Cén toradh a bheidh ar obair Uí Chuív?

 

TAMALL DE bhlianta ó shin bhí baint ag an scríbhneoir seo le próifíl nuachtáin faoi Aire na Gaeltachta, Éamon Ó Cuív.

Cuireadh idir pholaiteoirí, ghníomhaithe teanga, iriseoirí agus lucht aitheantais an Aire faoi agallamh don alt agus ba é an téama ba choitianta a d’eascair as an dtuairimíocht ar fad ná go raibh “a chroí san áit cheart”.

Bhraithfeá go raibh an “tá a chroí san áit cheart” sin ar aon dul leis an “he didn’t suffer fools gladly” a bhíonn ag colúnaithe na marbh nuair atá an fhírinne faoin té atá básaithe róshearbh.

Ach, mar sin féin, bhí fírinne ag baint leis an mbreithiúnas; bhí agus tá croí Uí Chuív san áit cheart. Má théann daoine géar uaireanta ar an Aire déantar amhlaidh mar go rabhadar ag súil leis an oiread san uaidh.

Nuair a ceapadh ina Aire é cheap daoine go raibh fear Gaeltachta tuisceanach agus báúil chucu. Bhí muinín acu as. Agus caint á dhéanamh faoi láthair go mbeidh deireadh lena sheal mar Aire go luath (agus deireadh chomh maith leis an Roinn Gnóthaí Pobail Tuaithe agus Gaeltachta) ní foláir an cheist a chur, ar dhein sé an mhuinín sin a chúiteamh?

Is iad “eagna, éirim agus ionracas” na trí thréith a d’éileofá i bhfear pobail agus is beag duine a shéanfadh go bhfuil na tréithe sin nochtaithe ag Éamon Ó Cuív ina shaol polaitiúil.

Ach cén oidhreacht a fhágfaidh sé ina dhiaidh?

Ar thaobh an tsochair de chuntas Uí Chuív tá, i measc rudaí eile, an tAcht Teanga, stádas na Gaeilge san Aontas Eorpach, agus an feabhas as cuimse atá tagtha ar bhonneagar na Gaeltachta.

Dealraíonn sé gur filleadh grod chun talún atá i ndán do ghluaiseacht na Gaeilge i ndiaidh bhlianta an rachmais agus b’fhéidir gur amach anseo is fearr a thuigfear cé chomh maith is a bhí cúrsaí le linn ré Uí Chuív.

Ar an taobh eile den scéal, d’fheadfaí cás a dhéanamh gur ligeadh roinnt áirithe deiseanna le sruth le linn bhlianta na raidhsiúlachta. Tá caint i láthair na huaire faoin mbúm a d’imigh ar bóiléagar, ach cad a d’imigh ar bhúm na Gaeilge? Ar baineadh an oiread de thairbhe as agus a d’fhéadfaí?

Níl aon amhras ach go raibh pleananna ar dalladh ag Ó Cuív ach scata acu níor cuireadh i gcrích iad nó níor cuireadh i gcrích fós iad. Bhí an tAire ag caint arís le déanaí faoi ionaid ilfhreastail don Ghaeilge a bhunú sna cathracha móra ach mheasfá gur fearr go mór an seans a bhí ag tionscnamh mar é nuair a bhí airgead flúirseach.

Nuair a thugann polaiteoirí an fhreasúra ‘aire ar an mhéar fhada’ ar Ó Cuív, is í an chosaint a bhíonn aige ná gur fearr rudaí a dhéanamh ‘ceart’ agus go ‘cuimsitheach’. Ach is é an toradh a bhíonn go minic ar an dearcadh sin aige ná bunú coiste nó fóram eile nó tionscnamh próiseas comhairliúcháin eile fós.

Tá dúil mhillteach chomh maith ag Ó Cuív sna mionsonraí ach má tá, is minic go bhfágann na mionsonraí sin dall ar an mórphictiúr é.

Ní léir i gcónaí ach an oiread go bhfuil an misneach nó an mianach ann neamhaird a dhéanamh de na mionsonraí céanna ar mhaithe le beart radacach a dhéanamh. Táimid fós ag fanacht, cur i gcás, le gníomh maidir le teorainneacha na Gaeltachta.

Is cosúil go dtabharfar aghaidh ar an gceist seo sa Phlean 20 Bliain don Ghaeilge, plean, ar ndóigh, a bhí geallta roimh dheireadh na bliana 2008 agus plean a bheidh mar chuid tábhachtach d’oidhreacht Uí Chuív.

Easpa gnímh, uaireanta, a leanann a andúil sa chomhaontú agus sa phrótacál, aicíd a fhágann go dtuigfeá uaireanta uaidh nach bhfuil cead aige fiú tuairim a nochtadh gan fóram a bhunú nó leabhar na rialacha béasaíochta a sheiceáil ar dtús.

Nuair a tharla an chonspóid faoi Phobalscoil Chorca Dhuibhne agus nuair a bhí an chuma ar an scéal nach raibh an Roinn Oideachais sásta seasamh le prionsabal an oideachais lán-Ghaeilge sa Ghaeltacht, d’fhan sé ina thost ar fad, beagnach, nós a chleachtann sé go minic nuair a chuirtear ceist air faoi ghnéithe d’obair Údarás na Gaeltachta nó Foras na Gaeilge, mar shampla.

Fanann sé amach leis ó argóintí faoi luach na Gaeilge amhail is go raibh an argóint san buaite fadó. Bíodh is go bhfuil dínit áirithe ag baint leis an seasamh san fuair sé amach le linn na conspóide faoi ainm oifigiúil bhaile an Daingin nach raibh an díospóireacht maidir le luach na Gaeilge buaite ná gar do bheith buaite.

D’fhág cinneadh mhuintir an Daingin nár mhuintir an Daingin a thuilleadh iad lorg suntasach ar Ó Cuív. Láimhseáladh an scéal go hainnis sna méain Bhéarla, d’fhág an chonspóid gonta é agus mhéadaigh ar a andúil sa phrótacal agus sa chomhaontú.

Téann sé i mbá sna mionsonraí chomh maith aon uair a mbíonn díospóireacht ar bun faoi chúrsaí aistriúcháin agus an tAcht Teanga agus féach go bhfuil an miotas gur gá gach cáipéis oifigiúil a aistriú go Gaeilge slogtha chomh forleathan sin go bhfuil an leagan míchruinn den scéal anois ag tuarascáil an Bhoird Snip Nua.

Snámh in aghaidh easa atá ann go minic bheith ag iarraidh scéalta mar seo a mhíniú do na meáin Bhéarla ach fós féin teip chumarsáide atá ann cé go mbeadh trua agat d’Aire a chaitheann cur suas leis an oiread sin tuairisceoireacht mhíshlachtmhar.

Ba é an cur chuige a bhí ag Éamon Ó Cuív riamh ná talamh slán a dhéanamh de go raibh cearta áirithe tuillte ag pobal na Gaeilge agus go raibh tacaíocht áirithe ag dul dóibh ó cheart.

Bíonn leisce air dá bharr cás na Gaeilge a dhéanamh ar bhonn idé-eolaíochta nó cultúrtha, rud a bhfuil géarghá leis fós i bhfianaise na gciorruithe atá ag bagairt faoi láthair ar shaol na teanga. Ní éiríonn leis i gcónaí na hargóintí láidre atá aige a fhréamhadh i bhfís don teanga.

Mar sin féin, beidh pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta buíoch d’Éamon Ó Cuív amach anseo. Nuair a thagann deireadh lena ré mar Aire Gnóthaí Pobail Tuaithe agus Gaeltachta tá gach seans ann go ndéarfar gurb é an tAire Gaeltachta ab fhearr riamh é.

Is cinnte go ndéarfar go raibh a chroí san áit cheart ach b’fhéidir go ndéarfar leis gurb é an trua nár labhair sé ón gcroí céanna níos minice.