Luachanna na hEorpa

Is lánait go mbeadh eagla ar an Eoraip roimh ilchríocha eile

Scrúdaíonn Seansailéir na Gearmáine Friedrich Merz (clé) agus Príomh-Aire na Slóivéine Robert Golob buíon mhílteata ag an Seansailéireacht i mBeirlín na Gearmáine ar an Aoine seo caite. Grianghraf: EPA
Scrúdaíonn Seansailéir na Gearmáine Friedrich Merz (clé) agus Príomh-Aire na Slóivéine Robert Golob buíon mhílteata ag an Seansailéireacht i mBeirlín na Gearmáine ar an Aoine seo caite. Grianghraf: EPA

Is minic sinn ag caint ar luachanna na hEorpa (ní mise, mar a tharlaíonn) amhail is gur luachanna iad nach foláir a chosaint ar son an chirt agus na daonnachta. Is mór an baol dúinn anoir thar mhachairí na steipeanna, maítear, ina bhfuil oidhrí Genghis Khan réidh ullamh le gluaiseacht ar a gcapaill iarainn chugainn d’fhonn uafáis gan áireamh a imirt orainn. É seo, gan trácht ar an mbarbaracht bhuí ar an taobh eile den domhan a bhfuil cúigiú colún acu ina mbialanna abhus agus nach bhfuil uathu ach gaoth an fhocail chun na comhlaí daonna a oscailt agus sinn a bhá.

Is minic mé buíoch ar mo leaba bhog san oíche gur éirigh linn Saddam Hussein a stop sula raibh caoi aige na hairm ollscriostacha a scaoileadh chugainn agus gan rabhadh cúig nóiméad déag féin againn sula ndéanfaí smionagar de chathracha na hEorpa. Is mó fós a bhíos faoi chomaoin ag na Meiriceánaigh a chuir stad le ruathar Vítneam ar a gconcas Cumannach domhanda leathchéad bliain ó shin, mar is beag duine anois a bheadh sásta agus gan ach Vítneaimis ina bhéal.

Is lánait liom go mbeadh mór-roinn ar nós na hEorpa sceimhlithe chomh mór sin roimh ilchríocha eile nuair is dóichí go mór go ndéanfaimisne ionsaí orthu siúd seachas a mhalairt eile timpeall. Go deimhin daingean agus mé ag tochas mo chinn i ndoircheacht na maidne tá ag teip orm smaoineamh ar an uair dheireanach gur dhein tír neamhEorpach ionsaí orainn anoir nó aneas, óir is beag an baol go mbeadh namhaid ag teacht chugainn aduaidh nó aniar. Tá seans gur dócha go bhféadfaí cumhacht eachtrannach a thabhairt ar an impireacht Otamánach, ach ina dhiaidh sin is san Eoraip a bhí a príomhchathair.

Rith na drochsmaointe seo liom agus dán fada leis an scríbhneoir Francach Laurent Gaudé agam á léamh le déanaí. Seachnaím go leor de litríocht na Fraince de ghnáth ar chúiseanna míchuibheasacha claonta biogóideacha toisc go raibh tráth ann go bhfuaireas lán mo bhoilg agus sás calctha m’intinne ar a bheith in abar an ghlae a sholáthraigh úrscéalaithe áirithe dom, abraimis, Nathalie Sarraute, Alain Robbe-Grillet, Michel Bator agus a gcompánaithe. Is fíor go bhfuil teacht aniar áirithe braite agam le suim bhlianta anuas le hEmmanuel Carrére, Éric Vuillard, agus d’áireoinn Laurent Gaudé mar aon leo. Chuige sin a tharraingíos chugam Nous, l’Europe banquet des peoples, dán fada ar cuma nó úrscéal ar stair na hilchríche atá ann.

Éamh dóchais atá ann gur féidir leis na náisiúin seo go léir teacht le chéile agus aghaidh a thabhairt ar a bhfuil rompu go misniúil faoi shíocháin. Tá admhálach gur thug tionscnamh an chomhmhargaidh, an chomhphobail agus an aontais síocháin, fág gur dóichí gurb é an scrios agus an t-uafás agus an bharbaracht a d’imir tíortha na mór-roinne ar a chéile a d’fhág róthuirseach, róthnáite, róspíonta go héag iad a leithéid a dhéanamh arís go ceann i bhfad.

Mar sin féin, ní cheileann sé an aimsir chaite, agus tá an scríbhneoireacht beo le meafair is le híomhánna a bhaineann geit asat. Chaith mianadóirí a mbeatha i bputóga na talún ionas go bhfeicfeadh daoine eile an solas. Aon chasachtach mhór ba ea Ypres, Moloch óige na hEorpa, iad ag dul don bhás ar fhearann nach dtabharfadh ar ais iad. An fichiú haois, aois na luaithrí is na simnéithe, aois na ndaoine a chaithfeadh tosnú arís gan finnéithe. Mias mhór ba ea an Afraic as ar ghoideamar gach a raibh uainn. Agus an foláireamh, go bhfuil an plainéad ag fáil bháis de dheasca ár ngoile gan teorainn.

Aisteach go leor, ar chúis éigin, braithim fós gur mó an baol an Eoraip don chuid eile den domhan ná a athrach ar ais.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar