'Bain na slabhrai seo de mo chroi . . .'

 

An chéad amhrán a chuaigh i bhfeidhm i gceart orm ná Suantraí Bhrahms agus ní sa Ghearmáinis ná sa Bhéarla a bhí sé ach sa Ghaeilge ... "Suanmhar síothach go lá!" An éifeacht a bhíonn ag suantraí ar dhuine normálta ná fonn codlata a chur air.

Is amhlaidh a dhúisigh an suantraí úd mise bhíos chomh tógtha sin leis. Is minic ina dhiaidh sin agus mé ag éirí aníos go ndúrt liom féin: "Nár bhreá an rud é stór fairsing amhrán - móramhráin an domhain - a bheith againn sa Ghaeilge."

Ar ndóigh, cainteoir ó dhúchas, an tSiúr Celsus, a mhúin an leagan Gaeilge dúinn agus sinn inár dtachráin. Blianta fada ina dhiaidh sin, scríobhas dán dar teideal "Brahms" agus línte den suantraí fite tríd:

Bhainteá na bróga díot ag teacht isteach

ar eagla go ndúiseofaí an líon tí:

Suanmhar síothach go lá!

Ba rógaire thú i measc cailíní aimsire -

ach an bhean ab ansa leat -

measc na lilí ís na mbláth -

Clara, baintreach Schumann,

níor leagais uirthi lámh.

Chuiris olc ar do chairde

in Weimar, Hamburg agus Vín -

thitis amach leat féinig, ní foláir.

Go mbeirse, a stór, gan tuirse, gan bhrón!

Ar leabaidh do bháis

Chaoin tú uisce do chinn.

Bhí an t-ádh linn sa bhaile go raibh cnuasach breá ceirníní ag m'athair: snagcheol go leor de, Sydney Bechet, Duke Ellington, Oscar Peterson; ach bhí Mozart agus Bach againn chomh maith. Taitníonn Cantata Bach liom i gcónaí agus luathcheol eaglasta na hEorpa i gcoitinne agus bhí ceirnín againn de Shiobhán Nic Cionnaith agus dánta Yeats á n-aithris aici. Níl a fhios agam cé acu ceol is mó a chuaigh i bhfeidhm orm ag an am, ceol na filíochta - ceol Yeats - nó Mozart.

Sea, ach bhí ceol dorcha leis, i mbailiúchán m'athar - an gormtraí, leithéidí Ma Rainey agus Banríon na mBlues, Bessie Smith. Seans go rabhas pas beag ró-óg chun Bessie Smith a thuiscint i gceart; arís eile, an féidir an ceol a thuiscint?! Gabhann an ceol thar réimse na tuisceana, síos síos go bun an tobair, tobar na mothúchán, tobar na fulangtha.

Bessie Smith Ma Rainey Billie Holiday sin iad na mná a mhúin dom go raibh fulaingt ar an saol seo, briseadh croí agus éagóir. Blianta fada ina dhiaidh sin scríobhas dán do Bhillie Holiday: "Lady in Satin" (Ainnir i Sról) a thugtaí uirthi féin.

Má ba iad Bessie Smith, Billie Holiday agus Ma Rainey taobh dorcha uaigneach an anama, bhí sciatháin gheala an áthais ar Mhozart a thabharfadh chun na firmiminte thú, glan amach asat féin, i bhfad ón domhan braonach so. Ní éistim mórán le blues ná le jazz a thuilleadh.

Speictream an cheoil, éagsúlacht an cheoil is mó a chuir iontas orm agus mé óg: Bessie Smith agus Mozart, nach fada óna chéile iad ... ar shlí. Ar chuma éigin, i gcaitheamh mo shaoil, bhínn ag iarraidh seasamh sna bearnaí ollmhóra eatarthu, na bearnaí stíle agus cultúir abair. Aontacht a aimsiú san uigeacht iltréitheach.

Thuigeas chomh maith go raibh sé thar am agam blaiseadh de shaibhreas an cheoil Ghaelaigh. Is beag samhradh i mo dhéagóir dom nár chaitheas tréimhse i gcoláiste samhraidh. Ba mhinic an teanga, an ceol agus an tírghrá mar aon mhanglam amháin ansin againn agus ceann de na hamhráin is mó a bhfuil na tréithe sin ann go rábach - sárcheol, sárliricí, más maith leat ó agus an tírghrá ag coipeadh ann go séimh - ná "Bánchnoic Éireann". Thaitin leagan Skara Brae go seoigh liom. Shamhlaíos Útóipe éigin leis, Í Bhreasail ar lic an tairsigh.

Chaitheas cúpla tréimhse i mo dhéagóir dom i ndúthaigh m'athar, in Schleswig-Holstein, i dtuaisceart na Gearmáine. Bhí roinnt mhaith amhrán Gearmáinise agam ag an am, Die Lorelei, cuir i gcás, agus mar a tharlaíonn ní ó m'athair a fuaireas iad ach ar scoil chónaithe i gConate na Mí. (Bhí níos mó amhrán Gearmáinise foghlamtha agam i Rinn Mhic Gormáin ach gur chaitheadar amach mé).

An ghlúin óg a bhí ag éirí aníos sa Ghearmáin ag an am bhí a gcúl tugtha acu le Volkslieder na Gearmáine, lena gceol dúchais féin, agus iad ar fad ag éisteacht le AFN, American Forces Network in Germany. An dream a mbínnse ag crochadh thart leo in Neumünster, Ray Charles is mó a thaitin leo. Thaitin sé liomsa chomh maith, caithfidh mé a rá: "Bain na slabhraí seo de mo chroí..." Agus é chomh dall le Raiftearaí.

I gColáiste Charraig an Tobair dom sheinneas an dordveidhil sa cheolfhoireann. Ach ní raibh aon mhaith ionam. Bhí uncail liom sa Ghearmáin - nó "uncail" a ghlaos-sa air ach go háirithe - agus dordveidhleadóir den scoth ab ea é. Scríobhas dán faoi siúd leis. Pablo nó "Pao" Casals ina dhia beag aige.

Agus mé i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh, d'fhanas tamall in aontíos le boc darb ainm Roderick Cambpell. Bhí an-bhailiúchán leabhar agus ceirníní ag Roddy agus ba nós leis Carmina Burana le Carl Orff a sheinm chomh hard sin go gceapaim go bhfuil allaíre inniu air.

Fear Rennaisance ab ea é, spéis aige i ngach rud. Is uaidh a chuala mé trácht ar haiku an chéad lá agus féach go bhfuilim á chleachtadh gach lá ó shin.

Bhí rud amháin comónta eadrainn ó bhíomar beirt difriúil agus spéis againn beirt i gcultúir an Oirthir. Ba ag an am sin, leis, a chuala mé an shakuhachi an chéad uair, fliúit bhambú na Seapáine. D'fhoghlaimíos níos mó ó Roddy ná ó ollamh ollscoile ar bith.

Tá spéis agam i gcultúir an Oirthir i gcónaí agus cé go bhfuil an haiku an-tábhachtach i mo shaol, is é ceol na hIndia is mó a mheallann inniu mé, go háirithe an chantaireacht dhiaga.

Scríobhas dán don sitáraí, Ravi Shankar, agus bhreac ealaíontóir grafach, Michael Clarke, nach maireann, focail an dáin ar bhodhrán. Bhronnamar an bodhrán ar Ravi Shankar nuair a sheinn sé sa Cheoláras Náisiúnta roinnt blianta ó shin.

Ba é Ravi Shankar agus George Harrison a léirigh an t-albam Sacred Chants of India, albam a bhfuil fuinneamh neamhchoitianta ann.

Agus an bodhrán? Tá mac liom, Tristan, ina bhall den ghrúpa traidisúnta Téada. Is é an bodhránaí é.

Tá iníon liom, Héilean, pósta ar fhear ón Rómáin agus is uathu a fuaireas an t-albam Sfarsheet de Mileniu in satul Romanesc, "Deireadh na Mílaoise i Sráidbhaile sa Rómáin" - albam buile! Bíonn fonn orm éisteacht leis an chorruair a mbíonn ardú meanman de dhíth orm.

Ar ndóigh, bhí tionchar ag oirthear na hEorpa ar an ngrúpa Planxty agus cheannaigh iníon liom, Éabha, ticéid dúinn le haghaidh ateacht le chéile Planxty i mbliana. Sheinn Liam Óg "Caoineadh Staker Wallace".

Duine de na Buachaillí Bána ab ea Wallace - as mo cheantar féin in oirthear Luimnigh. Tá an caoineadh áirithe sin ar cheann d'fhoinn mhóra an domhain. É sin agus "The Wounded Huzzar" á sheinm ag Tony Mac Mahon, is achoimre ar fhulaingt an chine iad.

Deineann cumadóirí comhaimseartha ó leithéidí Frank Corcoran - iarracht ar an tocht céanna a chur abhaile orainn ach tugtar an chluas bhodhar do chumadóirí comhaimseartha, faraor.

Áit éigin, uair éigin idir Staker Wallace agus Frank Corcoran goineadh anam an Éireannaigh agus táimid fós ag lorg an leighis. An sa Mhongóil atá an leigheas?

Chonaic mé scannán le déanaí a bhí suite sa Mhongóil. Camall a thug searrach ar an saol agus níor gan dua an bhreith. Dhiúltaigh an mháthair bainne a thabhairt don searrach. Thriaileadar gach cleas uirthi ach ní raibh aon dáimh ag an máthair leis an óg tar éis ar tharla di agus í á thabhairt ar an saol. Chaillfí an searrach mura dtiocfaí ar réiteach ar an scéal.

Sa deireadh b'éigean fios a chur ar fhear an "veidhlín". Dia ár sábháil, thosnaigh sé ag seinm agus níorbh fhada go raibh deora leis an gcamal. Ní chreidfinn é murach go bhfaca mé le mo dhá shúil é; ag sileadh na ndeor a bhí sí. Bhí sí leigheasta ag an gceol, a dhuine, agus fuair an searrach lán a bhoilg de bhainne geal na lárach.

Dá gcloisfeá an bualadh bos a dhein an lucht féachana ag deireadh an scannáin. Ní fhaca a leithéid riamh i mBaile Átha Cliath ná in aon áit eile!

  • Leasú ar chaint a thug an t-údar ar BBC Raidió Uladh.