Gradam idirnáisiúnta aistriúcháin buaite ag bean Bhaile Átha Cliath

Míreanna: Maeve Walsh as Ardscoil Loreto, Baile Átha Cliath, a bhain craobh na hÉireann sa chomórtas bliantúil aistriúcháin …

Míreanna:Maeve Walsh as Ardscoil Loreto, Baile Átha Cliath, a bhain craobh na hÉireann sa chomórtas bliantúil aistriúcháin de chuid Choimisiún na hEorpa, Juvenes Translatores nó "Aistritheoirí Óga".

D’aistrigh Walsh aon leathanach amháin ó Ghaeilge go Béarla agus mheas na breithiúna gurbh é a haistriúchán an ceann ab fhearr as an 12 scoil Éireannach a bhí sa chomórtas.

Beidh Walsh ag dul chun na Bruiséile le bualadh leis an choimisinéir atá freagrach as ilteangachas, Androulla Vassiliou, agus le haistritheoirí an choimisiúin.

Dúirt Vassiliou gurbh iontach an bealach é le foghlaim teangacha agus an t-aistriúchán mar ghairm bheatha a chur chun cinn.

READ MORE

“Beart de réir Briathair”

“Beart de réir Briathair” an téama a bheidh ag Tóstal na Gaeilge 2013.

Beidh an tóstal ar siúl in Óstán Hilton, Plás Charlemont, Baile Átha Cliath, Dé Sathairn 16ú Feabhra idir 9.30am agus 5pm.

Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge atá i mbun an lae agus pléifear beartais an Rialtais i leith na Gaeilge i mbliana.

“Ag Tógáil Clainne Trí Ghaeilge” an teideal a bheidh ar an chéad seisiún le Feargal Ó Cuilinn, ceannasaí Comhluadar; Dr Brian Ó Curnáin, saineolaí ar chanúineolaíocht agus socheolaíocht na Gaeilge le hInstitiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath; Aoife Ní Shéagha, Léachtóir sa Phleanáil Teanga ar Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, agus Sorcha Ní Chéilleachair, cathaoirleach Thuismitheoirí na Gaeltachta (Conamara).

Léireoidh siad a gcuid tuairimí faoi na deacrachtaí agus faoi na dúshláin atá ann an teanga a thabhairt ó ghlúin go glúin.

“An Ghaeltacht in 2013” a bheidh faoi chaibidil sa dara seisiún maidine.

Beidh dhá sheisiún ann tráthnóna: “Tionchar Bheartais an Rialtais ar an nGaeilge” agus “Freagrachtaí na Stát i leith thodhchaí na teanga”.

Eolas: 01-6794780 nó eolas@gaelport.com

Foilseofar cnuasach nua dátheangach filíochta le Liam Ó Muirthile go luath.

An Fuíoll Feá: Rogha Dánta/Wood Cuttings: New and Selected Poems (Cois Life) is ainm don leabhar úr agus is é an chéad uair é go raibh rogha théagartha de dhánta an fhile le fáil i nGaeilge agus i mBéarla.

Gabriel Rosenstock a d’aistrigh an chuid ba mhó de na dánta go Béarla agus tá 600 leathanach mar thoradh ar obair na beirte.

Seolfar An Fuíoll Feá: Rogha Dánta san Eaglais Úinitéireach, Faiche Stiabhna, Baile Átha Cliath, Dé hAoine, 8ú Feabhra, ag 7pm.

Léifidh Ó Muirthile a chuid dánta féin agus beidh ceol le Peter Browne, Caoimhín Ó Raghallaigh agus Iarla Ó Lionáird. Cathal Póirtéir a bheas ina fhear an tí.