná óige.

"Braitheann sé an-chuid ar cé mhéad poiblíocht atá faighte ag na leabhair ag an tús," dar le bainsiteoir an tSiopa Leabhar. Maidir leis na leabhair a foilsíodh na céadta bliain ó shin, b'fhearr duit dul go dtí Cathach Books i lár Bhaile Átha Cliath ar Shráid Dúice. Bhunaigh Éanna Mac Cuinneagáin an siopa i 1972 agus tá seanleabhair agus leabhair atá as cló nó atá an-ghann acu.

Mar shampla, tá an dara heagrán den leabhar A Grammar of the Iberno-Celtic Irish Language, scríofa ag Lieut Col Charles Vallancey, agus a foilsíodh i 1782.

Agus timpeall an chúinne, tá De Búrca Rare Books, siopa a bunaíodh i mbliana, ach comhlacht atá ag feidhmiú le fiche bliain anuas. Tá 20,000 leabhar sa stór acu.