Beoir na Polainne agus na hEireann

Beocheist: Is mór an meas atá ag na Polannaigh ar Éireannaigh

Beocheist: Is mór an meas atá ag na Polannaigh ar Éireannaigh. Ar turas traenach sa Pholainn agus cúigear nó seisear sáite isteach i gcábán róthéite, is gnách gan focal a scinneadh ó bhéal aon duine.

Seachas, ar ndóigh, ar bhaint amach an cheann scríbe nuair a dhéantar slán a fhágáil ag a chéile agus a mbuíochas a ghabháil lena chéile.

Dá n-aithneofaí ort, áfach, nach Polannach tú, thabharfaí droim láimhe leis an nós neamhchainte seo agus bhainfí comhrá asat.

Ba é seo díreach a d'éirigh domsa agus mé ar traein maidine ó Kalisz, an chathair is sine sa Pholainn, go Lublin, an chathair is mó in oirthear na tíre.

READ MORE

Agus seanchóip den Irish Times idir lámha agam d'fhiafraigh an fear a bhí os mo choinne díom cárbh as mé.

I ndiaidh dom cur in iúl gur Éireannach mé d'fháisc sé mo lámh go teann agus rinne ceann dá chuid cannaí beorach a thairiscint dom. Timpeall leathuair tar éis a seacht ar maidin a bhí sé.

Ní dhearna mo dhiúltú ach dreach díchreidmheach a tharraingt. Ag féachaint idir an dá shúil orm dúirt sé mar thacaíocht don díchreidmheacht "ach is in Éirinn a óltar an bheoir is láidre ar domhan - is amhlaidh a bhíonn an t-eolas seo mar leid do chrosfhocal arb í Éire an freagra dó".

Is mó ná croitheadh láimhe is canna beorach is féidir diúgadh sa Pholainn de bharr Éireannachais.

Ar thuiscint do thiománaí tacsaí le déanaí cé a bhí mar phaisinéir aige, tugadh lacáiste dom.

Ach in éiric na féile seo bhí orm fanacht ar feadh cúig nóiméad ag deireadh an turais agus an tiománaí ag míniú gur miotalóir a bhí ann chomh maith. Bhí 50 dá chomhleacaithe ag obair in Éirinn le cúig bliana de dheasca easpa oibre ina dtír dhúchais. Tír álainn í Éire, a d'fhógair sé agus mé ag éalú amach.

Ó thiománaithe tacsaí eile faightear ceisteanna faoi Éire bheith fós faoi chuing na Sasanach. Is maith an rud é nach bhfuil, dar leo go léir.

Bíonn sé crua ar roinnt díobh, áfach, glacadh leis go bhfuil cuid den tír fós faoi riail na Breataine, agus anuas air sin, go dteastaíonn ó líon suntasach daoine sa Tuaisceart fanacht laistigh den Ríocht Aontaithe. Beireann sin bua ar ar chuala siad riamh, is é a thugann a ndreach le fios.

Is é is mó a bhíonn le cloisteáil ón aos óg faoi Éirinn ná gur tír bhocht chúlánta a bhí inti ar dhul isteach san Aontas Eorpach (AE) di ach anois go bhfuil sí ar na tíortha is saibhre san Eoraip.

Dealraíonn sé go ndearnadh é seo a athrá arís is arís eile sula raibh reifreann sa Pholainn mar gheall ar bhallraíocht den AE.

Tá súil againn go n-éireoidh leis an bPolainn mar a d'éirigh le hÉirinn mar bhall den AE, is é a bhí mar mhana ag lear mór daoine roimh mhéadú an AE mí na Bealtaine seo caite.

Ní chomh dearfach sin a bhíonn dearcadh na bPolannach i leith gach ballstáit den Aontas.

Bhí an-chuid cainte anuraidh faoi na Gearmánaigh a dhéanfadh ionradh ar an bPolainn i ndiaidh an mhéadaithe le talamh a cheannach, go háirithe an talamh in iarthar na tíre a bhíodh mar chuid den Ghearmáin roimh an dara cogadh domhanda.

Thairis sin, d'éiligh polaiteoirí áirithe go gcuirfí an dlí ar an nGearmáin le cúiteamh a fháil ar an scrios a rinneadh sa Pholainn le linn an chogaidh dhomhanda.

Cé go n-eascraíonn na ceisteanna seo ó dhaoine a iarrann páipéir a dhíol agus vótaí a ghnóthú dóibh féin, ní foláir nó go bhfuil roinnt éigin den phobal ar an intinn chéanna.

Maidir le tuairim na bPolannach ar an Aontas féin, díríodh an-aird ar líon na ndaoine a bhí sásta vóta a chaitheamh sna toghcháin don Pharlaimint Eorpach i Meitheamh na bliana seo caite: 20 faoin gcéad den lucht vótála.

Níor cheart smaoineamh, áfach, gur léiriú cruinn é seo ar mheon an phobail i leith an Aontais.

Cosúil le vótálaithe sna ballstáit eile, is ar éigean a thuigtear a dtiteann amach sa Bhruiséil.

Is amhlaidh go bhfuil Polannaigh breá sásta bheith ina saoránaigh den AE.

Is é is mó a thaitníonn leis na daoine óga ná na deiseanna taistil agus oibre atá acu - fiú muna gcaitear samhradh ag obair i Londain nó i mBaile Átha Cliath, is geall le suaimhneas intinne an tuiscint gurbh fhéidir a leithéid a dhéanamh gan dua.

D'fhéadfaí a rá gur mar sin a fhéachtar ar bhallraíocht den AE i gcoitinne: bua maith fiú muna mbaintear earraíocht as.

Bua a bhí tuillte ag Polannaigh le fada.