Easpa Oireachtais

Beidh Oireachtas na Bealtaine ar siúl i mBaile Átha Cliath ón Déardaoin 15ú go dtí an Domhnach 18ú Bealtaine, ainneoin an ghearradh…

Beidh Oireachtas na Bealtaine ar siúl i mBaile Átha Cliath ón Déardaoin 15ú go dtí an Domhnach 18ú Bealtaine, ainneoin an ghearradh siar atá déanta ar a dheontas i mbliana, a scríobhann Máiréad Ní Chinnéide.

Níl ach beirt fostaithe lánaimsireacha ag an Oireachtas chun an obair ar fad a bhaineann le heagrú na féile seo agus na n-imeachtaí eile a bhíonn ar siúl i rith na bliana a dhéanamh.

"Cén dream eile a d'fhéadfadh féile den chaighdeán sin a rith leis an bhfoireann sin," a dúirt cathaoirleach an choiste, Bláthnaid Uí Bhrádaigh.

Dúirt sí gur chúis mhór mhíshásaimh don choiste é go ndearna Foras na Gaeilge gearradh siar 10 faoin gcéad ar gach eagras Gaeilge in ionad anailís a dhéanamh ar fhiúntas na dtograí a bhí á maoiniú acu.

READ MORE

"Tá géarghá ag an Oireachtas le hoifigeach caidrimh phoiblí nó timire ach níl na hacmhainní againn i mbliana chun duine a fhostú. As an 16 milliún euro a bhíonn ag Foras na Gaeilge faigheann na heagrais Ghaeilge trí mhilliún go leith. Bíonn ar na heagrais cuntas a thabhairt ar chaitheamh an airgid. Ní heol don saol cad air a chaitheann an Foras an chuid eile den airgead," a dúirt sí.

Tá clár suimiúil imeachtaí d'óg agus aosta leagtha amach ag an choiste. Is é an tAthair Breandán Ó Doibhlin, a bhfuil iomrá air in Éirinn agus thar lear mar scoláire Gaeilge agus Fraincise, a dhéanfaidh an oscailt oifigiúil.

Fiontraí na bliana, Pádraic Ó Céide a thabharfaidh léacht an Oireachtais, "Fiontraíocht in Éirinn".

Beidh Lá na nÓg agus fógrófar gradaim na meán cumarsáide ag dinnéar speisialta agus beidh comórtais cheoil do dhaoine óga agus do dhaoine fásta agus oíche airneáil.

Eolas: 01-4753857