‘We must be doing somethin’ right to last two hundred years’
B’in a chanann an carachtar Haven Hamilton (an t-aisteoir Henry Gibson) ag tús an scannáin Nashville, a stiúraigh Robert Altman agus a eisíodh i Stáit Aontaithe Mheiriceá i Meitheamh 1975, bliain sula ndearna an tír sin ceiliúradh ar an 200 bliain ó Fhorógra na Saoirse.
Is amhránaí é Hamilton a bhfuil tionchar agus cumhacht aige i gcroílár an cheoil tíre agus tá an scannán bunaithe ar a chuid iarrachtaí slógadh a reáchtáil ar mhaithe le Hal Philip Walker atá ina iarrthóir i dtoghchán na huachtaránachta ar son an Replacement Party, páirtí pobalach.
Is dóigh nach léiríonn an líne thuas an t-uafás muiníne sna Stáit Aontaithe agus ar feadh dhá uair is ceathracha nóiméad ní thriaileann Altman a mhalairt a chur ina luí ar an mbreathnóir.
READ MORE
Amhránaithe agus ceoltóirí – cuid acu atá cáiliúil agus cuid eile atá tagtha go Nashville ar thóir na cáile – atá i roinnt de na 24 phríomhcharactar. Thart orthu tá dream atá ag baint úsáid, ar bhealaí éagsúla, as lucht an cheoil.
Éiríonn le Altman scéalta na bpearsana uilig a fhí le chéile agus bíonn a bhformhór acu i láthair ag an slógadh don iarrthóir Walker. Piléar a scaoiltear as raidhfil ag an slógadh céanna a chuireann críoch leis an scannán.
Fís eipice de Mheiriceá a thug Pauline Kael ar Nashville ina léirmheas sa New Yorker ag an am.
Tá bagairt an fhoréigin i bhfad níos treise sa scannán Taxi Driver, a scríobh Paul Shrader is a stiúraigh Martin Scorsese, agus a eisíodh i Meiriceá i Feabhra 1976, cúig mhí roimh cheiliúra an 200 bliain.
Tá tamall caite ag an bpríomhcharactar Travis Bickle (Robert De Niro) sna Marines agus é fostaithe anois mar thiománaí tacsaí i Nua-Eabhrac. Toisc go bhfuil deacrachtaí aige codladh, bíonn sé ag iarraidh obair i rith na hoíche. Téann na heachtraí a thugann sé faoi ndeara ina thacsaí agus ar shráideanna na cathrach i bhfeidhm air.
Tugann Bickle aird faoi leith ar fheachtas atá ar bun leis an Seanadóir Daonlathach Charles Palantine a thoghadh mar uachtarán. “We are the people,” an mana atá ag Palantine ach níl sé soiléir sa scannán cén dearcadh go díreach atá ag Bickle i leith an iarrthóra.
De réir a chéile titeann Bickle isteach in umar na haimléise agus is le gníomh foréigneach a chríochnaíonn an scannán.
Ní raibh Taxi Driver ach dhá mhí i bpictiúrlanna SAM nuair a cuireadh amach All the Presidents Men in Aibreán 1976. Ní haon pholaiteoir ficseanúil atá sa scannán seo ach Richard Nixon ar cuireadh críoch dhrámatúil lena dhara téarma mar uachtarán
In 2026, tá na stiúideonna céanna i dtrioblóid agus iad faoi bhagairt ag seirbhísí sruthaithe agus ag an Intleacht Shaorga, i measc rudaí eile.
nuair ab éigean dó éirí as oifig i Lúnasa 1974 mar gheall ar scannal Watergate.
Ba í obair dhíograiseach na n-iriseoirí Bob Woodward (Robert Redford) agus Carl Bernstein (Dustin Hoffman) don Washington Post a chniog Nixon sa deireadh, agus cuireann an stiúrthóir Alan J Pakula an obair sin os ár gcomhair go mion agus go héifeactúil.
Bhí an chaimiléireacht, an chomhcheilg agus an pharanóia fite fuaite in uachtaránacht Nixon agus bhí sin soiléir i scannáin eile na linne. Agus is cinnte go raibh a rian fágtha ag feallmharú John Fitzgerald Kennedy, Robert Kennedy agus Martin Luther King ar mheon na Meiriceánach, chomh maith. Dhá bhliain roimh All The Presidents Men, rinne Pakula The Parallax View faoi thuairisceoir nuachtáin atá ag fiosrú feallmharú seanadóra agus na bainte atá ag an Parallax Corp. leis.
Bliain i ndiaidh bliana, ó tháinig Nixon i gcumhacht in 1969 go dtí deireadh na seachtóidí, ní raibh fuacht ná faitíos ar mhórscannánóirí caimiléireacht is paranóia na tréimhse úd a léiriú ar an scáileán mór. Amhras faoi mhacántacht na n-údarás a spreag agus a bhí mar ábhar ag cuid de na cinn is fearr.
In Aibreán 1974 eisíodh The Conversation, scríofa agus stiúrtha ag Francis Ford Coppola, faoi Harry Gaul (Gene Hackman) a shaothraíonn a chuid ag taifeadadh comhráití agus gaireas cúléisteachta in úsáid aige. Díríonn an scannán ar na himpleachtaí a bhaineann le comhrá amháin a chloiseann Harry. Is beag pictiúr a léiríonn an pharanóia ar bhealach chomh cumasach.
Bhí na sárscannáin ag teacht go tréan faoin am sin agus ar an 20 Meitheamh 1974 cuireadh scannán cumhachtach dodhearmadta eile, le Jack Nicholson sa bpríomhphaírt, ar scáileáin mhóra Mheiriceá.
In Chinatown, a stiúraigh Roman Polanski agus a scríobh Robert Towne, déanann an bleachtaire Jake Gittes (Nicholson) iarracht dul i ngleic le caimiléireacht atá mar bhunús le ganntanas uisce in Los Angeles na 1930idí.
I suirbhé a rinne an iris Sight & Sound in 2022 inar iarradh ar 480 stiúrthóir timpeall na cruinne na scannáin is fearr leo a roghnú, roinn The Conversation agus Chinatown an 72ú háit. Bhí Taxi Driver sa 12ú háit.
Ach tá scannáin eile le Coppola a bhfuil a n-áiteacha tuillte acu gar do bharr an liosta sin. Sa 26ú háit tá The Godfather II, a tháinig amach mí na Nollag 1974. Tá Apocalypse Now, ón mbliain 1979, faoin gcogadh i Vítneam san 18ú háit. Ach, leis féin, sa tríú háit ar an liosta tá The Godfather, 1972.
Sa leabhar Easy Riders, Raging Bulls, tugann an t-údar Peter Biskind léargas ar an aois órga seo ina raibh na stiúrthóirí is cumasaí sna Stáit i mbarr a réime. An meath a tháinig ar an gcumhacht a bhí ag stiúideonna móra Hollywood, a bhí ann ó na 1920idí, bhí sé sin ar cheann de na cúiseanna leis an ré órga seo, dar le Biskind.
In 2026, tá na stiúideonna céanna i dtrioblóid agus iad faoi bhagairt ag seirbhísí sruthaithe agus ag an Intleacht Shaorga, i measc rudaí eile. Faoi láthair tá Paramount i mbun an phróisis le táthcheangal a dhéanamh ar Warner Bros. Tá imní ar lucht na scannánaíochta faoi seo ar chúiseanna go leor.
Is iad Warner Bros. a rinne One Battle After Another, scannán a tharraing neart cainte agus a thuill moladh ó na criticí. Is saothar é, a deirtear linn, a thugann léargas éigin ar an saol i Stáit Aontaithe Mheiriceá sa lá atá inniu ann. Ach ní fhéadfaí a rá go bhfuil aon rud caolchúiseach faoi; ní gá léamh idir na línte le teachtaireacht an scannáin a thuiscint.
Bhain One Battle After Another gradam Oscar amach don Scannán is Fearr níos luaithe i mbliana agus bronnadh an Oscar don Stiúrthóir is Fearr ar Paul Thomas Anderson.
I measc na scannán is mó a thaitníonn le Anderson, de réir liosta fada atá ar an suíomh MUBI, tá Nashville, Taxi Driver agus The Conversation.
Ní dóigh go mbeadh aon duine, fiú Paul Thomas Anderson é féin a bhfuil saothar d’ardchaighdeán déanta aige, ag maíomh go bhfuil One Battle After Another ar aon dul leis na scannáin a rinne Altman, Scorsese, Pakula, Coppola ná Polanski caoga bliain ó shin.
Má tá cúrsaí polaitíochta na Stát Aontaithe i gcruachás anois, níl tionscal scannánaíochta na tíre in ann dó. Tá ag teip air, den chuid is mó, dul i ngleic leis an tsáinn sin ar an scáileán airgid.
Marvel Cinematic Universe, aon duine?
Foclóir:
caimiléireacht - corruption/fraud
feallmharú - assassination
cúléisteachta - eavesdropping/surveillance
táthcheangal - merger
caolchúiseach - subtle
slógadh - rally/mobilisation
dodhearmadta - unforgettable
ganntanas - scarcity/shortage
cruachás - crisis/predicament














