Féile na Samhna

A chara, – Déanaim tagairt don alt iontach le hÉanna Ó Caollaí, Dé Luain 26 Deireadh Fómhair faoi nósanna agus thraidisiúin na Samhna (“Púcaí, piseoga, cleasaíocht agus diabhlaíocht”), Tuarascáil, 26 Deireadh Fómhair. Is fada ó léigh mé alt chomh breá agus chomh suimiúil leis. Is foinse eolais den scoth é ar Fhéile na Samhna agus ar an draíocht agus an mhistéir a bhain léi tráth agus a bhaineann fós i saol na hÉireann.

Chomh maith leis sin, is alt dea-scríofa é atá soléite agus sothuigthe don ghnáthléitheoir Gaeilge. Tréaslaím leis é. – Is mise,

MÍCHEÁL Ó RUAIRC,

Baile Átha Cliath 15.