Ar son na teanga

Beocheist: Bhí toghchán i Land Schleswig-Holstein na Gearmáine le déanaí

Beocheist: Bhí toghchán i Land Schleswig-Holstein na Gearmáine le déanaí. Tá an SPD, páirtí Gerhard Schröder, i réim ann le fada, i gcomhrialtas leis an bpáirtí Glas. Níor éirigh leis an gcomhrialtas móramh a bhaint amach an babhta seo.

Ach níor éirigh le lucht an fhreasúra, an CDU, móramh a fháil ach oiread agus tá cóimheá na cumhachta ag Cumann Toghdóirí Dheisceart Schleswig (an SSW), páirtí beag a sheasann do mhionlaigh teanga na Danmhargaise agus na Freaslainnise i Schleswig-Holstein.

Ba le Rí na Danmhairge an réigiún le fada go dtí gur bhain na Prúisigh de é i gcogadh sa bhliain 1866.

Agus an chéad chogadh domhanda caillte ag na Gearmánaigh, bheartaigh Conradh na Náisiún ar dheis a thabhairt do mhuintir Schleswig-Holstein a shocrú cé acu ab fhearr leo bheith sa Danmhairg nó sa Ghearmáin.

READ MORE

Theastaigh ó lucht na Danmhargaise i dtuaisceart an réigiúin dul leis an Danmhairg agus theastaigh ó lucht na Gearmáinise sa deisceart fanacht sa Ghearmáin. Deineadh críochdheighilt dá réir i 1920.

Sa lá atá inniu ann, tá an chuid Ghearmánach ina Land (stát) i bPoblacht Chónaidhmeach na Gearmáine faoin ainm Schleswig-Holstein.

Mar sin féin, fágadh cuid mhaith de lucht na Danmhargaise ar an taobh Gearmánach den teorainn. Meastar go bhfuil 50,000 díobh ann. Ní hamháin sin, ach tá mionlach teanga eile ina gcónaí ann: na Freaslannaigh. Teanga Ghearmánach is ea an Fhreaslainnis atá éagsúil go leor ón Ghearmáinis.

Tá a gcultúr féin ag na Freaslannaigh, agus tá "Gaeltachtaí" díobh ann ní hamháin i Schleswig-Holstein ach i stát eile, Niedersachsen, agus san Ísiltír freisin. Tá an teanga tréan san Olainn; is beag di a labhartar i Niedersachsen. Meastar go bhfuil 50,000 Freaslannach i Schleswig-Holstein, ar an mhór-thír agus ar na hoileáin sa Mhuir Thuaidh, agus an Fhreaslainnis ag timpeall 10,000 díobh anois.

Tá an SSW ag feidhmiú mar pháirtí polaitíochta réigiúnach i Land Schleswig-Holstein ón aimsir iarchogaidh i leith.

I dtús báire, ba pháirtí cuíosach seineafóbach é a chuir in aghaidh teifeach ó Oirthear na Gearmáine a bhí ag lonnú i Schleswig-Holstein, toisc an dream nua bheith ag cur isteach ar sheanchultúr na háite.

Ach le roinnt blianta anuas is páirtí an-liobrálach é. Seasann sé don dá mhionlach teanga araon, lucht na Danmhargaise agus lucht na Freaslainnise. Tá ionadaíocht bainte amach acu ar leibhéal an rialtais áitiúil, agus go dtí seo bhí triúr ionadaí acu i bparlaimint Schleswig-Holstein.

Is mór an íoróin í nach bhfuair an SSW ach beirt ionadaí sa toghchán seo. Mar níl seans ag aon cheann de na páirtithe móra móramh a fháil gan iad.

Sin an fáth go bhfuil próifíl ard nua ag an SSW na laethanta seo, agus go bhfuil lucht polaitíochta agus lucht na meán ar fud na Gearmáine ag cur suime iontu.

Éilíonn an SSW níos mó den dátheangachas - ó fhógraí poiblí go seirbhísí stáit; níos mó de na teangacha mionlaigh ar an teilifís; tacaíocht d'institiúidí cultúir na mionlach cosúil le leabharlanna; stádas oifigiúil, ar comhchéim leis na scoileanna poiblí, do na scoileanna Danmhargaise, agus níos mó de na teangacha mionlaigh bheith á múineadh sna scoileanna uile.

Sin iad na polasaithe a mbeifeá ag súil leo ó pháirtí mionlaigh teanga. Ach tá polasaithe ag an SSW freisin, go mórmhór chun staid eacnamaíochta an tuaiscirt (áit a bhfuil na mionlaigh lonnaithe) a fheabhsú. Agus tá siad ar son na dteifeach agus na n-inimirceach anois.

Is é is dóichí go mbeidh seans maith ag an SSW an méid atá á éileamh acu a chur i gcrích amach anseo. Tá siad díreach tar éis margadh a dhéanamh leis an SPD agus leis an pháirtí Glas: leanfaidh an seanchomhrialtas ar aghaidh, ach anois beidh sé ina rialtas mionlaigh ag brath ar thacaíocht ón SSW.

Ní raibh próifíl ná cumhacht polaitíochta ag mionlaigh teanga sa Ghearmáin go dtí seo. Ach ba chóir go gcuirfeadh mionlaigh teanga i dtíortha eile suim sa scéal seo freisin agus dhá chúis leis sin.

Ar an gcéad dul síos, is féidir le dhá mhionlach teanga obair as lámh a chéile chun a gcuspóirí éagsúla féin a chur i gcrích.

Ina theannta sin, is féidir le mionlaigh teanga difear polaitíochta a dhéanamh nuair nach mbíonn móramh ag aon cheann de na páirtithe móra agus iad ag dul i muinín comhrialtais don gcuid is mó.