Anluain Imeacht an Iarla

 

Beocheist:Bliain chinniúnach i stair na hÉireann ab ea 1607. D'fhág Aodh Ó Néill, Iarla Thír Eoghain, agus Ruairí Ó Domhnaill, Iarla Thír Chonaill, agus suas le 100 duine eile in éindí leo baile beag Ráth Maoláin ar chósta Dhún na nGall ar long a bhí ag tabhairt aghaidh ar an Spáinn.

Imeacht na nIarlaí nó Teitheadh na nIarlaí mar a thugtar air freisin, léiriú is dócha ar chastacht an scéil. Cad a bhí taobh thiar de, cén cinneadh a bhí déanta acu nuair a d'fhágadar agus cad a tharla dóibh?

Pé acu ar turas taidhleoireachta nó ag seachaint glaoch a cuireadh ar Ó Néill go Londain nó imeacht mar nach bhféadfaidís glacadh leis an lagú a bhí tagtha ar a gcumhacht, ba thubaiste a bhfágáil. Tháinig leis deireadh le réim na nGael in Ulaidh, an ceantar ba Ghaelaí sa tír ag an am. Déanadh plandáil ansin ar sé chontae sa Tuaisceart.

Maidir leis na hIarlaí amuigh ar an bhfarraige, de bharr drochaimsire is sa Fhrainc a thánadar i dtír. Chaitheadar an Geimhreadh sa Lobháin, áit a raibh coláiste Éireannach nuabhunaithe ag na Proinsiasaigh.

D'fhan cuid acu ansin, chuaigh cuid acu in airm na Spáinne ach shroich Ó Néill agus Ó Domhnaill an Róimh in Earrach na bliana 1608. Is ann an bhliain chéanna, a bhásaigh Ó Domhnaill agus Ó Néill chomh maith sa bhliain 1616. Tádar curtha le chéile i Séipéal Proinsiasach Naomh Peadar i Montario sa Róimh. Cé go bhfuaireadar tearmann ar an mhór-roinn ní raibh aon chúnamh míleata ar fáil ann dóibh.

"Anocht is uaigneach Éire," líne as dán comhaimseartha, teideal Scoil Gheimhridh Merriman, ar an téama Imeacht na nIarlaí, i gCathair na Martan deireadh seachtaine seo. B'fhéidir go bhfreagrófaí ann cuid de na ceisteanna thuas.

Alt air seo geallta agam don Eagarthóir Gaeilge nuair a chuala mé go raibh an craoltóir Seán Mac Réamoinn, duine de bhunaitheoirí Chumann Merriman tar éis bás a fháil. Ní fhéadfainn gan tagairt a dhéanamh dó. (Guth sainiúil i m'óige i measc na nguthanna fir a thagadh ar an bhfón ag lorg m'athar agus gnó práinneach le plé.)

Fear chomh hilghnéitheach leis níor dheacair teacht ar cheangal idir é agus na hIarlaí. Nach ndeachaigh seisean chun na Róimhe chomh maith céanna leo? Deirtear liom, is ar éigean a bhíos tagtha ar an saol ag an am, go mbíodh tuairisc uaidh ar nuacht an tráthnóna ó gach seisiún den Dara Comhairle Vatacánach (1962-65).

Ina cholún seachtainiúil sa pháipéar seo, tar éis an chéad Scoil Merriman i 1968, scríobh Seán Ó Ríordáin, file: "Ní ag cáineadh na scoile ná Mac Réamoinn atáim nuair a deirim gurb ionann iad. Má thugann tú comharthaí sóirt na scoile seo fé ndeara is gearr go bhfeicfidh tú croiméal Mhac Réamoinn ag nochtadh chugat as an gceo.

"Bhí an scoil liotúrgach, avant garde, dochreite, ar chlé go teoiriciúil, súgach, croíúil, ilghnéitheach, teilifíseach, radioúil, meigiliotach, meigeallach, gramadúil, béarlach, leathghelach, eorpach, meiriceánach, sofaisticiúil (Roinn Gnóthaí Eachtracha), sláintiúil, Slán-tiúil, hanskungúil, quidnuncúil, johnhorganúil - in aon fhocal amháin macréamoinniúil. Cúis iontais a bhfuil de mhacaibh réamoinn cumtha aige. Ní bhfaighidh sé bás go labharfaidh sé leis féin ar an nguthán - neómat na fírinne."

Más fada a bhí sé ag teacht tháinig an nóiméad sin an tseachtain seo caite. Ag tagairt don scoil atá Ó Riordáin anseo ach go lá sochraide Mhic Réamoinn sheas an t-ionannú a rinne an file idir é agus scoil Merriman agus Mac Réamoinn: "Bhí an Status ann - bhí an tUachtarán agus an tEaspag agus filí an Bhéarla ann."

Deichniúr a labhair ag deireadh an Aifrinn agus a scéal geanúil grinn ag gach duine acu. Níor labhair an tUachtarán ná an tEaspag ach labhair an file Béarla.

Heaney in óstán in Arkansas, áit nach raibh súil ar bith aige go gcuirfí isteach air. Tagann glaoch ó Mhac Réamoinn ag iarraidh air dán a scríobh in onóir bhanphrionsa na Seapáine a bhí ag teacht go hÉirinn. "Ceart go leor," arsa Heaney "ach cathain a bheas sí ann ?"

"Faoi cheann dhá lá," arsa an guth ar an bhfón.

"Ach," arsa Heaney, "tá léachtaí le tabhairt agam."

"Céard faoi Haiku mar sin?" arsa Mac Réamoinn ag spreagadh an fhile, "creidim gur foirm ghearr í." Agus fuair sé a dhán.

Tá Cumann Merriman, agus réimsí fairsinge eile de shaol na tíre ar thug Seán a chroí agus a intleacht dóibh, anois agus a nIarla féin imithe uathu. Aireofar a imeacht.

Beidh Scoil Merriman ar siúl i gCathair na Mart, Co Mhaigh Eo, idir an Aoine agus an Domhnach. Eolas: www.merriman.ie