Allagar na mbusanna

 

A bus journey is a good way of seeing how today's Dubs interact, writes Micheál W Ó Murchú

Is nós liom le ceithre bliana nó mar sin úsáid a bhaint as córas taistil phoiblí. Téim i muinín an bhus nuair is mian liom dul isteach sa chathair. Níl DART againn, ní bheidh ná aon cheangal leis, agus oiriúnaíonn Bus Átha Cliath go breá dom den chuid is mó.

Tá tugtha faoi deara agam go léiríonn an lucht taistil iompar busúil. Sampla an-mhaith is ea an t-iompar seo den timpeallacht ag dul i bhfeidhm agus ag breith bua ar an duine.

Freagraíonn an lucht taistil le nósanna a chleachtaítear dá bharr.

Thar aon ní eile, is ainmhí sóisialta é an duine.

An tréith is mó a thagann chun solais, ámh, ná an easpa cumarsáide idir na comhthaistealaithe - gan grúpaí scoile, daltaí iasachta sa chathair chun Béarla a fhoghlaim ag spalpadh a dteanga dhúchais, nó lucht an bhusphas a bhac.

Neamhallagar an bhus d'fhéadfá a ghlaoch ar an nósmhaireacht seo. Daoine sáite ina smaointe, ina gcúraim, ina spéiseanna agus ina mothúcháin féin.

Is róchuma faoi bheannú don té taobh leat. Iad go dícheallach ag éisteacht le ceol, ag léamh leabhair, nuachtáin, tuairisce nó ag stánadh rompu amach.

An túisce is a phléascann an fón póca, ámh, seo leo in ard a gcinn is a nguthanna ag craobhscaoileadh do na taistealaithe ar fad thíos agus thuas staighre go bhfuil siad ar a mbealach go dtí an oifig.

Nó ar a mbealach abhaile um thráthnóna ar nós an uile thaistealaí eile ar bord.

Ritheann an smaoineamh liom go bhfuil siad ag freastal ar chúrsa cumarsáide i gcoláiste éigin. Iachall orthu cleachtadh a fháil, ar aon dul le Demosthenes na Gréige fadó, a nguthanna a theilgean go glórach.

Go hard os cionn bhuillí troma na farraige buile pé uair a fhaigheann siad an t-áiméar chuige a leithéid a dhéanamh go háirithe i gcomhchlos don phobal.

Lucht éisteachta gafa ar rothaí gan deis éalaithe acu. Uaireanta bíonn scéalta eile le clos.

An chonbharsáid fóin is déanaí a chuala mé ar an mbus, fuaireamar ar fad amach an t-airgead a chaith bean sna luath 20í ar bhaill éadaigh idir éadaí ar an taobh amuigh agus istigh. An tseirbhís a fuair sí sa siopa agus mionchuntais ar na siopaí éagsúla. Cianallagar busúil is ea a leithéid, is dócha.

Ó am go chéile, titeann eachtraí amach a thugann le fios nach bhfuil na seanchúirtéisí imithe scun scan.

Déagóir nó duine meánaosta ag bogadh as suíochán agus an spás á thabhairt do dhuine críonna. Seasann eachtra ar leith amach i mo chuimhne a bhaineann le bean chríonna ag taisteal ina haonar.

Shuigh an bhean taobh le fear dá comhaois agus thuigeas ón gcaint eatarthu nach raibh réamhaithne acu ar a chéile. Glandúchasaigh ba ea iad, B'leá Cliathaigh chruthanta.

Nuair a stop an bus shiúil an bhean go mall go dtí an doras, máchail éigin siúil uirthi. Níor fhéad sí an bus a fhágáil ar an ghnáthshlí. Bhí uirthi cúlú amach.

Rinne a comhaoiseach í a thionlacan go dtí an doras, chuaigh roimpi amach ar an tsráid agus dheimhnigh le lámh chúnta gur thuirling an bhean slán sábháilte. D'athbhordáil an fear an bus. Caimeo gleoite cúirtéiseach daonnachtúil.

Buann an bus go láidir ar an ghluaisteán, i mo thuairimse, don saghas seo taistil chathardha. Ní bhíonn a fhios agam riamh cad a bheidh romham nuair a théim ar bord, nó cén scéal le ribe inspéise a bheidh le clos go hócáidiúil ón chaint ar na fóin uilíocha úd.

Is aoibhinn liom seasamh ag stad an bhus - go háirithe nuair a ghluaiseann sé in am. Ag súil le léiriú beag eile a fháil ar an saol comhaimseartha cathardha.

B'fhéidir go bhfuil i ndán dom rud éigin tarraingteach a fhoghlaim faoi mhargaí éadaí fear lá éigin, fiú.

Neosfaidh an fón póca agus an t-allagar busúil le himeacht aimsire.