Foclóir: Lorg- impression; samhlaíocht – imagination; iomrá – reputation; cruatan – hardship; Conradh na Talún – Land League; Ganntanas – shortage; gearrscéalta – short stories; riar – administration; bollán eibhir - granite boulder.
Duine é an scríbhneoir Liam Ó Flaithearta a bhí siúlach agus a bhí scéalach. Cé nár foilsíodh ach an t-aon leabhar amháin Gaeilge leis i gcaitheamh a shaoil, d’fhág a shaothar lorg a phinn agus a shamhlaíochta ar litríocht na Gaeilge agus an Bhéarla.
Bhí nós na siúlóide agus na scéalaíochta go tréan ina dheartháir Tomás (1890-1936) chomh maith agus cé nach bhfuil sé chomh mór céanna faoi iomrá, scríbhneoir den scoth a bhí ann freisin.
Réabhlóidithe ba ea iad, agus bheadh baint acu níos déanaí le bunú páirtithe cumannacha in Éirinn agus i Meiriceá.
Scríobhadar i nGaeilge agus i mBéarla. Ba ghné shuntasach i saothar na beirte cás na ngnáthdhaoine, cruatan an tsaoil, agus an cumann idir na daoine agus an dúlra.
Déanfar ceiliúradh ar Liam (1896-1984) agus ar Thomás agus tabharfar a gcuid saothar chun cuimhne i bhFéile na bhFlaitheartach 2023, a reáchtálfar ar Inis Mór, 26/27 Lúnasa.
Bhí Liam ar an naoú duine clainne ag Maidhc agus a bhean Margaret Ganly nuair a rugadh é ar 28 Lúnasa 1896. Ar 30 Nollaig, sé bliana roimhe sin, in 1890 a rugadh Tomás.
Is i nGort na gCapall, a n-áit dúchais ar Inis Mór, a fuair siad greim i dtosach ar an tslat radacach sin a thomhaisfeadh an saol dóibh.
Dar leis an údar, an Dr Éamon Ó Ciosáin, atá ina chathaoirleach ar Chumann Liam agus Thomáis Uí Fhlaithearta agus a chuir bailiúchán scéalta Thomáis in eagar sa leabhar An Bhrachlainn Mhór (2019), ba ar Inis Mór is mó a fuaireadar an léamh radacach sin a bhí acu ar an saol.
“Is cinnte go mba ea,” a dúirt sé le Tuarascáil.
“Bhí corrdhuine i gcónaí a sheasadh in aghaidh údaráis agus in aghaidh na cléire in Árainn,” a dúirt sé.
“Fuair siad é go cinnte óna n-athair Mícheál, nó Maidhc, mar a tugadh air.”
Bhí Maidhc bainteach le Conradh na Talún, agus chaith sé tréimhse sa phríosún de bharr a chuid agóidíochta.
Ach bhí duine eile ar Inis Mór a d’imir tionchar ar an mbeirt - an máistir scoile, Dáithí Ó Ceallacháin.
Tháinig Ó Ceallacháin go scoil Fhearann an Choirce in Árainn in 1885. Ní raibh Gaeilge aige nuair a tháinig sé, ach d’fhoghlaim sé í, agus thosaigh sé dá múineadh freisin.
“Poblachtach den eite chlé a bhí in Ó Ceallacháin,” a dúirt Ó Ciosáin.
Thug Liam agus Tomás “an-aitheantas” dó ó thaobh na smaointeoireachta agus na hoiliúna a chuir sé orthu.
Deirtear go bhfuil an máistir scoile sa leabhar Skerrett, a d’fhoilsigh Liam in 1932, bunaithe go scaoilte ar Ó Ceallacháin.
Mar a tharla sa scéal Skerrett, d’éirigh aighneas idir Ó Ceallacháin agus an chléir.
I gcás Uí Cheallacháin, dhiúltaigh sé d’ordú an tsagairt gan duine muinteartha le clann ar leith ar an oileán a ligean isteach sa scoil. Rinne an sagart iarracht é a bhriseadh as a phost dá bharr.
“Bhí corr fhrithchléireach in Árainn,” a dúirt Ó Ciosáin.
“Bhí snáth nó gluaisteachtaí neamhspleácha polaitiúla ann, mar atá i gConamara i gcónaí,” a dúirt sé.
“Cuid den traidisiún céanna é sin sílim, a théann siar sa naoú haois déag ó thaobh pholaitíocht na talún. Nuair a meascadh náisiunachas thús an chéid isteach leis, bhí meascán láidir ann ó thaobh tionchair pholaitiúil ar an mbeirt dheartháir agus iad ag fás aníos.”
Cuireadh oideachas ar Liam i Rockwell College i Luimneach agus i gColáiste na Carraige Duibhe i mBaile Átha Cliath. Chaith sé tréimhse i gColáiste na hOllscoile agus seal ina ábhar sagairt.
Bhí sé bainteach le hÓglaigh na hÉireann go dtí gur liostáil sé in arm Shasana le linn an Chéad Chogadh Domhanda.
Goineadh in Langemarck sa Bheilg é in 1917 nuair a phléasc sliogán taobh leis, agus chaith sé tréimhsí in ospidéil éagsúla agus támhnéal agus cathshuaitheadh ag goilliúint air.
Ar fhilleadh dó go Éirinn, bhí baint aige le bunú Pháirtí Cumannach na hÉireann agus in 1922 thóg seisean agus buíon 200 fear seilbh ar an Rotunda i mBÁC mar agóid in aghaidh na dífhostaíochta.
Chrochadar an brat dearg ar an láthair ach theip ar an agóid tar éis roinnt laethanta.
Ghlac Liam páirt sa Chogadh Cathartha ar thaobh na poblachta ach d’fhág sé an tír go luath ina dhiaidh sin.
Cé nach raibh ganntanas ábhair air, níor scríobh Liam Ó Flaithearta mórán i nGaeilge le hais an mhéid a scríobh sé i mBéarla.
Ar nós go leor scríbhneoirí eile Gaeilge lena linn, thug sé dílseacht do na hidéil ba shiocair le gluaiseacht na saoirse in Éirinn. Ach go luath théis bhunú an tSaorstáit, ba léir dó go raibh na hidéil céanna sin nach mór tréigthe.
Bhí dóchas ag an ghlúin sin de scríbhneoirí na Gaeilge go mbeadh níos mó den rath orthu faoin riar nua.
“Sa mhéid agus go raibh Liam Ó Flaithearta, Pádraig Ó Conaire agus Seosamh Mac Grianna ag súil leis an méid a bhí á rá ag an Saorstát faoin nGaeilge,” a dúirt Ó Ciosáin.
“Bhíodar ag súil go mbeadh siad in ann slí bheatha nó ar a laghad roinnt airgid a shaothrú ar a gcuid scríbhneoireachta.”
Is léir gur ghoil an chinsireacht agus titim amach a tharla idir é agus Conradh na Gaeilge ar an bhFlaitheartach.
“Cuireadh in aghaidh scéalta Liam a bheith á gcur i gcló.”
“Níor réitigh na Flathartaithe go maith le struchtúir údaráis,” a dúirt Ó Ciosáin.
“Cuir i gcás an scéal Teangmháil agus an scéal eile faoin gcailín nocht istigh sa linn ar an gcladach [An Scáthán]. Is cinnte nach rachaidís sin i gcló sna fichidí de réir chaighdeán na linne sin,” a dúirt sé.
Idir na blianta 1924-1925 agus 1946-52 a rinne Liam a chuid scríbhneoireacht Ghaeilge. Má bhí Dúil, a foilsíodh in 1953, ar an t-aon leabhar Gaeilge a d’fhoilsigh sé, ba iomaí leabhar eile leis a foilsíodh i mBéarla.
Tá The Informer, a rinne John Ford scannán de in 1935, Skerrett agus Famine ar na cinn is mó cáile.
Ach cé go raibh sé ar seachrán óna theanga dhúchais ar feadh na mblianta fada, ní raibh a rian sin le feiceáil ar na scéalta a chnuasaigh Ó Flaithearta sa leabhar Dúil.
Cosúlachtaí
Feiceann an Dr Ó Ciosáin cosúlachtaí idir na deartháireacha ina gcuid saothar.
“Bhí an-chumas teanga acu. Bhí an tréith sin ó thaobh stíle agus soiléireachta ina gcuid scríbhneoireachta iontach cumhachtach.”
“Cruatan an tsaoil agus an dúlra – an dá théama mór. Tá an léargas céanna acu. Tá níos mó grinn agus spraoi ag baint le Tomás ar bhealach, tá sé rud beag níos éadroime.”
“Tá teanga an-bhreá, an-dúchasach, an-bhríomhar ag Tomás ina chuid scéalta.”
“Ó thaobh an Bhéarla, tá [Liam] thar a bheith tábhachtach - arís ó thaobh téama an dúlra sna gearrscéalta agus tá go leor den saothar suite go láidir i gcúlra stairiúil.”
“Leanann na húrscéalta stair na hÉireann. Scríobh sé faoi aimsir Chogadh na Saoirse agus an tSaorstáit. Tá an-léargas le fáil sna leabhair ag Liam ar an tréimhse sin, agus léargas an-chriticiúil, caithfidh mé a rá.”
Cé go nglactar leis go bhfuil saothar Liam Uí Fhlaithearta ar chuid de shaothar is iomráití ón fichiú haois, tá baol ann i gcónaí go ligfear i ndearmad é.
“Sin é an fáth go bhfuil an cumann ann - le níos mó airde a tharraingt air. Cé go n-aithnítear a chuid scríbhneoireachta, níl sé ar na cúrsaí [oideachais scoile] a thuilleadh - i mBéarla ná i nGaeilge - agus tá go leor de na leabhair Bhéarla as cló.”
“Imeoidh sé ó radharc mura léitear é, agus mura mbíonn sé ar chúrsaí, nó mura ndéantar athfhoilsiú air agus é a chur os comhair an phobail.
“Is chuige sin atá muide ann.”
Reáchtálfar an t-aonú féile déag d’Fhéile na bhFlaitheartach ar Inis Mór ag an deireadh seachtaine.
Beidh taispeántas grianghraif agus léacht leis an scríbhneoir Mícheál Ó Conghaile i measc na himeachtaí. Tá imeacht eile bunaithe ar scéal Liam Uí Fhlaithearta ‘Cloch Nirt’ a reáchtálfar ar chosán idir Gort na gCapall agus Port Bhéal an Dúin - ag suíomh chloch nirt ar a dtugtar ‘An Mullán’.
“Beidh fear láidir ag teacht agus tá ráflaí cloiste againn go bhfuil daoine eile chun triail ar an ócáid leis an chloch seo a chrochadh chomh maith,” a dúirt Ó Ciosáin.
Déanfar píosa cainte faoin traidisiún ársa a bhaineann le crochadh cloiche agus ardóidh David Keohane an mullán - bollán eibhir 173kg.
Breis eolais: facebook.com/OFlahertySociety/ nó liamandtomoflahsoc@gmail.com