I bhfábhar an ilshainchreidmheachas

University Observer: Le linn na díospóireachta ar fad faoi ról na hEaglaise in san oideachas feictear ar buntáistí an ilshaincreidmheachas san oideachas

Tá mórán díospóireachta faoi láthair i dtaobh an ról atá ag an eaglais i gcúrsaí scoile agus i gcúrsaí oideachais agus ceangailte le seo tá an díospóireacht ar an ábhar ar cheart an creideamh a bheith mar chuid den curaclam scoile. 

Bunaíodh mórán de hinstitiúidí oideachais na tíre seo faoi cheannas na hEaglaise Caitliceach agus Protastúnach, is trí mná rialta, sagairt agus manaigh a tháinig an oideachas comh maith le múinteoirí ón stát. Is ar talamh na hEaglaise don chuid is mó a thógadh na scoileanna seo i dtús báire bhí aidhm acu éiteas creidmheach a mhúineadh.

Le blianta beaga anuas, le scannail na heaglaise agus athrú i gcomhdhéanamh an tsochaí, tá gluaiseacht ann i bhfábhar an nasc idir an Eaglais agus an oideachas a bhriseadh, comh maith le aon blúire den chreideamh in aonchor.

Tá an argóint ann nár cheart go mbeadh an creideamh brúite anuas ar dhaoine, ba cheart go mbeadh an cinneadh ag an duine iad féin, scéil ná go bhfuil tábhacht ar leith bainteach leis eolas ar creidimh, go háirithe i sochaí ina bhfuil éagsúlacht mhór creidimh ann.

Is é atá i gceist leis an ilshainchreidmheachas ná an oideachas a thabhairt ar mórán creideamh, na sé creidimh is mó ach go háirithe, agus gan tús áite a thabhairt do aon ceann dóibh. Caithfear cuimhnigh nach í an rud céanna reiligiún a bheith ar an curaclam scoile agus an siollabas céad comaoineach a mhúineadh nó an rogha go mbeadh an oideachas neamh shainchreideamhach.

Leis an chuid eile den alt seo a léamh, lean an nasc seo a leanas: http://on.irishtimes.com/XFJ1coc